CÚINNE NA nEALAÍON
KINO – An Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

Molann Pat Butler go mór script, aisteoireacht agus scéal anamreoiteach an scannáin Astrálaigh, Animal Kingdom.

Íomhá
An bhileog do Animal Kingdom
ar Vicipéid
Íomhá
Melbourne istoíche
le Ee Leng ar Picasaweb
Íomhá
Squizzy Taylor, coirpeach i Melbourne 80 bl. ó shin
Vicipéid

‘Animal Kingdom’, le David Michot, a bhain ‘Gradam an Grand Jury’ ag Féile Scannán Sundance, 2010

Tá Josh (‘J’) Cody, lead óg seacht mbliana déag d’aois ag fanacht le hotharcharr chun aire a thabhairt dá mháthair atá sínte ar an tolg ina aice tar éis ródháileog drugaí a ghlacadh. Árasán suarach, seó cluiche gan dealramh ar an teilifís, eisean ag féachaint air. Tagann na paraimhíochaineoirí. Is mó an ceann a thugann Josh ar an seó teilifíse ná orthu siúd. Ach tá an mháthair marbh an babhta seo. Cuireann Josh glaoch gan deor ag iarraidh cabhrach ar an tseanmháthair ná faca sé le blianta. Bhí titim amach idir an bheirt bhan fada siar na blianta roimhe. Is léir ar a tuin chainte ar an nguthán nach gcuireann nuacht bhás a hiníne isteach ar an seanlady. Ach tabharfaidh sí bheith istigh do Josh, tabharfaidh sí aire dó. Tiocfaidh sí trasna láithreach chun é a bhailiú. Ansin tagann an cheist uaidh a thugann le fios dúinn luath sa scannán seo go bhfuilimid i bhfianaise sár-scriptscríbhneora - ‘Do you remember where we live?’.

Fáilte chuige saol mífheidhmiúil mhuintir Cody, coirpigh mhíthrócaireacha Mhelbourne na hAstráile.

Muna ngnóthaíonn Jacki Weaver ainmniúchán Oscar sa chatagóir ‘Aisteoir Mná i Ról Tánaisteach’, ar a laghad, dá páirt in ‘Animal Kingdom’, is beag údarás mórálta atá fágtha ag an Acadamh. Craobhscaoilim an tuairim sin, ag cur san áireamh éagóir shraitheach na bliana seo caite nuair a tugadh droim láimhe do ‘Das weisse Band’, le Haneke, agus don sárshaothar ‘Un Prophete’ a rinne Jacques Audiard.

Cling na Scipéad

Braithim níos fearr ionam féin, anois go bhfuil an chéad scread príomhordúil sin ligthe chun na ceithre hairde asam. Fillfead ar ‘Animal Kingdom’, príomhfhócas cholún na míosa seo, nuair a thagaim chugam féin arís tar éis bladhmann eile a scaoileadh amach in éadan chóras Hollywood. Ar ór ná ar airgead, nó fiú ar son ainmniúchán an Taoisigh don Seanad (€70,000 in aghaidh na bliana), ná téir i ngiorracht scread asail do ‘Let Me In’ (Matt Reeves, 2010), athdhéanamh ar ‘Let The Right One In’ (Tomas Alfredson, 2008), an scannán Vaimpíre, nó Súmaire Fola, is fearr dá bhfaca mé le sciar fada blianta. Dein an beart ciallmhar, agus ceannaigh ‘Let the Right One In’, an leagan Súlainneach, ar DVD nó ar Blu Ray, in ionad bacaint leis an gceann eile. Is oth liom a thuairisciú nach bhfuil obair Reeves thar moladh beirte i gcomórtas leis an mbunleagan. Is saothar ealaíne gan sárufuilteach, ach ealaíonta - bunscannán Alfredson. Ní thiocfaidh as leagan Reeves ach cling scipéad airgid oifig na dticéad. Ní fiú an buicéad, seachas an braon áirithe sin fola.

Mar bharántas ar na breithiúnais thuasluaite, agus mar chruthúnas, fiú muna mbíonn an ceart agam, go bhfuilim ar a laghad comhsheasamhach, luaim ‘Beo’, Eagrán 104, Nollaig 2009 (Das weisse Band); Eagrán 107, Márta 2010 ( Un prophete); agus Eagrán 97, Bealtaine 2009 (Let the Right One In).

Máthair Ál an Áir

Anois, maidir le ‘Animal Kingdom’….. Ní minic sna scannáin, nó sa litríocht, anois go smaoiním air, a thagann duine ar Mhaimeó a thugann dúshlán Lady Macbeth mar aingeal baineann an uabhair – mar bhanphrionsa scanrúil an dorchadais. Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh. Tá seanaithne oíchiúil againn ar leithéid a triúr mac - Andrew, Darren agus Craig Cody. Nach iad go deimhin an drong óigfhear síceapatach scaipthe céanna atá ina scáil dhubh ar shráideanna shuaracha Luimnigh agus Bhleá Cliath againn féin le blianta beaga anuas? Ach tá an mháthairphearsa seo ar scála lasmuigh fiú amháin den mhínádúrthacht choiteannise an ais ar a chasann an t-olc breoite uile. Má tá a leithéid de mhatrarc i measc drong coirpeach Luimnigh, nó i mBleá Cliath féin, níl a cáil i mbéal an phobail fós. Le Janine ‘Smurf’ Cody tá bithiúnach cineamúil geall le bheith Shakespeareach cruthaithe ag Michot agus ag Weaver dúinn. Ár mbuíochas dóibh beirt as as an mórghníomh sin.

Agus ní haon bhaothchruthú gan préamha í ‘Smurf’ Cody ach oiread. Tá sí bunaithe ar Kath ‘Granny Evil’ Pettingill, atá fós ina matrarc ar chlann coiriúil Pettingill sa chathair álainn chéanna. Agus is iomaí chosúlacht eile atá idir scriptscannán ‘Animal Kingdom’ agus scéal mhuintir Phettingill. Más mian leat í a chuardach ar an idirlíon, féach an nasc thíos.

Anamreo agus Gáirsiúlacht Fite Tríd

Líonann an sáraisteoir Jacki Weaver ardsála Maimeó ‘Smurf’ Cody le gáirsiúlacht bhagarthach. Tugann a fuarchúis eipiciúil anamreo Lady Macbeth chun cuimhne dom. Nach aici atá na línte breátha scripte – ‘We got to do something about ‘J’’ – cód do ‘caithfidh tú dúnmharú mo gharmhac a eagrú dom’. Tá póilíní agus dlíodóirí éillitheacha ina pá agus fána dúmhál. Nuair a dhúnmharaíonn póilíní claonta mac léi, is gaire dá croí an díoltas ná an deor. Ach in ainneoin an reo anama sin agus gach uafás seaca eile, is éacht scríofa agus aisteorachta é go gcoiméadann an bhean ghránna seo ribe beag dár gcomhbhá suas chomh fada leis na teidil chreidiúna deiridh.

Siúd í agus cairrín ollmhargaidh á thiomáint aici ar nós chuile mháthair chríonna eile; nach í a thóg isteach an garmhac ‘J’ nuair a d’éag a mháthair. Pé rud eile fúithí, deineann sí a seacht ndícheall, fiú más éagóireach an dua céanna, chun a teaghlach mífheidhmiúil a chosaint. Tá idir dhoircheacht agus dhaonnacht trína chéile sa bhean seo. Sníonn an dubh trí gach gile inti, agus tá lorg éigin na gile i ngach dubh. Go deimhin, is i Ríocht ceart na nAinmhithe atáimid, agus sí Janine ‘Smurf’ Cody an leon baineann is cumhachtaí agus is contúirtí díobh uile ar sirtheoireacht sa domhan thíos – an domhan as riocht fá bhun bhruachbhailte sceite an éadóchais.

Seo scéinséir coiriúil a tharraingíonn cineama na hAstráile ina ainneoin féin isteach i gcroílár an aicsin chomhaimsirigh. Tá na blianta fada printíseachta thart agus seal gach seanleithscéal tugtha. Seo tagarmharc nua aimsithe.

Ar a shon sin, agus ar a shon féin, ná caill ‘Animal Kingdom’. Leanaigí oraibh anois, a fhritíorthaigh. Tá buaite agaibh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.