CÚINNE NA nEALAÍON
Kino – an cineama domhanda
Pat Butler Pat Butler

Níl fuíoll molta fágtha ag Pat Butler ar scannán nua Steve Mc Queen, scannán atá bunaithe ar scéal fíor sclábhaíochta a tharraingeoidh deoir faoin tsúil as an gcroí is cranda.

Íomhá
Saol an tsó, 12 Years a Slave
Íomhá
Fassbender & Chiwetel Ejiofor
Íomhá
Steve Mc Queen i mbun oibre ar Twelve Years a Slave
Íomhá
Bileog an scannáin 12 Years a Slave
Íomhá
Mar William Ford, Benedict Cumberbatch
Íomhá
Bagairt i lár na hoíche

12 Years a Slave’, le Steve Mc Queen

Éist anseo leis an alt á léamh ag Caitríona Budhlaeir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí í Caitríona.

seal Steve Mc Queen fé’n ngréin tagtha. An té a chuir stailc ocrais Bobby Sands - ‘Hunger’ (2008), agus an andúil ghnéis - ‘Shame’ (2011) faoi chaibilil. Fear cíortha na fulaingthe móire. Níl aon dabht ná go dtabharfaidh ‘12 Years a Slave’ lá na gceithre bhfichidí dó ag na gradaim mhóra ar ball beag. Agus beidh gártha molta an tslua agus gongannaí uilig na ceirde tuillte go maith aige.

Molta le haghaidh seacht nGlóbannaí Órga, is rogha na coitiantachta é do léar mór Osgur freisin. Ní nach ionadh. Fassbender Chill Áirne, Cumberbatch, Dano, Giamatti agus Pitt an Ghréasaí (Brad) ar bord leis, gan trácht ar John Ridley (scriptscríbhneoir) agus Hans Zimmer (Ceol), conas a d’fhéadfadh le Steve Mc Queen dul ar strae? Creid uaim é, go héasca, mar a tharlaíonn.

Ach ní thárlaíonn sin. Sa mhéid gur bhain ‘Lincoln’ (Spielberg) le tuairimí cinn agus ‘Django Unchained’ (Tarantino) le foréigean (mar ghléas fuascailte na samhlaíochta), beireann aiste Mc Queen - an tríú mórscannán a thug fén sclábhaíocht le déanaí - greim sna putóga orainn. Agus más trí mheán na putóga a oibríonn fíorscannán, go príomhga, agus creidim gurb é sin nádúr agus eisint scannáin, níl de dhul as agam ansin ach fíorscannán a thabhairt ar obair dhéanaí Steve Mc Queen, Sasanach. Moltar an fear leis an mbeart.

Claochlú an tSaoir ina Dhaor

I Nua-Eabhrach réamhchogaidh na bliana 1841 tá cónaí ar Solomon Northup – saorfhear de chuid an chine ghoirm, saor adhmaid snasta, bheidhlíní oilte clasacacha. Saol só, íseal-mheánaicmeach á chaitheamh aige lena bhean is lena mbeirt pháiste. Fuadaítear ansin é. Basctar and bristear é go dtí go nglacann sé, ar phian a mharaithe, ionannas ‘Platt’ – sclábhaí a bhí ar a choiméad tar éis na cosa a bhreith leis as Georgia. Díoltar Northup isteach sa sclábhaíocht i Louisiana. Dhá bhliain déag a chaith an saorfhear ina sclábhaí ar Phlandálaithe cadáis an Deiscirt.

Foilsíodh fíorscéal Samuel Northup, ar a bhfuil eipic Mc Queen bunaithe, mar bheathaisnéis i 1853. Fíoraíodh mionsonraithe a insinte in eagrán léanta Eakin agus Logsdon (1968). Bean Steve Mc Queen a chuir an leabhar féna bhráid. Fuair an scéal an ceann is fearr air. Nuair a bhí sé féin ullamh chuige, rinne Mc Queen an scannán a bhí sa chinniúint dó. Ní minic ag réamhthaispeántaisí preasa a thagann tocht orm. Agus creidim, i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm, mar a ríomhtar í i ’12 Years a Slave’, nár mise an t-aon chriticeoir saolta i Cineworld Shráid Pharnell go dtáinig na mothúcháin aniar aduaidh air.

I apologise for my appearance, but I have had a difficult time these past several years” arsa Northup, ar theacht isteach arís i gcomhluadar a mhnaoi is a theaghlaigh tar éis cruatan agus brúidiúlacht an dá bhliain déag a d’imigh roimhe a chur de. Tá an-chumhacht sa mhaolaisnéis, ach an leas ceart a bhaint aisti. Agus nuair a chuireann tú garmhac linbh i mbaclainn na hiníne, ‘Solomon Northup Grantham’, ar sise, an leaidín á chur in aithne dó, sin ‘cead’ á thabhairt ag Mc Queen dúinn éirí maothshúileachscaoileadh leis an deoirín beag. Fear a thuigeann inneach scannáin, mar ealaíon; fear a thuigeann drámaíocht agus denouement; fear freisin a thuigeann dínit an duine agus cumhacht slánaithe an ghrá.

Cliar nár Chlis ina nEalaín

Trí mheán scéil Samuel Northup scagann Mc Queen brí agus tuiscint agus nádúr na sclábhaíochta, bunchloch córas geilleagair na Stát Deisceartach. Bhí triúr ‘máistir’ ag Northup ó dheas – William Ford (Benedict Cumberbatch), Críostaí cráifeach, duine lách, fear a chomhlíon focal Dé sa Bhíobla, mar a thuig sé é, i gcomhthéacs chultúir, sochaí, mhóráltacht agus béasaí na haimsire sin. Fear maith ab ea William Forde, dar le Northup féin ina leabhar –
There was never a more kind, noble, candid, Christian man than William Ford’,
- ach ní raibh neart aige ar na cúinsí inar mhair sé,
(which) blinded (Ford) to the inherent wrong at the bottom of the system of slavery’.

Is sármhaistir é Cumberbatch ag léiriú na débhríochta, agus meallann Mc Queen taispeántas den scoth as.

Mo ghreidhn thú Paul Dano! Murab é ‘John Tibeats’, príomhshiúinéir Ford, an slíomaire lag is déistiní a fheicfidh tú ar aon scáileán go ceann tamall fada, ní mise Pat Butler. Ceacht máistreach i léiriú an mheatacháin.

Ach sé fear Chill Airne a sciobann craobh an aisteora thaca. Céad rogha Mc Queen anois don tríú uair as a chéile, teilgeann taispeántas Michael Fassbender isteach ina fhithis aisteoirí móra scannán na linne é. Tugann Edwin Epps, Plándálaí, i láthair an oilc sinn. Chuir inchreidtheacht bhrúidiúil fhírinneach Fassbender as mo riocht ar fad mé.

Agus cad faoi Chiwetel Ejiofor, Samuel Northup an scéil? Samhlaigh soineantacht Belefonte, éirim Poitier agus dínit Mandela agus tá sé agat in aon abairt amháin. Muna dtógann Ejiofor Glóbannaí agus Gongannaí agus chuile gradam eile dá bhfuil ann ní fiú iad a bhuachaint.

Lupita N’ygong’o – ‘Patsey’, an sclábhaí óg mná a phioc 500 punt chadáis in aghaidh an lae chun ‘fanacht istigh’ le Ebbs, an té a rinne mí-úsáid mhíthrócaire, bhreoite, chruálach, leanúnach uirthi. Dá mba thruamhéalach é cás an sclábhaí fir, ba mheasa fós do na mnáibh a gcás siúd. Sárthaispeántas, gan aon bhall laige. Crógacht arís. Fírinne. Tá na sárchéimeanna, mar a deireadh Michael Davitt, file, ‘ag staiceáil suas’.

Palette agus stíl Goya, a deir sé, a ghlac Mc Queen chuige féin chun na radharcanna is brúidiúla sa scannán a dhearadh. Cur chuige shean-scuabmháistir Aragon. Tuigeann Mc Queen go ngabhann foirfeacht agus fírinne ar lámha a chéile.

Mar is eol daoibh fúm fén dtráth seo, níorbh fhear don gclaí mé riamh. Agus, dá bharr sin, i bhfianaise Ordú Catagórach Kant fadó, ’sé m’fhocal scoir ná go bhfuil sé d’fhiachaibh orainn go léir an scannán seo d’fheiscint.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.