THALL IS ABHUS
Konichiwa mar atá tú?
Maitiú de Hál Maitiú de Hál Maitiú de Hál

Ar mhaith leat tabhairt faoi fhoghlaim na Seapáinise? Tá Maitiú de Hál ag teagasc na Gaeilge i SAM i mbliana agus mar chuid den chlár Fulbright, déanfaidh sé stáidéar ar ábhair sa choláiste ina mbíonn sé ag teagasc. Cúrsa Seapáinise a bhí idir lámha aige an tséimhse seo.

Íomhá
Coláiste na Leamhán
Íomhá
An t-údar lena chomhoide, Síó Tánaca
Íomhá
Foghlaim lae
Íomhá
Roinnt Kanji
Íomhá
Lámhleabhar na Seapáinise
Íomhá
Katakana

Tá mé ag obair sna Stáit i mbliana. Tá mé ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Elms in Iarthar Massachussets mar chuid den chlár Fulbright, Cúntóirí Múineadh Teangacha Iasachta. Bíonn múinteoirí as na ceithre hairde ag teacht go Meiriceá chun a dteangacha féin a theagasc. Tá múinteoir teanga eile, Síó Tánaca as an tSeapáin, i mo chuideachta anseo. Rinne Síó stáidéar ar an Ghaeilge sa chéad séimshe. I rith na séimhse seo, chun cothrom na Féinne a thabhairt dí agus mo bhuíochas a ghabháil léi as a crogacht i mo rangsa, chuir mé m’ainm síos don chúrsa Seapáinise.

Is Fusa a Rá ná a Scríobh!

Tá an cúpla focal againn uilig; Júdó, súisí, agus oragámaí. Is cuimhin liom go maith an uair dheiridh a raibh Éire ag imirt i gCorn an Domhain (2002 monuar!) go raibh na meáin chraolta is cló breac le beannachtaí ar nós Konichiwa agus Sayonara. Bhí lúcháir orm go mbeadh sé de dheis agam cur leis an mhéid teorannta seo roimh dheireadh na scoilbhliana.

Is minic a chuirtear an cheist orm anseo ‘An bhfuil an Ghaeilge deacair a fhoghlaim.’ Is gnách go dtugaim freagra orthu ar nós ‘Tá an Béarla ar cheann de na teangacha is deacra ar Domhain. Má chuireann tú an t-am is an obair isteach, ní bheidh stró ar bith ort.’ Tuigim, áfach caidé atá i gceist nuair a fhiafraíonn siad faoi dheacracht teanga a fhoghlaim agus leoga bíonn deacrachtaí ag baint le gach teanga a fhoghlaim. É sin ráite, ní raibh foghlaim na Seapáinise leath chomh deacair is a shíl mé go mbeadh sí. Ó thaobh comhréire agus fuaimeanna de, bíonn sé furasta go leor dul i ngleic leis an teanga labhartha. Bíonn an chopail (ar nós ‘Is’ agus ‘ba’ sa Ghaeilge) ann agus cuirtear í ag deireadh na habairte mar shampla ‘Seán desu’ (Is mise Seán.) Ní chaithfidh tú ‘mé’ a lua (watashi wa Seán desu) mar glactar leis gur fút féin atá tú a labhairt. Tugtar le fios an dúil atá ag an tír seo san íostachas.

あいうえお! - Á, Í, Ú, É, Ó!

Ó thaobh na foghraíochta de, níl mórán stró ann mar níl aon fhuaim úr le foghlaim. Is minic a dhéantar tagairt don deacracht a bhíonn ag an Seapánach le fuaimeanna R agus L. Tarlaíonn seo ar an ábhar nach bhfuil dhá fhuaim éagsúla sa tSeapáinis do R agus L agus is doiligh mar sin, don chainteoir Seapánaise an dá fhuaim a chluinstean, a dhealú lena chéile ná a fhuaimniú.

D’fhoghlaim muid fuaimeanna na teanga tríd an aibitír hireagánach. Is aibítir shiollach é. Is é sin le rá go bhfuil comhartha ann do gach siolla ab fheidir a rá sa tSeapáinis, mar shampla, an bia iomráiteach Súisí すし. Tá dhá litir don dá shiolla. Leanann an aibítir seo creatlach na ngutaí seo a leanas; á, ú, í, é, ó. Ansin, tagann cá, cú, cí, cé, có agus ar aghaidh is ar aghaidh.

Bainfear feidhm as an chóras seo i dtús barra agus is í an chéad aibítir a bhíonn le foghlaim ag daltaí scoile. Bhí sé cosúil le bheith i do ghasúr scoile ag déanamh iarrachta na litreacha úra a scríobh. Bhí muid cromtha thar an leathanach ag scríobh go faichilleach ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an mhéid a bhí scríofa thuas ar an chlár.

Tá aibítir Cheansaí ann fosta a thug na Sínigh isteach leo na céadta blianta ó shin. Tá thart ar dhá mhíle comhartha ann. Níl aon bhaint ag na comharthaí seo le foghraíocht. Baineann said le brí an fhocail. Ní bhíonn orainne an córas casta seo a fhoghlaim buíochas le Dia! In éineacht leis an Hireagánach, bíonn muid ag úsáid an Romaji, aibítir Rómhánach atá ann chun fuaimeanna na Seapáinise a mhíniú do lucht foghlamtha, ‘Sayonara’ cuirim i gcás, agus a leithéid eile.

ハンバーガー Hám-á-bá-gá

Tá córas siollach eile ann, an aibítir Chatacánach. Déantar an aibítir seo as línte díreacha. Tá an méid céanna litreacha san aibítir Chatacánach is atá san aibítir Hireagánach ach úsáidtear d’fhocail iasachta amháin í, fágaim, ハンバーガー (Hám-á-bá-gá) (borgaire) nó ainmneacha iasachta, cuir i gcás, ヨハネ(John.)

Bhi ionadh orm an oiread sin focal iasachta a fheiceáil sa tSeapáinis. Chun an fhirinne a dhéanamh, bhí áthas orm iad a fheiceáil, mar is minic a chluintear an dream frith-Ghaelach ag cáineadh na Gaeilge ar an ábhar go bhfuil focail atá cosúil leis an Bhéarla sa Ghaeilge ar nós ‘teilifís’ srl. Is an-suimiúil go deo é an dóigh a ghlacann pobal teanga le focail agus a mhúnlaíonn said na focail sin lena bhfuaimeanna dúchais féin. Bhí muid ag foghlaim faoi chúrsaí éadaí ar na mallaibh agus d’fhoghlaim muid focail ar nós “nekutaiu” (carabhat) agus “íruringu” (fáinní cluasa.) Mar atá le feiceáil anseo, tá nós ag na Seapánaigh guta a chur idir gach consan ar an ábhar nach dtagann consain le chéile ina dteanga féin.

Teanga ar Leith

In ainneoin na bhfocal nua-aimseartha ón choigríoch, is teanga aonárach í an tSeapáinis. Dar leis an teangeolaí Seapánach, Haruhiko Kindaichi, níl aon teanga ar dhomhan cosúil léi. Tá teoiricí ann a mholann go bhfuil gaol idir an tSeapáinis agus an Chóiréis, rud nach bhfuil deimhnithe go fóill. Bhí an tSeapáin ina tír iargúlta go leor agus níor ionsaíodh í ariamh go dtí an Dara Chogadh Domhanda. Bhí tionchar mór ag an iargúltacht seo, ní hamháin ar a dteanga, ach ar chéannacht na Seapánach fosta. Tá béasaí, meas agus stádus sóisialta mar chrainn taca don teanga seo. Níl aon fhocal ar leith do dheartháirdeirfiúr ach tá focail ann don deartháir níos sine is níos óige agus an deirfiúr níos sine is níos óige araon mar go léirítear stádas i measc na clainne leo. Bíonn beannachtaí, geáitsíochtaí agus nathanna cainte ann chun an stádas seo a léiriú. Nuair a bhíonn tú ag caint fút féin, tá foirmeacha éagsúla ann chun do stádas sóisialta a chur in iúl. Más fear thú agus tá tú ag caint le do chairde nó leis na ‘hísle’ - an chosmhuintir - glaofaidh tú ‘Ore’ ort féin. Tá leagan níos béasaí ann, ‘Boku’ agus arís, is iad na fir amháin a déarfas é seo. Bhéarfaidh tú ‘Watashi’ ort féin má bhíonn tú ag caint le daoine nach bhfuil aithne agat orthu agus tá inscne neodrach ag an cheann seo. Is é ‘Watakushai’ an fhoirm is measúla.

Thug an cúrsa seo léargas domh ar theanga agus ar shaíocht na Seapáine. Saol eile ar fad atá ann. Tá mé fiosrach faoin tír álainn seo atá ag fulaingt go trom faoi láthair. Ba bhreá liom cuairt a thabhairt ar an taobh sin lá éigin agus cá bhfios nach dtabharfaidh go fóill ach an chruatain airgeadais seo a chur dínn idir seo agus sin!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as Tír Chonaill é Maitiú de Hál agus tá sé ag obair sna Stáit Aontaithe i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.