CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Is Fada an tÚll ón Úllort Acu
Íomhá
Dathanna aiceanta scamaill
Íomhá
Banbh le dipygus san Úcráin
(le Vincent de Groot, videgro ar Vicipéid)
Íomhá
Searnóbail
(le Carl Montgomery ar Flickr)
Íomhá
Uan sléibhe, an fheoil is mó a shúigh an radghníomhaíocht

Éist anseo leis an alt á léamh ag Seosamh Mac Muirí:

Beifear ag caint ar an chogaíocht an mhí seo agus cé déarfas nach bhfuil údar maith acu, mo léan. Tá créacht agus loscadh cléibh eile ag creimeadh misnigh óg is aosta, in Éirinn go háirithe, agus braithim, ceart nó mícheart, go bhfuil ciúnas aduain ina thaobh. An líon ard daoine atá á sciobadh uainn ag an ailse atá i gceist agam. Braithim gur chóir dúinne, an dá thrian nár buaileadh leis an ailse, slán mar a n-instear, an scéal a chíoradh, thar mar a táthar á dhéanamh ar aon nós. Tá a ndóthain le déanamh ag na hothair féin agus ag na heagraíochtaí a bhaineann leis an ghalar mharfach seo.

An té a chuardóidh eolas ar an idirlíon, tiocfaidh sé ar an drochscéala gurb í Éire an dara tír is measa ar domhan i dtaca le bás den ailse. (Is í an Danmhairg is measa.) Is plá inár measc é. Buaileann sé gach cineál duine in Éirinn agus buaileann sé daoine óga chomh maith leis an duine fásta. Buaileann sé an duine nach n-ólann uisce as sconna .i. uisce le fluairíd ann. Buaileann sé an séantóir feola chomh maith leis an duine uiliteach.

Caithfidh mé cuimhneamh siar go dtí an mhaidin a raibh scamall Searnóbail ag teannadh le hÉirinn tús mí Bealtaine 1986 agus bhíothas ag caint faoi ar Raidió na Gaeltachta. D’fhág mé teach ar imeall na Gaillimhe tuairim 8.15 agus thug aghaidh le fána ar an rothar isteach bóthar Mhionlaigh. Ní raibh Droichead na Mílaoise tosaithe ag an am. Ar thaobh na cathrach den áit a bhfuil an droichead sin inniu, chonaic mé oibrí Bardais ag tomhas thart ar na tomacha ar bhruach na habhann le háiritheoir Geiger. Shíl mé go raibh sé spéisiúil gur cuireadh amach é roimh an bháisteach agus go raibh sé i mbun oibre chomh luath sin ar maidin.

An Nós is Annamh is Iontach

Nuair a bhain mé an ollscoil amach, cuireadh mo sháith iontais orm nuair a chonaic mé oibrí de chuid na hollscoile amuigh chomh luath céanna le fear an Bhardais agus é ar an ealaín cheannann chéanna. Bhí áiritheoir radghníomhaíochta beartaithe aige seo chomh maith agus ba léir gur thuig sé go maith a raibh le déanamh aige. Bhí sé á chrochadh thart ar na toir ar fad agus a shúil dírithe ar an léamh i dtólamh. Ba ait liom nach raibh éinne eile a bhí ag siúl nó ag rothaíocht thar bráid ag cur a dhath suime ann.

Tharla rud an tráthnóna sin ar Shlí Dála na hollscoile a chuir i mbun machnaimh mé. Chonaic mé scaifte meánaosta ag déanamh ar an phríomhdhoras mar a bheadh cipe ann, beagnach gualainn ar ghualainn a chéile, mar is dorchla an-leathan é. Bhí a gceann cromtha ag roinnt acu ag dearcadh ar an talamh rompu. Níor ghruaim go dtí iad. An t-achar fada go leor a raibh mé á bhfaire, ní raibh meangadh dá laghad ar bhéal éinne ina measc, ach a ghlanmhalairt. A leath ag caint leis an duine in aice leo. An leath eile ag éisteacht, gan smid as a mbéal.

Aithníonn Gaeilgeoir Gaeilgeoir Eile

Tháinig an duine ab óige, chun tosaigh agus tharraing sé an chomhla ar fhoscailt dóibh. D’aithin mé é mar bhí Gaeilge aige. D’aithin mé Gaeilgeoir eile ina measc. Bhí a fhios agam anois cén scaifte a bhí os mo chomhair, mar bhí a fhios agam go maith go raibh fear amháin de bheirt na Gaeilge ina bhall den Bhord Fuinnimh Eithnigh (NEB). (An Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch atá orthu inniu.) Ghlac mé staidéar domhain orthu go léir dá bhrí sin. Chaolaíodar leo i ngan fhios don tsaol, duine ar dhuine amach an doras a bhí foscailte ag Jim dóibh, agus iad go léir go ciúin agus múchta iontu féin.

Thug mé ruaig faoin tsiopa ar an bhealach abhaile d’aon aidhm amháin. Bhain mé na seilfeanna cúil amach agus chonaic go raibh stán mór ramhar amháin de phúdar bainne fanta agus cheannaigh mé é. Faoin am a raibh an stán ídithe, bhí an t-uisce gan dídean tagtha isteach i gcóras uisce an tí, ach ar a laghad ar bith, ní raibh leamhnacht radghníomhaíoch laethúil curtha trí mo cholainn sa mhullach air ar feadh achair éigin laethanta nó coicíse.

Ar mo bhealach isteach chuig an ollscoil tráthnóna ina dhiaidh sin, chaith mé mo shúil ar an spéir agus chonaic mé aon mheall scamaill amháin a raibh deich ndath láidir nach bhfaca mé riamh le chéile in aon scamall amháin roimhe ná ó shin. Níor imirt gréine é ach oiread, bhí a fhios agam. Breis is fiche bliain i ndiaidh na tubaiste mhothaigh mé gur bhaist an dochtúir i mo shráidbhaile féin, ‘bliain na bhfionnán’ ar an bhliain i ndiaidh Searnóbail, cionn is gur rugadh deichniúr fionnán i ndiaidh a chéile san áit, a mhac féin san áireamh bíodh go raibh na tuismitheoirí ar fad chomh dubh leis an bhac.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.