CÚINNE NA nEALAÍON
Kino – an cineama domhanda ‘This Must Be the Place’, le Paolo Sorrentino
Pat Butler Pat Butler

Glacann Pat Butler le cur chuigedraoi na síorghluaiseachta’, Sorrentino, agus molann sé dúinn é a fheiceáil.

Íomhá
An scannán
Íomhá
'Mary' - Eve Hewson
Íomhá
Robin Wright &Seán Penn
(le Attit Patel ar Vicipéid)
Íomhá
Seán Penn
(le Seher Sikandar, Rehes Creative, ar Vicipéid)

“I didn’t talk to my father in 30 years. I don’t know the first thing about him.”

Tá Cheyenne - ollréalta glamrac na n-ochtóidí - ar teitheadh óna cháil is ó thaibhsí mhothúchán na ciontachta. Tá sé báite i linn a leadráin féinig, ar fánaíocht i mBleá Cliath na náideanna, rollaire siopadóireachta de shíor lena chois. Gotach meánaosta milliúnaí, cónaí air lena bhean (Frances McDormund) i dTeach Chill an Ridire, áitreabh Iarla na Mí, mar atá, ar imeall Bhrí Chualann. Tá tost tríocha bliain idir an racréalta leanbaí is an Giudach athar, atá anois ag saothrú an bháis i Meiriceá.

“Did you know about the Holocaust?” – Sealgaire gairmiúil Neatsaithe
“In a general sort of way” (Cheyenne)
“And your father? Did you know about your father?”
“In a general sort of way.”

Is mó ná greann dubh é scannán Sorrentino. Agus ní hiad iníon Bono, Eve Hewson, ná Kerry Condon, Tiobradach mná, an t-aon bheirt Éireannach ar fhoireann Sorrentino. Tugann Simon Delaney athchuairt ar an ‘leadachas’ a chruthaigh sé i ‘mBachelor’s Walk’, agus tá cónaí ar straoill mná (Olwen Fouéré), máthair Eve Hewson i dtigh beag bardais fá scáth Staid an Aviva. Agus cad faoi vignette sotalach Ross MacMahon - amhránaí ceannais an racghrúpa óig Éireannaigh ‘The Pieces of Shit’(sic) a iarrann ar an sean-racréalta Cheyenne (Seán Penn) díolaim a léiriú dóibh.

’Sé Sorrentino draoi na síorghluaiseachta. Rinceann an Aviva agus na tithe bardais béal dorais i mbaclainneacha magúla a chéile. ‘Out of discord flows the greatest harmony,’ adúirt Heraclitus, saoi Eifeasas tráth. Níl léiritheoir níos fearr ná Sorrentino ann chun seat a chruthú. Táim fós faoi gheasa a chuid pictiúr agus cumas a chuid peannaireachta.

Cheyenne – “My father is dying and I haven’t flown in thirty years.”
A Bhean - “Fear of flying isn’t your only problem.”

Cuireann Cheyenne chun farraige.

Diachair an Athar

Ar shroichint Nua-Eabhrac dó, tá corpán an athar os cionn cláir. Deis an athmhuintearais caillte, glacann Cheyenne seilbh ar dhiachair an athar. Téann sé sa tóir ar iargharda Auschwitz a náirigh a athair sa champa fadó. Tugann an tóraíocht ‘road movie’ Meiriceánach do Sorrentino agus an ról is suimiúla le fada an lá do Seán Penn.

“Why didn’t you talk to your father?”
“He didn’t love me.”

Tá an scannán breac le teilgin chainte dá leithéid. Beacht, gonta, léargasach. Cuirtear siar ar na sála sinn arís is arís eile. Murach peannaireacht ghéarchúiseach Sorrentino agus scil Penn, ní dóigh liom go ngéillfinn gan troid do chonsaeit an scannáin – racréalta spíonta sa tóir ar Neatsaí. Chuas go fonnmhar, áfach, le cealú an díchreidimh. Fuair Sorrentino an ceann is fearr orm agus siúd de léim isteach sa scannán liom. Ligeas dó seilbh a ghlacadh orm.

“Are you trying to find yourself, or something?” (a bhean, Frances McDormand, in Éirinn)
“I’m in New Mexico, not India.”

shantaíonn Cheyenne grá an athar, sin cneasú nach dtagann. An dtiocfaidh eochair éalaithe a chruacháis féin as an tóraíocht? An ligfear spiorad an athar chun suain?

Ná lig do Cheyenne an dallmullóg a chur ort lena thuin monotónach. Más Ozzie Osbourne ar an mall-luas é, lúide na heascainí, ach le gruaig, feisteas, dreachadh súl agus beol Robert ‘The Cure’ Smith, níl ansin ach creatlach fisiciúil an charachtair. Tá leanbh ilchasta i bhfolach fán smidiú. Foilsíonn Sorrentino an carachtar céim ar chéim. Taistealaíonn an lucht féachana sa suíochán paisnéara leis ar bhóithrí intíre na gcoillte cúil, agus suímid lena thaobh i gcábáin suaracha na móstán bréan, gan de shócúlacht againn ach caochaíl Obama agus Palin ón teilifíseán sa chúinne.

Asarlaíocht Iodálaigh

Glacann Sorrentino seilbh ar chaint, mores agus zeitgeist Bhleá Cliath na náideanna agus Meiriceá na gcoillte cúil. Ní mór, déarfainn, líon na gcainteoirí dúchais Iodálaise a bheadh chomh cluas-siúrálta iontu féin go mbéarfaidís dialóg dhá chultúr choimhthíoch chomh fírinneach sin leo. Mar an gcéanna leis na suíomhanna, gan trácht ar na pearsain ildánacha a thugann an t-asarlaí Iodálach chun beatha dúinn ar dhá thaobh an Atlantaigh.

Tuigtear do Cheyenne, ag coirm cheoil de chuid David Byrne, cé chomh mór is a ghoill teip ghrá an athar air, agus an t-anamghortú a chuir deireadh obann lena chuid ceoil féin. Ní suaimhneas anama go gníomh a scaoileas amach an grá.

“Then, during the Inferno, we too, from the other side of the wire, we too, looked at the snow, and at God.”

Glac uaim é, beidh an denouement i Meiriceá á n-iompar abhaile leat nuair a múchfar na teidil chreidiúna dheiridh, agus beidh na dúcheisteanna a ardaítear ina ábhar coganta agat go ceann tamaill ina dhiaidh.

Tagaim le téis Sorrentino - níl leigheas ar an anamreo ach trí ghníomhú an íobartaigh féin, beart a scaoileann cumhacht cneasaithe an ghrá. Más ábhar tromchúiseach é sin, tá idir ghreann agus éadroime ina láimhseáil.

Croch suas an ceann seo, agus ná tugaigí aon cheann do lucht a cháinte.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.