CÚINNE NA nEALAÍON
Kino – An Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

moltaí DVD agus Blu-ray áirithe ag Pat Butler san alt seo don mbailitheoir eolach ar tháirseach na Nua-Bhliana.

Íomhá
Javier Bardem
(le Claire H ar Flickr)
Íomhá
Melissa Desormeaux-Poulin & Maxime Gaudette, Incendie
(le Hibr ar Flickr)
Íomhá
Tommy Lee Jones
(le StartingHere71 ar Flickr)
Íomhá
Giulio Andreotti, iar-Phríomh-Aire na hIodáile
(leis an Teach Bán ar Vicipéid)

Is fíor go bhfáiltím roimh na hardáin teicniúla uilig a thugann an deis dúinn breathnú ar scannáin ná facamar le linn seal a gcéad eisiúna, nó, b’fhéidir, gur mhaith linn ligint dóibh dul i gcionn arís orainn. Ach sin ráite, is duine seanfhaiseanta i ndeireadh na dála mé.

Is fearr liom an DVD ábhartha ar an tseilf ná a scáil neamhchorpartha ar line, nó a sprid faoi ghlas ar néal éigin sna spéartha ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach. Maithfidh lucht leanta ‘Kino’ na claontaí éalárnacha sin ionam. Aithníonn ciaróg, srl.

Tá léar mór DVD-anna fós neamhoscailte ar an tseilf thuasluaite fá choinne lá an ghátair, nó, níos measa fós, b’fhéidir, oícheanta leadránacha na saesúr seasc. Agus ní hí aimsir na Nollag, dá olcas í, an tréimhse eisiúna agus taispeána scannán is measa ar fad díobh. Dia idir sinn agus míonna fada na bhfrois frais – Iúl agus Lúnasa. Táid na DVD-anna seo uile ar na seilfeanna ar láimh liom - lón anama fá choinne na n-íos-sealanna, sciath in éadan an truflais, gairleog cosanta ar Filistíneachas Hollywood.

Is é seo séasúr na sladmhargaí. Cá bhfios nach gceannófá ceann díobh seo leanas, nua nó ar athláimh, i siopa nó ar stainnín mhargaidh áitiúil éigin. Nó, gan dabht, ar an idirlíon. Anois agus mé ag trácht ar ghairleog ……

‘Let the Right One In’ le Tomas Alfredson (An tSúlainn 2008) Momentum MP879D

An scannán súmaire nua-aoiseach is fearr amuigh. Ach bígí cúramach, ar dhá chúis. Cuirfidh an doirteadh fola vaimpíreach fonn aisig orthu san ar ghráin leo a leithéid. Agus seachain nuamhaisiú Hollywood ‘Let Me In’ (2010) nach fiú tráithnín é, curtha i gcóimheas le ardealaíon Alfredson.
‘Biutiful’, le Alejandro Gonzáles Inárritu ( Meicsiceo 2010) Optimum OPTD2005 Álainn, gan aon cheist. Ach cruaidh, neamhghéilliúil, mar a bhíonn an fhírinne agus an áilleacht i gcónaí. Inárritu tagtha in inmhe, níos aibí ná mar a bhí fiú in ‘Amores Perros’, ‘21 Grams’ agus ‘Babel’. Ní seo Barcelona Gaudi ná Mesi, ach fo-bholg suarach na cathrach. Javier Bardem, aisteoir scannán, i mbarr a mhaitheasa ar fad.

‘Of Gods and Men’, le Xavier Beauvois (An Fhrainc 2010) Artificial Eye 517 DVD

Más ag treabhadh i ngort na rúndiamhaire sácráilte atáir, an tráth seo bliana, molaim fiosrú Beauvois ar nádúr an chreidimh, an duine, agus na dílseachta. Comhluadar Cistéirseach a ghlacann an cinneadh fanúint lena mbráithre Muslamacha in iargúltacht Shléibhte Atlas na hAilgéire, an lasair sa bharrach agus fórsaí dubha (treallchogaithe agus stáit) ag imeacht le craobhacha ina dtimpeall. Arbh é an grá a choiméad manaigh Tibhirine ann, nó uabhar spioradálta? Mar is fíor i gcónaí, is tábhachtaí an cheist curtha ná an fhreagra.

‘Uncle Boonmee (who can recall his past lives)’ le Apichatpong ‘Joe’ Weerasethakul

(An Téalainn 2010) New Wave Films NW023

Is breá liom an ‘Joe’ sin i lár baill thuas! Seo an té a thug cineama na Téalainne chuig nideog-phobal, .i. niche-phobal domhanda. Ní chuirfeadh an ceann seo aon iontas ar mo Mhameo Margaret O Callaghan, nee Crowley, Na Fearnáin, Contae Chorcaí, ná ar an nglúin nár ait leo na síóga. Tugann fear fá na foraoiseacha chun an bás a shaothrú, i gcuideachta na dtaibhsí is na sprid uilig, daonna, ainmhíoch agus flórach. Míorúil bheag de scannán ina bhfuil an domhan ar flosc is ar snámh le míorúíltí. Fabhalscéal, sa bhunbhrí, gan aon agó.

‘The Three Burials of Melquiades Estrada’ le Tommy Lee Jones (An Fhrainc/Meiriceá 2005) Optimum OPTD356

Más ansa leat scéal comhaimsireach faoin Iarthar Fiáin, gnás atá in isle brí le scór blianta anuas, ardóidh an ceann seo an croí ionat. ‘Níl a shárú seo ann ó aimsir ‘The Unforgiven’’ – ní minic a thagaim leis an mbladar fógraíochta, ach géillim do bhreithiúnas Total Film an babhta seo. Céad aiste stiúrtha Tommy Lee Jones. Sásaíonn sé bunéilimh uile an genré agus na luacha a ghabhann leis: tá éagóir le cur ina ceart, fear cruaidh onórach (Tommy Lee), agus turas le taisteal chun slánaithe. Agus a leithéid de thuras!

‘Incendies’ le Denis Villeneuve (Ceanada/An Liobáin 2010) Trinity TF016

Bhain mo sheal i mBosnia i 1996 na cosa amach fúm. Cinedhíothú ar gach taobh. Scil nach beag ag Milosevic, Búistéir na mBalcán, ina leithéid. (‘Beo’ Aibreán 2006 ) Thug scannán Villeneuve an t-olc sin uile chun cuimhne dhom, gí gur scéal faoi pháis sheicteach na Liobáine atá ann. Cuireann uacht na máthar Liobáinigh, imirceach, an cúpla a rugadh di i gCeanada ag cuardach taisí an athar, agus an dearthár sa Mheán-Oirthear. Ba nuacht dóibh é a bheith ar an saol. Is iomaí uafás doshamhlaithe a shaolaítear le linn an chuardaigh chéanna. Is mó go mór ná scéinséir dorcha é ‘Incendies’.

‘Il Divo’ le Paola Sorrentino (An Iodáil 2008) Artificial Eye ART436DVD

Mar bhuile scoir tiomnaím ‘Il Divo’, scéal Guilio Andreotti, Príomh-Aire na hIodáile (seacht n-uaire!) do chleas polaitiúil na hÉireann. Luas bladar (fógraíochta) ó chianaibh – ach cad faoin nathán a chuirtear i leith Andreotti: ‘You sometimes have to do evil in order to do good’.

Anois, maidir leis an ionga gairleoige sin a luas ag an tús….!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.