AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Is beag seans atá ann go n-éireoidh le Plean Ibarretxe
Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez

Measann Carmen Rodríguez gur ag lorg vótaí breise a bhí Príomh-Aire Thír na mBascach nuair a chuir sé moltaí mar gheall ar thodhchaí an réigiúin faoi bhráid na Parlaiminte i mí na Nollag.

Íomhá
Príomh-Aire Thír na mBascach, José Luis Ibarretxe
Íomhá
Bratach Thír na mBascach
Íomhá
Príomh-Aire na Spáinne, José Luis Rodríguez Zapatero

Ritheadh bille thar a bheith conspóideach a dtugtar Plean Ibarretxe air (is é José Luis Ibarretxe lehendakari, nó Príomh-Aire, na mBascach) sa pharlaimint réigiúnach Bhascach ag deireadh mhí na Nollag. Is é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne. Tá sé i gcéist ag Ibarretxe reifreann a reáchtáil i dtreo is go mbeidh na Bascaigh ábalta a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin moladh atá aige.

Aisteach go leor, thug Batasuna, an páirtí polaitiúil atá ceangailte leis an ngrúpa sceimhlitheoireachta ETA (*Euskadi Ta Askatasuna *nó Tír na mBascach agus Saoirse), tacaíocht do phlean Ibarretxe ag an nóiméad deireanach. Tháinig an tacaíocht seo ó thriúr ball den pháirtí Batasuna (a bhfuil seisear ball ar fad acu sa Pharlaimint Bhascach) aniar aduaidh ar gach tráchtaire polaitiúl, ós rud é go raibh sé ráite ag Batasuna go soiléir gur tréas don phobal Bascach é Plean Ibarretxe, mar nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh Tír na mBascach neamhspleách go hiomlán ón Spáinn.

Má dhéanann an Pharlaimint Spáinneach i Maidrid dlí den bhille seo agus má bhíonn an bua ag moladh Ibarretxe i reifreann, beidh na saoránaigh ó Thír na mBascach ábalta saoránacht Bhascach chomh maith le saoránacht Spáinneach bheith acu agus beidh aitheantas oifigiúil ag an dá cheann.

Ach níl José Luis Rodríguez Zapatero, Príomh-Aire na Spáinne, sásta tada nach bhfuil i dtéacs bhunreacht na Spáinne ó 1978 a phlé. Chomh maith leis sin, tá Zapatero den tuairim nach gcuireann an plean atá ag Ibarretxe san áireamh an dearcadh polaitiúil atá ag caoga faoin gcéad de na saoránaigh i dTír na mBascach ar mhaith leo an stádas atá ag an tír a choinneáil.

Tuigeann Ibarretxe go maith nach mbeidh idirbheartaíocht cheart ann idir na dá rialtas agus tá sé ráite aige le rialtas sóisialach Zapatero nach dtuigfidh an chuid is mó den phobal Bascach drogall an rialtais lárnaigh dul i gcomhairle leo chun teacht ar shocrú.

D’ainneoin sin, tá Ibarretxe ag iarraidh go mbeidh an reifreann ann, fiú mura bhfuil an rialtas i Maidrid sásta glacadh leis. Ach bheadh ar an rialtas lárnach dearbhú go raibh sé mídhleathach, ós rud é nach nglacann Bunreacht na Spáinne in aon chor leis an bhféidearthacht seo. Mar sin, go teicniúil d’fheadfadh rialtas Zapatero rialtas Ibarretxe a thabhairt os comhair na cúirte.

Mar bharr ar an donas, fiú dá mbeadh an bua ag plean Ibarretxe i reifreann, tá sé fógartha cheana féin ag Alava, ceann de na trí chúige i dTír na mBascach, nach mbeadh siad sásta bheith páirteach in aon chor i dtír a bheadh neamhspleách ón Spáinn.

Diúltaíonn polaiteoirí áirithe de chuid na heite deise go hiomlán do bhunú Saorstáit Bhascaigh. Tá siad den tuairim nach mbeadh aon spás do stát mar seo laistigh de fhráma an Aontais Eorpaigh agus gurb iad na gnáthdhaoine Bascacha a bheadh thíos le moladh Ibarretxe dá gcuirfí i bhfeidhm riamh é.

Tríd is tríd, tá gach cuma ar an scéal nach raibh Ibarretxe ag súil in aon chor go nglacfaí leis an bplean nuair a chuir sé faoi bhráid na Parlaiminte Bascaí é agus go raibh sé ar intinn aige leas a bhaint as chun níos mó vótaí a fháil san olltoghchán Bascach a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine.

Is cosúil, áfach, nár thuig sé chomh glic is atá Batasuna.

As Galicia sa Spáinn ó dhúchas í Carmen Rodríguez ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois. Tá céim sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.