CÚINNE NA nEALAÍON
Kinoan Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

David O. Russell, fear an scannáin American Hustle, in ann a léamh féin ar an saol a thabhairt chun soiléire go healaíonta dar le Pat Butler. Greanndráma cliste inmholta atá ann.

American Hustle, le David O. Russell

Éist anseo leis an alt á léamh ag Caitríona Budhlaeir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí í Caitríona.

Irving………………………Christian Bale
Sydney……………………Amy Adams
Agent DiMaso…………Bradley Cooper
Rosalyn………………….Jennifer Lawrence
Carmine Polito……….Jeremy Renner
Victor Tellegrio……….Robert de Niro

minic a chuirtear scéinséir fán ár mbráid a shásaíonn lucht Cineplex agus Arthouse san aon tseáp amháin. Ba nós le Hitchcock a leithéidRear Window’ (1954), ‘Vertigo’ (1958), ‘North by Northwest’ (1959), agusPsycho’ (1960). ChuirfinnThe Usual Suspects’, (1995), scannán camsheifte agus chuirfinn Bryan Singer san áireamh céanna freisin. Bíodh’s gur éirigh níos fearr leis mar shaothar ealaíne seachas mar ghléas mór díolta ticéad, is cosúil.

Ansin, ar an gcéad Eanáir 2014, tagannAmerican Hustle’ aniar aduaidh orainn. Ligtear ocsaigín na beatha isteach arís i scámhóga contrárthacha an shaghas scannán agus dhá phobal éagsúil Cineplex agus Arthouse.

’Sí Rosalyn (Jennifer Lawrence), bean Irving (Christian Bale) ‘the apostle of passive-aggressive karate’ - a chur síos siúd uirthi. Is faide cabhair an doras don mbeirt sin, shílfeá. Ach is cuid de ghléas scaoilte an scéil anbítear’ sin a shíltear a bheith fíor, nuair is minicí don fhírinne bréagriocht a chur uirthi féin ó am go chéile. hionann i gcónaí an cófra is a lucht.

Stail Fir, Rachmasóir Groí

deirim gur aon Hitchcock Haneke Kiarostami é David O. Russell, an a cheap is a chumAmerican Hustle’. haon Sorrentino, Almodóvar ach an oiread é. Ach is féidir a go bhfuil a léamh féin ar an saol aige, agus neart scileanna chun an léamh sin a shoilsiú.

Thiteas i ngrá leAmerican Hustle’ ón chéad amharc ina bhfuil Irving (Christian Bale) liobarnach sa ról seo agus maoile ar a bhaithis. anchíor-thairis á socrú aige! Nua-Eabhrach, 1978. Anois Duke Ellington ar an Hi-Fi ag cóisir Sydney (Amy Adams). Bean nach gcreideann a thuilleadh i ngaois sheanchaite a hinscne, an bhréagbhrionglóid thraidisiúntamair, a láir Mheiriceánaigh, agus gheobhair stail fir de rachmasóir groí.

Castar ar an gcóisir ansin uirthi fear a raibh luan áirithe leis, fear a bhí socair ann féin. Is mór ag an mbeirt acu Duke Ellington. An chéad splanc.

V/O Sydney –‘He was who he washe didn’t care….
V/O Irving (ag rince léi) ‘There’s a boldness to her dancing. But where would that take me? I was about to find out…..

Fear é seo a bhfuil slabhra de Neachtlanna Tirime aige! Agus feisteas fairsing d’éadaí galánta i dtaisce aige, gan trácht ar ghúnaí faiseanta - stuif nár tháinig éinne ar ais chun iad a bhailiú. Is rómhaith a thuigeann gur biata iad siúd do bhean bhriste atáar an tarraingt. Coiméadann sise ar théad érud a mhéadaíonn as cuimse an craos ann di

V/O eisean –‘She read Cosmopolitan, she was smart, she knew Duke Ellington….you feel that she understands what nobody else gets....I felt I could be myself……

Níl fhios aici fós go bhfuil bean agus páiste sa bhaile aige, gur camsheifteoir gairmiúil na mbréagshaothar ealaíne é. Irving ag titim i ngrá le Sydney a thógfadh sin air? Dhéanfadh biata blasta chuid cliantaí, ach í a thabhairt isteach i rún na ceirde leis. N’fheadair , áfach, an gcaillfeadh í, luaithe a thuigeann an scéal?

Chaill, ach tháinig ar ais. Agus nárbh iadsan an bheirt a bhí oilte go maith i ndíol na mbréagshaothair ealaíne dóibh siúd ar lagchoinsias agus ar farasbarr airgid.

Irving, i dteannta le Sydney anois (le client, mar mhíniú ar dhualfhoinse* (provenance) an phíosa – ‘It’s missing from Spain, let’s leave it at that.

Ciú cliant nua (Bradley Cooper) – fear dea-chumtha le gruaig cas chuid féin aige. Cuirtear an cat ceart i measc colúr na lánúna. Gníomhaire diMaso (FBI), dáiríre, atá ann. Briseann seisean seift cham na beirte, agus cuireann iachall orthu camscéimoifigiúil’ a chur i gcrích. Bheadh ardscileanna ár gcáirde anois mar eochair siúd chuncoiriúlacht na mbónaí mbána a sháinniú’. Seo Meiriceá 1978, Meiriceá an fhíréanta a bhris amach tar éis blianta caimiléireachta Nixon. Fear le misean is ea DiMaso. A sprioc? Méara Camden New Jerseyagus scata polaiteoirí eile a cheap DiMaso a bheith ar an bpócaíocht.

Scuab Éatrom an Stiúrthóra

Is éatrom, aiclí lionsa Russell ón tús. Scéal grinn aigneolaíoch atá déanta aige, scannán an chomhchaidrimh.

Titeann Sydney i ngrá le DiMaso - an dtiteann? – nuair a neosann Irving di nach féidir leisdeisceabal an passive-aggressive karati’ de mhnaoi atá aige (Jennifer Lawrence) a thréigint toisc nach rómhaith a bheadh in ann aire a thabhairt di féin. Ach in earnáil seo na scáileanna is an chur i gcéill, ag seiftiú, nach bhfuil; cad fíor, cad bréagach? bhfios dúinn na freagraí, agus an cuma le héinne na ceisteanna sa chéad dul síos?

In ainneoin ghnás an genre agus clisteacht an uisce faoi thalamh, thiomáintearAmerican Hustle’ tríothu siúd a imirt orainn - an rud is annamh is iontach. Is í macántacht na scríbhneoireachta agus scuab éatrom an stiúrthóra a thiomáineann an scéal seo. Greanndráma a chaitheann fíorsholas ar indreach casta aigneolaíoch an duine, scannán den scoth.

Muna bhfeiceann ach an scannán i mbliana, bíodh seo ar an dara ceann. fhéadfainn frithnimh níos fearr a mholadh dóibh siúd atá ag iarraidh teacht chucu féin arís tar éis smísteáil mhothálach príomhscannán na bliana ,‘12 Years a Slave’, ábhar cogantaKino’ na míosa seo caite.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.