AGALLAMH BEO
Julie Feeney, Ceoltóir, Cumadóir agus Amhránaí
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe. Bean í Julie a chuireann a croí agus machnamh ina saothar, ní a tharraingíonn tuilleadh airde dá réir.

Íomhá
Julie Feeney
(le Dark Mavis ar Flickr)
Íomhá
I mbun an cheoil
(le a4gpa ar Flickr)
Íomhá
Julie ar an díolaim Clocks
Íomhá
Bean an tí, Julie Feeney
(le Gasun Photography ar Flickr)
Íomhá
Julie Feeney
(grianghraf le Cale Brennan Aaslepp)
Íomhá
I gCluain Meala
(le Alan Tobin ar Flickr)
Íomhá
Le The Model, home of the Niland Collection ar Flickr

Cad é mar a chuireann tú síos ar Julie Feeney? Chomh luath is a shileann tú í bheith aimsithe agat, nochtar gné eile dá pearsantacht, dá cuid ceoil, dá hintleacht. Ar ndóigh, níor ceart iontas a bheith orainn, tá gach duine daonna thar a bheith casta ach léiríonn an Gaillimheach a tréithe éagsúla fríd an amhránaíocht agus fríd léirithe ardáin.
Tá Julie i ndiaidh sraith choirmeacha rathúla a dhéanamh i Nua-Eabhrac agus na criticeoirí doirte di; tá sí i ndiaidh a bheith ag ceol le cóir i 10 n-ionad éagsúla; tá sí ag scríobh ceoldráma faoi láthair agus, idir eatarthu, rinne sí taighde ar a ginealach féin. As an taighde sin, d’fháisc an t-albam úr dá cuid, Clocks.

Tá físeán déanta ag Julie atá ar youtube faoin turas pearsanta seo a théann siar sé ghlúin dá mhuintir ach ní The Fields of Athenry atá i gceist le Clocks ach ceol agus amhráin a bhaineann go dlúth leis an 21ú céad.


Le blianta beaga anuas, diaidh ar ndiaidh, mhothaigh mé mé féin ’ mo mhealladh ar ais go Gaillimh agus nuair a rinne mé staidéar measartha domhain ar mo chraobh ghinealaigh, mhothaigh mé go raibh mé féin beo beathach i saol na ndaoine seo de mo shinsear a chuaigh romham.

Bhí sé ait. Mhothaigh mé iontach compordach i measc na ndaoine seo ar cúis éigin agus, go malltriallach, de réir mar a fuair mé amach faoina mbeatha, d’aithin mé go raibh mothúcháin acu sin a bhí an-chosúil leis na mothúcháin a bhíonn agam féin, go raibh mé ar cineál “am-líne mothúchán” agus sin an rud ba mhó a raibh mé ag iarraidh cur in iúl,” ar sí.

Cnoc Muaidhe

“Baineann ábhar na n-amhrán atá ar Clocks leis an taithí saoil as ar fáisceadh iad ach ní raibh mé iarraidh amhráin a scríobh agus iad bunaithe ar gach scéal i mo cheap sinsir.”

Bhí cónaí ar Julie agus ar a muintir leath bealaigh idir Mainistir Chnoc Muaidhe agus Áth an Rí i gContae na Gaillimhe, agus ba ag Mainistir Chnoc Muaidhe, áit a bhfuil seanbhallóg na mainistreach a bhunaigh Cathal Crobhdearg Ua Conchobair siar i 1190, a chuaigh Julie ar an scoil a raibh a máthair mar phríomhoide scoile inti. B’as an cheantar sin muintir s’aicise agus b’as ceantar Leacach Beag - Leacach Mór taobh a hathar. Mar sin, tá an contae go smior inti o thaobh gach taobhann.

I Mainistir Chnoc Muaidhe, ba thábhachtach an ní an ceol.

“Yeah, bhí an ceol i gcónaí sa teach sa mhéid is go mbíodh ceachtanna ag dul ar aghaidh an t-am ar fad - rinne muid gach rud ó bhailé go dtí an bosca ceoil.

“Rinne muid cuid mhór pianó, bainseó, clairinéid, veidhlín, cláirseach, an phíb uilleann. Bhí cuid mhór ceoil sa teach ach níor theach é a dtiocfadh cuid mhór daoine ar cuairt ann, a mbíodh seisiúin cheoil agus céilithe ann. Ní mar sin a bhí sé.

“Teach cineál acadúil a bhí ann - bhíodh obair bhaile le déanamh, rinneadh gach rud ag an am ceaptha. Bhí struchtúr iontach soiléir ann.”

Chuaigh Julie ar scoil chónaithe i dTuaim agus is dócha go raibh an struchtúr seo ina chuidiú mhór ag bean óg atá i dtólamh ag iarraidh cúram a thabhairt do gach rud ina saol oibre - canadh, cumadh, déanamh físeán, chomh maith le gnó an duine féinfhostaithe, srl., srl.



Raidió na Life agus Blas Aniar

Gidh go bhfuil Gaeilge líofa aici, níl nasc aici leis an Ghaeltacht, go bhfios di.
“Tá Gaeilge agam mar sin tá súil agam go rachaidh fréamhacha chuid de mhuintir Feeney agus de muintir Seoighe siar go Conamara nó go hOileáin Arann,” ar sí, “ach d’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar scoil. Múinteoir iontach maith atá i mo máthair, bhí Sister Concepta againn ansin a bhí iontach maith freisin agus thaitin an teanga liom. Mar sin, nuair a bhí mé ar an choláiste oiliúna, chinn mé go ndéanfainn mo chleachtadh teagaisc i nGaelscoil agus uaidh sin, theagaisc mé ar feadh bliana i nGaelscoil, bhí mé i mo láithreoir ar Raidió na Life ar feadh bliana fosta agus chaith mé sealanna i nGaeltacht Chonamara ... go dtí an Cheathrú Rua agus sin an áit ar thóg mé an blas, measaim,” ar sí.

Agus í thiar, mar amhránaí ar éist sí le mórán sean-nóis?

Le fírinne, níor éist, ach mothaím i mo chorp é ar bhealach eicint, mothaím an chaointeacht sin ach caithfidh mé a rá nár éist mé leis an iomarca sean-nóis. Sin an fáth go gcreidim go bhfuil sé ionam ó dhúchas, rud nach dtig liom cur síos air,” arsa Julie.

Chuir mé an cheist sin, mar thaifid sí a guth ar tús sular chuir sí na huirlisí leis na hamhráin atá ar Clocks in áit a mhalairt a dhéanamh. Cad chuige sin? Mar tá a fhios ag daoine, seinneann Julie bunús achan uirlis ar gach díolaim.

“Bhuel, leis na halbaim atá déanta agam cheana, mheas mé nár cheol mé amach sách láidir. Bhí mé ag iarraidh a bheith cinnte nár cailleadh mé i mionsonraí an tionlacain agus gach mire ag dul ar aghaidh thart orm, mar sin bhí mé cinnte go dtosóinn leis an chanadh le bheith cinnte nach gcaillfí an guth.

“Scaití, nuair a bhím ag canadh, bím ag smaoineamh ar an tionlacan, ach an t-am seo dúirt mé liom féin, - amharc, tá amhrán anseo ina bhfuil mé ag seachadadh mothúcháin agus céille - agus sin an fáth nach raibh baint na páirt agam leis an dtionlacan go dtí go raibh an guth taifeadta,” ar sí.

Agus oibríonn sé ar fónamh. Chóir a bheith go raibh na deora liom agus mé ag éisteacht le If I Lose You Tonight, ceann de na hamhráin is áille dar chuala mé le fada. An amhrán dírbheathaisnéisiuil atá ann, a d’fhiafraigh mé de Julie?

Daoine a Mhisniú

“Bhuel, san amhrán sin, bhí mé ag iarraidh sprid an tsóláis, sprid an fhaoisimh a chruthu agus tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil an-bhrón go deo taobh istigh orthu, agus chum mé an t-amhrán seo mar mhuirniú, mar chineál barróige ar dhuine le iad a shuaimhniú. Is mian liom cuidiú leo, an solas a ligean isteach.

“Ní bhíonn an galar dubhach orm ach meabhraím gur mar seo a bheadh sé. Maidir le If I Lose You Tonight, bhí mé ag smaoineamh ar dhuine áirithe agus bhí mé in ann é a fheiceáil, taobh thiar dá chuid súl a fheiceáil, féitheoga a chuid súl agus bhris sé mo chroí. Nuair a thosaigh mé á scríobh, chuaigh an siansa in aimhréidh agus nuair a bhí mé i Meiriceá, mhothaigh mé an chaointeacht sin arís – cumha na himirce, b’fhéidir agus tháinig gach rud le chéile ansin,” ar sí.

Ar na hamhráin eile is fearr liom ar Clocks, tá Julia, seoid atá bunaithe ar scéal grá a bhaineann lena seantuismitheoirí, scéal a chuir gliondar ar chroí Julie nuair a chuala sí é i ndiaidh dá máthair mhór bás a fháil.

"Childhood sweethearts a bhí ar scoil lena chéile a bhí iontu,” a mhínigh Julie, “agus shamhlaigh mé an lúcháir a bhí orthu agus an gháire a dhéanadh siad agus chonaic mé i mo shamhlaíocht iad cois na habhann ag baint suilt as an saol.

“Bhí m’athair mór chomh croíbhriste sin i ndiaidh mo mháthair mhór Julia, bás a fháil, é i gcónaí ag iarraidh glacadh leis go raibh sí imithe go deo na deor. Níor tháinig lúcháir arís air i ndiaidh í a chailleadh agus bhí mé ag iarraidh amhrán a scríobh a chuirfeadh sin in iúl.

“Bhí mé ag smaoineamh ar an fhear seo agus acmhainn iontach grinn aige, é iontach greannmhar, gealgháireach ach i ndiaidh bhás a chéadghrá, bhí sé i nduibheagán an bhróin.”

Bhí fonn i mo shamhlaíocht (tosaíonn Julie ag úúúúú-áil ag an bhomaite seo) gan focal ar bith i mo cheann a rachadh leis, ach an lá seo bhí mé i mo shuí sa teach i lár ceann de na sceidil mhire seo a chleachtaim. Lig mé do chodanna den amhrán a bhí cumtha agam eitilt thart ar an teach inar tógadh mé, mar bíonn atmasféar nó mothú ar leith ag baint le do bhaile féin.
Lig mé néal codlata beag 10-nóiméad as mo cheann os comhair na tine agus nuair a mhúscail mé, bhí mé ag stanadh ar phictiúr os mo chomhair agus mo mháthair mhór, Julia, a bhí ann. Bhí a fhios agam láithreach bonn go raibh na líricí agam!”

Is É an tÉadach an tAmhránaí

Naoi n-amhrán eile atá ar an albam agus iad chomh galánta lena chéile. Chomh mhaith le bheith ina hil-oirfideach, tá íomhá Julie an-tábhachtach agus ar dhóigh thar a bheith spraíúil. Is breá léi éadaigh. Mar shampla, i ndiaidh di an t-albam pages a dhéanamh, chaith sí gúna déanta as páipéar ar a raibh scór ceolfhoirne an albaim air agus é ceangailte le chéile ag Sharon Costello Desmond, a bhain úsáid as 250 slat d’órshnáithe.
Agus tá cailín na Gaillimhe an-tugtha do hataí neamhghnácha fosta.

“Baineann an íomhá leis an ardán amháin, measaim,” arsa Julie. “Is breá liom a bheith ag déanamh seónna beo, is breá liom dul isteach i saol eile in áit eile, tá a fhios agat, nuair a théann tú isteach in áit a bhfuil atmasféar ann agus is mó i gcroí an duine é ná bheith ag éisteacht le duine ag canadh cúpla amhrán amháin. Tá sé sin deas fosta - ag taifeadadh seisiúin don raidió, nó ag déanamh rudaí neamhfhoirmiúil - ach is fearr liom é nuair a bhíonn eachtra agat anuas ar an cheol, ina dtéann do shamhlaíocht chuig áit éigin diamhair.

“Tá an ceol i gcónaí ansin ach maidir leis na héadaí de, is maith liom rudaí atá spraíúil a bhfuil cuma dheas orthu agus ar chaith daoine dúthracht go leor ag cruthú na n-éadaí agus na hataí, go bhfuil an-chuid scileanna i gceist.”

“Ní duine mé a shiúlann thart gach lá mar a bheadh Lady Gaga ionam. Is maith liom a bheith díreach mar atá mé agus mé i dteagmháil le gnáthmhothúcháin, na fíormhothúcháin atá ionam féin. Is mian liom daoine coitianta cosmhuintireacha a bheith thart orm sa saol gach lá mar tá draíocht ansin fosta. Ní chaithfidh tú a bheith gléasta suas le draíocht a chruthú. Níl san fheistiú agus an ghné fánach sin ach cuid bheag de na rudaí a bhfuil suim agam iontu,” ar sí.

Ar na gúnaí is mó a thaitin léi, tá ceann atá cosúil le néal. “Chaith mé sin agus mé ag déanamh seo do pháistí agus thit siadsan i ngrá leis. Bhí coróin orm fosta agus thug cailín amháin “The Queen” orm ina dhiaidh sin!”

Léiríonn sé seo nach bhfuil Julie chomh leitheadach sin is gur cuma léi faoi pháistí, ach go bhfuil sí, beagnach, ag iarraidh barróg a bhreith ar gach duine ar domhan. Agus is cuma léi cén t-ionad ina bhfuil sí ag ceol, bíodh sé beag nó mór, foirmeálta nó neamhfhoirmeálta.

“Rinne mé seó i dteach duine in Inis cúpla seachtain ó shin,” ar sí, ag gáire, “ach tá an National Concert Hall déanta agam agus bhí áiteanna i Nua-Eabhrac a bhí sách mór ach is cuma liom cá hait a mbím a fhad is gur féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an lucht éisteachta, caidreamh a chothú leis na daoine a chuir stró orthu féin theacht amach le mé a fheiceáil.”


An Ceoldráma, Birds

Chomh maith le Clocks, tá Julie ag obair ar a céad cheoldráma, Bird, agus go dtí seo tá 20 nóiméad scríofa aici. Chonacthas an chéad mhír seo i mBaile Átha Cliath le linn Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath.

“Ba mhian liom rud éigin a scríobh faoin eitilt go mbeadh rud neamhbheo ann agus go mbeadh an rud neamhbheo sin Éireannach,” ar sí.

“Ní thiocfadh liom theacht ar scéal, ansin léigh mé faoi Amelia Earhart a d’eitil trasna an Atlantaigh ach a d’imigh as radharc i 1937 agus nach bhfacthas arís, agus ansin mheabhraigh mé gur cheart do mo scéal féin a chumadh ach ansin, tháinig mé ar scéal Oscar Wilde, *The Happy Prince. Chomh luath is a d’oscail mé an leabhar agus thosaigh á léamh, tháinig fionnadhcrith orm mar bhí a fhios agam gur tháinig mé ar scéal mo cheoldráma. Níl a fhios agam an bhfuil ról ann dom sa cheoldráma, Níl mé sa chéad 20 nóiméad ar aon nós” ar sí.

Le mí anuas, tá Julie ag déanamh seónna le cóir ar fud na tire, rud a thaitin leis an bhean a cheol i gcór í féin. “D’iarr Strollers Touring Network orm camchuairt a dhéanamh, mé féin agus duine eile b’fhéidir, ach mhol mise go ndéanfainn coirmeacha in deich gcinn d’ionaid le 10 gcór áitiúla” agus sin an rud a rinne sí, ag ceol amhrán óna díolaim Pages curtha in oiriúint go húrnua do chóir ó Bhaile an Chollaigh go dtí an Uaimh. Is léir arís mar sin, nach ealaíontóir scoite ón fhíorshaol atá in Julie Feeney, gur breá léi cuideachta daoine.

An Fuadar nach bhFeictear

Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo. Mar shampla, le hairgead a bhailiú do Clocks, bhain Julie úsáid as an suíomh sluamhaoinithe, Fundit agus é d’aidhm aici €20,000 a thógáil. Sa deireadh, shaothraigh sí €23,045 ó 204 maoinitheoir, an togra is mó rath de chuid Fundit in Éirinn.


“Tá Fundit ar dóigh ach ní thuigeann daoine cad é an méid oibre atá i gceist albam a dhéanamh agus a eisiúint. Ní ghlanfadh an t-airgead a thógann tú ó Fundit na costais uilig a bhaineann leis agus caithfidh tú a bheith beo i rith an ama. “B’éigean domsa iasacht a fháil ón Chomhar Creidmheasa in Áth an Rí freisin,” ar sí.

“B’éigean dom dul go Los Angeles leis an díolaim a mheascadh, taisteal ansin agus ar ais agus tá agam le físeán a dhéanamh agus míle rud eile, ní thiocfaidh ioncam isteach ón albam go ceann i bhfad, is aroile.”

“Sin ráite, is scéim thar a bheith maith é a fhad is go ndéantar go maith é. Caithfidh tú a bheith ag coinneáil daoine ar an eolas faoi do thogra. Ní ag gearán atá Julie, níl sé ach ag cur síos ar réadúlacht a saoil nach bhfeiceann daoine ach an chuid is galánta de. Leoga, deir sí gur seo an bhliain is taitneamhaí dá saol go dtí seo i ngach réimse.
“Má tá tú ag obair oiread agus is féidir leat i mbun rudaí a bhfuil suim agat iontu, sin an rud is fearr do dhuine ar bith a bheith a dhéanamh, creidim,” arsa Julie.

“Nuair atá tú ag déanamh rud éigin a bhfuil grá agat dó, tá sé go hiontach agus tá sé sin fíor fúmsa i ngach gné de mo shaol. Tá sé dochreidte,” ar sí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.