CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Is olc an ghaoth nach séideann maith
Íomhá
An Ghéarleanúint
Íomhá
Banc Náisiúnta na hÉireann

Is olc an ghaoth nach séideann maith

Tharla go mbeidh garbhshíon an gheilleagair inár gcoinne go ceann tamaill eile, ní miste na deiseanna atá fanta againn a áireamh. Tá níos mó airgead sa tír. Tá an t-idirlíon i gcodanna den tír agus tá oideachas agus taithí oibre ar i bhfad níos mó Éireannaigh ná mar a bhí. Tá i bhfad níos mó droichead, seachbhealaí, foirgnimh, tithe folmha agus cónaí sa tír thar mar a bhí. Ní hamháin go bhfuil aerfort Chnoc Mhuire os cionn an phortaigh ach tá sé os cionn a bhuille i dtaca le lucht eitilte a tharraingt agus tá aerfoirt bheaga nach é ag cruthú go maith dóibh féin agus don phobal. Tá Gort Inse Guaire nasctha le bóthar iarainn Thuamhan (nó, Thuadh-Mhumhan, más fearr leat). Móráin http://www.mediagroup.ie/index.php/people/conall_mrin/41 , Ciarán Ó Féinneadha agus daoine measúla eile bord bainistíochta bainc a fheidhmeodh trí Ghaeilge is a mbeadh oifig amháin aige i mBÁC agus seirbhísí idirlín le fáil as, an nglacfaí scaranna ann? Ghlacfaí. Laistigh den chéad lá trádála bheadh roinnt milliún cnuasaithe ann. B’fhéidir gur géire a theastaíonn banc dá leithéid ó mhuintir na tíre trí chéile anois ná mar a theastaíonn sé ó mhuintir na Gaeilge amháin le haghaidh seirbhísí Gaeilge. Tráth a bhfuil easpa measa agus easpa creidimh araon i gcreidmheas na bhforas ilnáisiúnta airgeadais, ba chóir go mbeadh níos mó ná lucht díograise na Gaeilge ag triall ann. An bhfuil an t-iarann te? An mithid a bhualadh?

Is líonmhaire teangacha eile ar shráideanna na hÉireann thar mar ba nós roimhe seo. Is ilteangaí sinn mar Éireannaigh thar mar a bhíodh, ní a chiallaíos gur fearr i bhfad i mbun díol is ceannach le tíortha thar lear feasta sinn. Bíonn uaireanta fada breise de chláir Ghaeilge ar an teilifís thar mar a bhíodh. Cuimhnímis gur i dtuilleamaí leathuair an chloig a bhíodh an Ghaeilge ar an teilifís i rith an Gheimhridh scór go leith bliain ó shin. Tá an Ghaelscolaíocht níos treise ná mar a bhí san am a caitheadh: http://www.gaelscoileanna.ie/index.php?page=aims&lang=ga . Tá dhá iris mhíosúil idirlín Ghaeilge againn anois agus tá nuachtán laethúil linn, go fóillín. Tá nuachtán seachtainiúil againn leis. Tá reachtaíocht ag teacht i bhfeidhm, de réir a chéile, a chinnfeas nach in áit na leathphingine a bheas an teanga seo againne, i saol na 26 contae ar a laghad ar bith. Is líonmhaire ar an bpost chugainn bileoga Gaeilge agus bileoga dátheangacha ná mar a bhíodh. Is feasach dúinn muintir na Gaeilge thar lear thar mar ba fios cheana. Is féidir airgead a tharraingt i nGaeilge as an mbanc balla san iliomad áiteanna nárbh fhéidir cheana. Tá Poblacht na hÉireann féin méadaithe 50% thar mar a bhí, siar ó dheas http://archives.tcm.ie/breakingnews/2007/04/07/story305438.asp , ní a bhéarfas idir mhianraí agus mhuireolais chugainn amach anseo. Is iomaí cor a chuirfimid dinn mar dhream go ceann cúpla glúin eile ach cén t-iomaire is féidir linn treabhadh is nach bhfuil faoi láthair?

An bhaincéireacht Ghaeilge a déarfainn, tharla gur laige an bhaincéireacht thar meon faoi láthair, ach ní bhunaítear banc le seirbhís a roinnt ar a chuid custaiméirí in am ar bith. Bunaítear banc le brabús a dhéanamh agus sin a bhfuil de.

Bunaíodh Banc Náisiúnta na hÉireann sa bhliain 1835, tráth a raibh bunadh na hÉireann ar an ngannchuid agus tráth a raibh tiarnaí talún is lucht gróite ag sú allas na gcnámh astu. Cainteoirí dúchais Gaeilge don chuid is mó a bhunaigh é, an Fuascailteoir ar thiarna talún é féin, ina measc. Mionscairshealbhóirí ba ea an chuid is mó acu, ach bhí corrshagart ina measc, breitheamh nó dhó agus bhí miontiarna talún thall is abhus le háireamh ina measc chomh maith. Níor Chaitlicigh amháin a bhí ann ach oiread. Ar nós Chonradh na Talún a tháinig ina dhiaidh, bhí ballraíocht ilchreidmheach ann. Bunaíodh é, ar nós gach banc a bunaíodh, le tairbhe a dhéanamh dá scairshealbhóirí. Le bunú Banc Náisiúnta na hÉireann 1835, tugadh lámh chúnta don duine a bhí in ann punt a chur le chéile, ach má chuidigh sé le snáithe a chur faoin bhfiacail dó, chuir sé an Béarla faoin bhfiacail leis! Ar ndóigh, bhí an banc ar aon ghlúin, nach mór, le bunú Coláiste Mhaigh Nuad 1795 agus le tús an murder machine nuabhunaithe 1831 mar a chéile. Bhí na trí fhoras láidir Béarla úd ag teacht ar an bhfód an ghlúin sin. Dhá ghné de shaol an phobail is fiú greim a fháil orthu, an t-airgead agus an t-oideachas. Tháinig tionóntaithe Caitliceacha as an tsáinn a raibh siad ó shin agus díoladh a mbanc leis an Danske Bank Group trí bliana ó shin mar nár riachtanach a thuilleadh é do shliocht sleachta an dreama a bhunaigh é. Ba é a riachtanas feasta brabús a dhéanamh d’aicme eile nach iad. An mithid bunú banc Gaeilge a iniúchadh an athuair? Cuireadh an cheist sin an chéad seo caite, sular tháinig an téagar sna Ceiltigh ar na mallaibh, ach b’fhéidir nach raibh a leithéid tráthúil roimhe seo. Thagair Pádraig Mag Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, le deireanas do sheirbhísí Gaeilge a bheith sna bainc, tharla airgead poiblí a bheith dá n-urradh anois. Cuirimis an cheist, dá mbunófadh an tOllamh Fionnbharra Ó Brolcháin, An tOllamh Nollaig Ó Faoláin (Féach faoi W ag http://www.carb.ie/uploads/CARB%20Board%20Collective%20Biographies1.pdf ), Conall Ó

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.