AR NA SAOLTA SEO
Is Iomaí Slí Sin
Kate Fennell Kate Fennell Kate Fennell

déan nós is bris nós. Kate Fennell ag glacadh le nósanna na Tuirce, go fiú nuair a chiallaíonn do leanbh a scaoileadh le daoine coimhthíocha a chasfar duit sa tsráid.

Íomhá
Beirt faoi dhraíocht an tsaoil
Íomhá
Amach leat ansin agus sín do dhá chois
Íomhá
Cheshm-Nazar, leagan de bhriocht na Tuirce san Iaráin
(cc le Alborz Fallah ar Vicipéid)
Íomhá
Brothall agus rósamh
Íomhá
Faoi dhraíocht

Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Chonghaile as Árainn, Co. na Gaillimhe.

Ceann de na rudaí is suimiúla maidir le taisteal foghlaim faoi na traidisiúin a leantar sna tíortha ina bhfuil . Sa Tuirc, áit a bhfuilim ar feadh trí bliana agus ar rugadh páiste dom inti le déanaí, is ag cur aithne ar na nósanna spéisiúla atá acu maidir le tógáil páistí atáim.

1 Ith agus suí.

N’fhad is a bhíonn an bhean torrach bítear ag súil go mbeadh ina suí ar a sáimhín agus go mbeadh ag ithe i gcaitheamh an lae. Cinnte ag obair lasmuigh den teach caithfidh a bheith aclaí ach chomh luath is a thagann abhaile ba cheart di ionad sách sócúil a fháil di féin ar an tolg agus a ndóthain a ithe i gcomhair beirte. Ar a laghad. An gcuireann siad meáchan orthu? Cuireann. An cuma? Is cosúil nach cuma. A mhalairt go hiomlán a d’airigh féin. Agus seacht torrach bhí fonn orm dul ag taisteal agus bheith sna sleibhte ar chósta iarthar na tíre, agus sin é a rinne , rud nár thuig siad ar chor ar bith!

2 tóg aon rud nach leat.

Freisin, níor cheart do bhean torrach aon rud a thógáil uaidh aon áit ó aon duine gan fiafraí ar dtús. fheiceann cáca deas milis ar bhord os a comhair amach, mar shampla, níor cheart di é a bhlaiseadh roimh chead a fháil. Freisin níor cheart di aon rud a ghoid. ghoideann , creidtear go mbeidh ball dubh ar anam a páiste.

3 Fan 40 sa mbaile.

Th’éis don páiste theacht ar an saol, ba cheart don bhean agus a páiste fanacht sa mbaile ar feadh 40 . Is chun na drochspioraid agus drochthoil na ndaoine a sheachaint a dhéantar é sin. Tagann an mháthair chéile le cúnamh a thabhairt leis an bpáiste agus freisin leis an gcócaireacht, siopadóireacht agus le glanadh a dhéanamh. Fiú codlaíonn leis an mamaí nua i gcásanna uaireanta agus tugann cúnamh leis an páiste a bheathú i rith na hoíche. Bíonn máithreacha Turcacha ag tnúth leis an deis seo ar feadh a saoil. Nuair a bhíonn an 40 la thart fágfaidh slán ag an teaghlach nua, rud a chuireann áthas díomá ar an teaghlach nua, ag brath ar an gcineál caidrimh atá acu.

4 An BriochtNazar’

Ceann de na nósanna is tábhachtaí caitheamh annazar an tsúil nimhe’, mar a deir an Béarla, anevil eye’. Is súil ghorm agus bhán atá ann déanta as gloine a chosnaíonn an duine in aghaidh drochspioraid drochsmaointe na ndaoine. Nuair a théann an mháthair amach don chéad uair ba cheart nazar beag a ghreamú ar éadach an pháiste chun é a chosaint. Creidtear go bhféadfadh éad a bheith ar dhaoine roimh an bhean agus a páiste álainn agus go bhféadfadh na smaointe éadmhara sin mallacht a chur ar an leanbh. Mura mbíonn ceann ar do pháiste, cosúil le mo chás-sa, bronntar ceann ort gan mhoill. Chreid cara amháin liom gurb é éad a col ceathar a chur an tinneas obann a tháinig ar a hiníon tráth. Thug í chuig an Imam (sagart Muslamach) agus ghlan í le deasghnáth agus le hurnaithe. Creid é creid, an dár gcionn bhí biseach uirthi arís.

5 préachtaí leis an bhfuacht!

Ceann de na rudaí a chaithfidh mamaí nua dul i gcleachtadh air anseo an méid faitíos atá ar na Turcaigh roimh pháistí a bheith ag éirí fuar. Fiú nuair nach mbíonn fuar. sa deisceart ar feadh an Gheimhreadh áit a bhfuil se 20 céim Celsius agus grianmhar. Mar sin féin, tagann gach duine aníos chugam le cuma imníoch ar a n-aghaidh agus na foclaUsudu, usudu, usudurud a chiallaíonn, “ preáchtaíthe, preáchtaíthe”. Agus comhairlíonn siad caipín, pluid, stocaí, seaicéad cibé ball éadaigh eile a chur uirthi go dti mbíonn chomh te le hoigheann! Fásann na páisti suas agus faitíos orthu roimh an bhfuacht, ar ndóigh.

6 ‘Bebek! Bebek!

Chomh maith leis an gcomhairle maidir leis an bhfuacht (nach mbíonn ann!) is gnách anseo gur féidir le haon stráinséar do leanbh a thadhall, a phógadh agus a thabhairt ina bhaclainn más mian leo. Cinnte is féidir iarracht a dhéanamh é seo a dhiúltadh ach chomh mór sa traidisiún anseo go mbeadh ait ndiúltófaí go hiomlán. Idir aos agus óg, baineann agus fireann, oilte agus neamhoilte, bíonn ríméad orthu nuair a fheiceann siad gasúr óg agus béiceann siadbebek, bebek’páiste, páiste’ agus ag teacht ina dtreo. Tarraingítear pictiúirí leis na hifónanna, glaoitear anonn ar a gcairde agus cuireann siad an cheistbunu sevibilirmiyiz?” An féidir linn grá a thabhairt di? Ansin crochtar í ó dhuine go duine.

Agus b’fhéidir gurb shin é an fáth ag deireadh an lae a cheadaím féin dóibh na traidisiúin a chleachtadh mar is mian leo le mo pháiste, mar ag deireadh an lae níl siad ach ag iarraidh roinnt grá a thabhairt di agus a dhiúltódh sin sa atá inniu ann?!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as Oileán Mhuighinse i gConamara Kate ó dhúchas ach ta lonnaithe sa Tuirc le trí bliana anuas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.