CÚINNE NA nEALAÍON
Kino – an Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

Cuireann Pat Butler tús an mhí seo le dearcadh isteach ar shaol na físe ar fud an tsaoil mhóir. Tugann Pat é féin míniú ag tús an ailt ar a mbeidh á chíoradh ann.

Íomhá
Lina Leandersson
Íomhá
Blackeberg le taobh Stockholm, ionad an scéil
Íomhá
Lule i dtuaisceart na Sualainne, ionad na scannánaíochta

Seo an chéad eagrán sa tsraith nua ‘Kino – an Cineama Domhanda’ ina mbeidh saol fairsing na ceallalóide, mar a bhí, agus an domhan mór digiteach, mar atá, á chogaint agam. Beidh Nuacht, Léirmheasanna, Féilte, Céad Oícheantaí, seáp sé nó seachránAr an Seitó am go chéile, de réir mar a oireann siad don gcolún. Fáiltím roimh comhfhreagras gonta, ar aon ábhar scannánúil is ansa leat. Tá teacht orm ag Pat.Butler@beo.ie.

Léirmheas na Míosa

Let the Right One In’ (2008)

Kare Hadebrant OskarLina Leandersson EliPer Ragner Hakan

Johan Soderqvist CeolHotye van Hoytem Ceamara

Tomas Alfredson Stiúrthóir

Suite i mbruachbhaile suarach i Stockholm sna luathochtóidí, is scéal fíorshímplí ar shlí amháin é ‘Let the Right One In’ faoi bhuachaill óg dhá bhliain déag a thiteann i ngrá leis an chailín nua a bhogann isteach béal dorais. Bheul, ar bhealach...!

Is aonarach é Oskar. Cleachtaíonn a chompánaigh scoile maistíneacht leanúnach air. Mac aonair le lánúin a scar lena chéile. É ina eiteán mothálach eatarthu. Feicimid a scáil ar dtús, i ngloine na fuinneoige. Sin samhail an choimhthiúcháin fada siar i stair na scannánaíochta - Dustin Hoffman i dtús ‘The Graduate’, mar shampla. Is léir ar shuaracht an bhruachbhaile gur théaltaigh an dóchas as an áit seo i bhfad siar. Buailtear amach an pointe sin le ceol clagarnach Johan Soderqvist. Chruthaigh an fear céanna fuaimrian a chasann ón sceon go dtí an liriciúlacht, de réir mar is gá, le héascaíocht mháistriúil. Agus cad faoi phictiúir ghránna Hoyte Van Hoytem, máistir an éadóchais, an débhrí, agus na rómánsaíochta, de réir mar a oireann.

Arís trí ghloine, feiceann Oskar óg Eli is a ‘hathair’ ag bogadh isteach san árasán béal dorais faoi choim oíche. Dá luaithe istigh iad, clúdaíonn an t-athair na fuinneoga le cartchlár. Réalachas sóisialta na Sualainne, cheapfá, gan aon agó. Ach cad chuige na dallóga, agus cad a bheidh ar siúl sa seomra dorcha sin? Seans gur léiriú, b’fhéidir, ar theip spioradálta na brionglóide móire sóisialaí atá sa scannán seo. Umbaist, mar a tharlaionn, ní hea – bíodh is gur fothéamaí iad seo uilig sa bhfinscéal draíochtúil seo. Ceangail bhúr gcriosanna tárrthála, a cháirde, faoi choinne thuras samhlaíochtúil go béal Ifrinn, agus ar ais!

Más gnáthlead iontach íogair, cúthalach é Oskar, is beag atá gnách faoi Eli, an cailín óg andraigíneach béal dorais. Conas san? Bheul, gan oiread agus fiacail a chur sa mhíniú, is Vaimpír í. Súmaire fola dhá bhliain déag d’aois agus is é Hakan, fear a thugann aire di, an giolla fola a chaithfeas soláthar di. I miotaseolaíocht an genre, i nDracula na scannán ach go háirithe, sé Hakan ‘Renfield’ Eli.

Ní bheidh sé seo mar a síltear

Cuir uait aon tuairim nach aon ní ach cith fola atá i ‘Let the Right One In’, nó gur athinsint bhréan den tseanfhoirmle atá arís anseo, nó gur scannán dúshaothraithe gan fiúntas é. A mhalairt san uilig is fíor.

Seo scéal a fhiosraíonn aonaracht, scoiteacht agus coimhthíos an dream atá ar an imeall. Scannán a chuireann an dubh ina gheal is an geal ina dhubh agus an liath go tiubh tréanphailéad sin. Scannán faoi vaimpír chomhaimseartha, a chuireann gach gné den genre traidisiúnta san áireamh leis. Scannán a cheiliúrann grá an teacht in inmnhe chomh maith. Scannán a fhiosraíonn téamaí míchompórdacha na beatha - aonaracht, an coimhthíos, an grá agus sléacht, i dtaca le soineantacht agus a cailliúint. Scannán a chuireann i gcuimhne dúinn nach bhfuil aon dul as ag vaimpír ach daoine a mharú, d’fhonn go mairfidís féin. Cé acu is measa mar pheacach - an té a dhúnmharaíonn chun a bheatha féin a choiméad, nó an té a dhúnmharaíonn ar aon chúis eile? Faoi stiúir shiúrálta an léiritheora Tomas Alfredson, cruthaítear domhan nach mbíonn aon rud riamh ann mar a shamhlaítear dúinn ar dtús é.

Más dian ort an braon fola – nó an galún fola sa chás seo - fan glan arLet the Right One In’, ach caillfidh tú ceann de na haislingí ceallalóíde samhlaíochtúla is úire agus is dúshlánaí ar camchuairt faoi láthair. Caillfidh tú leis, i dtaispeántais Kare Hedebrand (Oskar), agus Lina Leandersson (Eli), léiriú fíneálta ar ghrá an teacht in aois a fhanann dochomhlíonaithe. Seo é an léiriú a bhrisfidh do chroí.

Nuair a bhuaileann siad le chéile don chéad uair, deir Eli le Oskar - ‘Just so you know, I can’t be your friend’. An chéad uair eile, agus í amuigh i lár an gheimhridh gan ach muinchillí gearra á chaitheamh aici – ‘I’ve forgotten how to be cold’. Níos déanaí isteach sa scéal, nuair nach bhfuil a fhios fós ag Oskar gur vaimpír í - ‘If I wasn’t a girl would you still like me anyway?’ Agus iad beirt ina luí ar leaba le chéile, ise croíbhriste tar éis di fear a mharú d’fhonn go mairfeadh sí féin, eisean i ndólás na maistíneachta is déanaí a imríodh ar scoil air – ‘’I’m not a girl. Do you still like me?’ Agus freagraíonn Oskar ‘I guess so’.

Cneas le cneas gan tairbhe as

Téann sé dian orainn breathnú ar an mbearna dolíonta eatarthu. Is í a ngnáthaonaracht a thugann slánú agus iomlánú don mbeirt, agus tré chumhacht shlánaithe na healaíne, slánaítear sinne - an lucht féachana - ar deireadh.

Más mór duit ‘Nosferatu’, le F.W. Murnau (1922), nó an bealach inar láimhseáil Werner Herzog an scéal le Klaus Kinksi i ‘Nosferatu the Vampyre’ (1979), nó leagan E. Elias Merhige agus John Malkovich, ‘Shadow of the Vampire’ (2000), ní gá aon gríosadh uaimse chun tú a sheoladh chuig éacht úr bunúil Alfredson. Ach fiú más dona leat an genre, ba cheart trial a bhaint as an gceann seo. Tabhair seans do Oskar agus Eli dul i bhfeidhm ort sara ndeineann Hollywood praiseach den athleagan. Athleagan atá, is cosúil, ar na bacáin cheana féin.

Breithiúnas **

Ar Ór na Cruinne ná Caill......

‘Il Divo’ le Paulo Sorrentino, sárshaothar ar phearsain is ar pholaitíocht an Pháirtí Daonlathach Críostaí san Iodáil. Is fiú na leads seo a leanas a ghúgláil roimhré chun léarscáil na bpríomhcharachtar san eachtraíocht a bhreith leat: Giulio Andreotti; Aldo Mori; Paulo Pomicino; Vittorio Spardella; Franco Evangelisti agus an Cairdinéal Fiorenzo Angelini.

Breithiúnas *

Rogha na nDVD’s

Ós rud é gurb é Sorrentino laoch na míosa seo, is fiú go mór an dá scannán eile a léirigh sé, ‘The Consequences of Love’ (2004) agus ‘The Family Friend’ (2006) a chur ar an ndrisiúr, compánaigh bhreátha leapan ag feitheamh le ‘Il Divo’.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.