CÚINNE NA nEALAÍON
Johannes Vermeer agus Lucht a Chomhaimsire
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar le Scuderie del Quirinale sa Róimh ar na mallaibh le súil a chaitheamh ar thaispeántas a amharcann siar ar shaothar Johannes Vermeer agus ar Ré Órga Ealaín na hÍsiltíre.

Íomhá
Het Meisje met de Parel
(Dánlann Ríoga Mauritshuis ar Vicipéid)
Íomhá
De liefdesbrief
(le Virginijus Kincinaitis ar Picasweb)
Íomhá
De melkmeid le Vermeer
(Rijksmuseum Amsterdam ar Vicipéid)
Íomhá
Teach leathair
(The Yorck Project ar Vicipéid)

Is mór an léargas a thugann an sárthaispeántas seo ar stair, ar chultúr agus ar pholaitíocht na hÍsiltire le linn ráthúnas nuaré an séú céad déag. Tugtar siar muid chuig an am nuair a bhain an Ísíltír saoirse amach ó Theallach Habsburg agus ón Eaglais Chaitlíceach i ndiaidh tréimhse fhada chogaíochta, agus feictear an t-athrú céadach dá bharr seo a tháinig ar chruth cultúrtha, sóisialta agus geilleagrach na tíre.

Tháinig an earnáil tionslaíochta agus tráchtála chun cinn go mór faoin tsaoirse nuaghnóthaithe seo agus thosaigh ceannaithe rachmasacha, a bhí anois i gceannas ar chumhacht geilleagair na poblachta nua seo, ag cur spéise san ealaín i measc rudaí eile, lena gcuid airgid a chaitheamh uirthi. Bhí ealaíontóirí na hÍsiltíre ar an neamhacra don chéad uair riamh i stair Iarthar na hEorpa le saothar a dhéanamh nach raibh ag brath ar choimisiúin ó na heaglaisí amháin agus thosaigh siad ag cruthú pictiúr a bhí dírithe ar thoighsí a bpátrún nua.

Bhí dúil mhór ag an aicme gnó nua seo i bpictiúir a léirigh a saibhreas agus a stádas féin ach bhí spéis acu fosta i bpictiúir le téamaí tíriúla chomh maith le portráidí, saothar neamhbheo, pictiúir genre agus thírdhreacha. Bhí an-rath ar na cineálacha seo pictiúir agus rinneadh iad de bharr choimisiún ó phátrúin mór le rá chomh maith le pictiúir a chur ar díol ar an tsaormhargadh. Is mar gheall ar an phátrúnacht fhlaithiúil seo a tháinig Ré Órga Ealaíne na hÍsíltíre faoi bhláth.

Tionchar na hIodáile

breis is 50 saothar ealaíne le feiceáil sa taispeántas seo agus iad leagtha amach de réir téamaí i ndeich seomra. Feictear íomhánna de shaol na mbailte móra sa chéad chuid den taispeántas a thosaíonn le pictiúr de chuid Vermeer darb ainm An Sráidín. Tá an pictiúr seo suntasach sa mhéid is go mbaineann sé leis an saol taobh amuigh in áit a bheith ina phictiúr genre ná ina phortráid mar ba ghnáth le Vermeer a dhéanamh; cur síos greannmhar ar an saol laethúil tí atá ann. Léiríonn an saothar sa chuid seo den taispeántas an saineolas a bhí ag ealaíontóirí na tréimhse sin ar choincheapa mar pheirspictíocht líneach/atmaisféarach agus an tionchar a bhí ag an Iodáil ar fhorbairt stíl na hÍsiltíre - bhí sé coitianta ag an am sin go rachadh ealaíontóirí na hÍsiltíre chun seal ama a chaitheamh san Iodáil le staidéar a dhéanamh ar mhodhanna péintéireachta an taoibh sin.

Feictear an tionchar seo i saothar mar Halla Nua Chathair Amsterdam, (1667), le Jan van der Heyden ina léiríonn sé Halla na Cathrach nuathógtha faoi spéir scamallach. Is díol spéise é an pictiúr seo mar go dtaispéanann sé foirgneamh tuata in ionad eaglais, rud a chuireann i gcuimhne dúinn an neamhspleáchas a bhí bainte amach ag aos ealaíne na poblachta nua seo.

Tugann Emanuel de Witt urraim do rialtóir agus do fhuascailteoir na hÍsiltíre, Liam Flannbhuí, ina shaothar Taobh Istigh do Kerk Nua Delft agus Lusca Tuama Liam II ‘An Tostach’ (1653). Tá tuama Liam Flannbhuí le feiceáil sa tsaothar seo in ascaill, cláiríní breac-chearnógacha ar an urlár agus dhá chuaille thaibhseacha lasta le solas geal lonrach ar an dá thaobh. Is pictiúr lán de shiombalachas tráthúil é, a bhaineann leis an phoblacht nua agus a léiríonn saineolas de Witt ar na dóigheanna nua le spás agus peirspictíocht a chur in iúl.

Bean an Cheoil

Tá portráidí agus saothar genre (pictiúir a léiríonn an saol laethúil le teachtaireachtaí rúnda mar fhothéacsanna) le feiceáil sna seomraí eile sa dánlann agus ina measc, seacht bpictiúr de chuid Vermeer. Is sampla álainn dá shaothar é Bean le Liúit (1662-1663) agus tá a chuid saintréithe mar phéintéir ardchumasach le feiceáil go soiléir ann. Tá bean óg an phictúir ina suí ag tábla, liúit ina láimh aici agus solas bog ó fhuinneog ag a taobh ag luí ar a héadan. Tugann Vermeer cuireadh dúinn ciall a bhaint as an phictiúr le comharthaí atá mar leideanna mealltacha dúinn. An bhfuil an bhean ag fanacht le duine agus í ag amharc amach an fhuinneog go dóchasach nó an bhfuil sí ag amharc ar dhuine éigin atá i ndiaidh imeacht?

Tuigeadh uirlísí ceoil i bpictiúir ag an am seo mar chomharthaí grá croí agus seirce agus chomh maith lena liúit, feictear uirlis eile ina luí ar an urlár breac-chearnógnach, rud a chuireann in iúl dúinn go bhfuil leannán na mná mar fhothéacs sa phictiúr agus go bhfuil muid ag amharc ar mheandar sioctha ama.

Taispeántas álainn spéisiúil é seo agus a bhfuil le feiceáil agus le foghlaim ann faoi cheann de thréimhsí mórthábhachtacha ealaíne an domhain.

Tá saothar Vermeer agus lucht a chomhaimsire le feiceáil sa Quirinale go dtí an 20 Eanáir 2013.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.