CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
Is iomaí slí sin
Antain Mag Shamhráin Antain Mag Shamhráin

Míníonn Antain Mag Shamhráin anseo an dóigh a mbíonn sé níos deacra luí isteach ar an smaointeoireacht agus tú ag tabhairt do bheatha i dtír mar eagarthóir.

Íomhá
J. Hillis Miller, údar an leabhair On Literature
Íomhá
An criticeoir Hermione Lee

Is iomaí slí sin a gcastar leabhar ar dhuine. Ar leabhragán i siopa mór leabhar i mBaile Átha Cliath a chonaic mé *On Literature *(2002) le J. Hillis Miller de chéaduair i dtús na bliana seo. Níor léigh mé de shaothar Miller roimhe sin ach aiste amháin ar scoil chritice na Ginéive a luaití leithéidí Georges Poulet, Jean Rousset agus Jean-Pierre Richard léi. (Shíl mé an tráth sin ar chúis éigin gur cuid dá shloinne an t-ainm “Hillis” agus is mar sin a d’fhoilsigh mé ar leabharliosta ag an am é.) Ba dhuine de lucht leanúna scoil na Ginéive i dtús ama é ach, mar a tharlaíonn, d’athraigh a chuid smaointe in imeacht na haimsire agus bhí sé le háireamh ar ball ar chriticeoirí na díthógála a bhí ag saothrú in Yale. Bhí sé ar an dream a thug bheith istigh do Jacques Derrida sa saol acadúil. Creidim gur beag ionad buan a bhí ag Derrida in institiúidí na Fraince ar feadh na mblianta d’ainneoin a stádais mar fhealsamh agus mar scríbhneoir.

Bhíodh Miller á lua sna tuairiscí a bhíodh le léamh agus le cluinstin ar chogaí na critice sna hacadaimh léinn, sna Stáit Aontaithe go háirithe, aimsir na conspóide fá theoiricí na díthógála tamall nach bhfuil chomh fada sin ó shin. Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe. Ba dhóigh le duine ar na tuairiscí go raibh Harmagadón na sibhialtachta san Iarthar buailte linn; bhuel, deireadh leis an ollscolaíocht mar is eol sna Stáit Aontaithe í cé bith.

Ba é mo mhian riamh a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí agus leis na forbairtí sin uilig nó, cé gur mheas mé gurbh amaideach an mhaise ag acadúlaithe agus ag criticeoirí na nua-litríochta Gaeilge dul i ndeabhaidh i sciorta ar bith den díospóireacht nuair nár ghá ná nár thairbhe dóibh é, ba é gort sin na critice an gort a bhínnse ag iarraidh a shaothrú. Níor éirigh sin liom riamh ar bhealach ar bith a shásaigh mé. Ina áit sin caithim mo laetha oibre, agus go leor de mo chuid oícheanta in amanna, ag iarraidh ord agus eagar a chur ar smaointe daoine eile; agus rud is measa go mór, ar litriú na bhfocal acu, gan trácht ar chomhréir na teanga ná ar an ghramadach acu.

Is ar an eagarthóireacht a shaothraím mo chuid agus níl mé a rá nár thoiligh mé leis an obair sin ar bhealach éigin, mar creidim nach dtig litríocht ná critic ná cur is cúiteamhdíospóireacht fhiúntach a bheith ann mura gcleachtann lucht pinn is caibidle cruinneas friotail is smaointeoireachta. Bhí sé ar spriocanna agus ar bhunchúiseanna an irisleabhair Oghma tráth a mhair sé an cruinneas sin a chur chun cinn, nó ar a laghad ar bith an fhaill a thabhairt do dhaoine féachaint leis an chruinneas sin a chleachtadh. B’fhéidir gurb é rud a thit ar mo chrann gort an fhriotail a shaothrú seachas gort na smaointeoireachta. Féadaim a rá anois ar scor ar bith, ó tá cúig bliana is fiche den eagarthóireacht curtha isteach agam, nach rómhaith a luíonn aigne na heagarthóireachta agus aigne na smaointeoireachta le chéile de mo dhóighse.

Mar an gcéanna agam i ndiaidh tamaill Matamaitic na hArdteistiméireachta, stair Chonradh na Gaeilge, liosta de théarmaí ríomhaireachta, úrscéal do dhéagóirí nó saothar litríochta de shórt ar bith. Bíonn ag an eagarthóir le foilseachán fiúntach a dhéanamh as a bhfaigheann sé roimhe de shaothar duine eile, agus sin a dhéanamh i gcuid téarmaí an ábhair féin ar bhealach a fhanann dílis don údar. Ach is ansin a stadann sé. Téann sé i ngleic leis an ábhar mar mhaithe le fiúntas an fhoilseacháin a chinntiú ach ní thugann sé an chéad chéim eile. Ní mar mhaithe le freagairt go criticiúil don ábhar a léann eagarthóir saothar. Ní chuireann an eagarthóireacht mórán ar fad leis an chumas anailíse a bhíonn de dhíth ar an chriticeoir. Tá dabht orm go n-éiríonn an aigne cleachtach ar obair na heagarthóireachta i ndiaidh tamaill agus ainchleachtach ar anailís na smaointeoireachta. Is maith léi stopadh ar thairseach na smaointeoireachta. Is leasc léi dul i ngleic i gceart leis na smaointe atá sí féin a phróiseáil. Thiocfadh dó gur ag diúltú dóibh a bhíonn sí ó nach léi féin iad mar smaointe sa chéad áit; ós smaointe athláimhe iad.

Faoi gheasa

Ach níor bhain mé deireadh dúile den smaointeoireacht go fóill agus nuair a tchím macasamhail leabhar Miller ag sméideadh anall go meallacach ón tseilf orm ní bhíonn cur suas agam di. Tá mé faoi gheasa leabhair mar í, agus leabhair nach í, a cheannach agus toiseacht ar a léamh, agus ansin, chomh dóiche lena mhalairt, iad a charnadh ar an urlár cois leapa go bhfaighe mé an fhaill ar a gcríochnú lá níos faide anonn, nó nuair a éalóidh m’aigne ó chuing na heagarthóireachta. Níl a fhios agam cá mhéad leabhar a thosaigh mé gan chríochnú le cúpla bliain anuas. B’fhéidir nach iontas ar bith é ar an ábhar sin aiste a bheith anseo agam tá cúpla mí ó shin ar *thús *’Bullaí Mhártain’ ná gur chuir mé sonrú speisialta i gclúdach na leabhar agus sna blurbaí in aistí eile a scríobh mé roimhe seo!

Is beag gné de shaothar litríochta is tábhachtaí ná an tús. *Introibo *na litríochta iad na focail tosaigh. Cuireann siad ceann ar an scéal agus an stiúir thosaigh ar an léitheoireacht. Is iad an bonn faoin saothar léitheoireachta iad; múnlaíonn siad ionchas an léitheora ó thús. Labhair mé sa cholún seo cheana ar a bheith ag castáil leis na scoláirí an uair nach raibh mé féin ar scoil, mar a déarfá. Is léir dom anois go gcaithfidh sé go raibh tionchar ag Miller agus a leithéid eile orm gan fhios dom, maidir le béim ar thábhacht seo an túis de cé bith. Tá tráchtaireacht ar leith ag Miller in *On Literature *ar an tús i saothar litríochta agus dá mbeadh moill ar bith orm an leabhar a cheannach an lá údaí nuair a chonaic mé de chéaduair í cá bhfuil mar a chuirfinn ar ais ar an tseilf í nuair a léigh mé a leithéid seo:

For me the opening sentences of literary works have special force. They are ‘Open Sesames’ unlocking the door to that particular work’s fictive realm. All it takes is a few words, and I become a believer, a seer. … the opening words instantly transport me into a new world. All the words that come after in each work do no more than give me further information about a realm I have already entered. The words are radically inaugural. They are the creation, in each case, of a new alternative universe. … Having read these opening words, the reader wants to go on reading. The words whisk the reader into a new place. He or she is enchanted in an instant and wants to explore this brave new world further. This can only be done by reading further, and so the reader is ‘hooked’. (On Literature, lgh 24, 25, 26-27) Is cuimhin liom Hermione Lee a fheiceáil ar an teilifís uair amháin ag caint ar an dóigh a mbíonn daoine fásta ag léamh na litríochta sa tsúil is go gcuirfidh an léitheoireacht faoi dhraíocht athuair iad mar a chuir le linn a n-óige. Is é a bhí sí a mhaíomh, má thuig mé i gceart í agus más buan mo chuimhne, gur beag duine a mbíonn sé de phribhléid aige an draíocht chéanna a bheith air arís leis an léitheoireacht, ach ina áit sin gurb iad an teip agus an díomá is gnách a bheith i ndán don léitheoir fásta.

Is cosúil gur duine de lucht na pribhléide sin Hillis Miller ar go leor bealaí. Admhaíonn sé go bhfuil cumha air i ndiaidh léitheoireacht shoineanta na hóige ach ag an am chéanna is í an léitheoireacht shoineanta sin aige an bhunchloch faoi shaothar acadúil an dhuine fhásta. Nuair a léigh sé The Swiss Family Robinson le linn a óige, a deir sé, “to me it seemed a collection of words fallen from the sky and into my hands. These words allowed me magical access to a pre-existing world of people and their adventures. The words transported me there. … Was it no more than childish naiveté, or was I responding, in however childish a way, to something essential about literature? … I believe my childhood experience had validity. It can serve as a clue to answering the question, ‘What is literature?’” (On Literature, lgh 14, 15)

Tá mé féin ag léamh liom faoi láthair, ag déanamh mo bhealaigh go malltriallach trí leabhar seo Miller. Is leabhar gleoite í. Leabhar léannta ó pheann saoi le léann; is léir sin ar líofacht agus ar oilteacht na scríbhneoireachta aige. Tá mé ag déanamh go n-aithneoinn parti pris *Miller ar fud an leabhair dá mbeinn eolach go leor ar na conspóidí critice údaí ar labhair mé cheana orthu, agus b’fhéidir ar chonspóidí úra atá ag fabhrú faoi láthair. Bheadh iontas orm murar cuid de dhíospóireacht leanúnach *On Literature. Ach glacaim leis sin. Bíonn dúil agam leis sin, leis an fhírinne a rá. Níl conspóid oscailte ar bith sa leabhar ina dhiaidh sin. Níl duine ar bith á ionsaí ná á dhamnú go hifreann aige. Is é atá ar siúl aige a chuid tuairimí féin a nochtadh, a scrúdú, a spíonadh, a thaiscéaladh, a mhíniú. Tá sé ag tarraingt as tobar domhain a chuid eolais féin ar an litríocht, ar an fhealsúnacht agus ar an chritic, agus sin go héasca soléite ionas go mbeadh a chuid argóintí soleanta ag mo leithéid a bhfuil breaceolas aige ar an réimse léinn atá i gceist. Tá ábhar machnaimh ar achan líne dá scríobhann sé. Tá súil agam go mbeidh faill agam filleadh ar ghiotaí éagsúla de sa cholún seo lá níos faide anonn.

Tagairt: J. Hillis Miller, On Literature, Londain & Nua-Eabhrac, Routledge, 2002.

Is é Antain Mag Shamhráin údar Litríocht, Léitheoireacht, Critic (1986), agus ba é comheagarthóir an irisleabhair bhliantúil Oghma (1989-98). Is ball é d’fhoireann eagarthóireachta an Ghúim ó 1980 i leith. Is as Contae Dhoire ó dhúchas é ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.