AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Iomrall Ceartais Náireach
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is fánach an áit a bhfaighfeá iomrall agus imirt na héagóra ar dhaoine. Is feasach do Bhearnaí Ó Doibhlin scéal den mhí-ádh agus den uisce faoi thalamh sin.

Íomhá
Nicola Roxon, Iar-Ard-Aighne na hAstráile
(le Fernando de Sousa ar Flickr)
Íomhá
Seisear na Cróite
(le Justice4Six ar Facebook)
Íomhá
Ambasáid na Cróite san Astráil
(le M. Zanetic-Zalante ar Vicipéid)
Íomhá
The Hon Mark Dreyfus QC, Ard-Aighne na hAstráile
(le Attorney-General's Dept.)

Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite:

Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí;

Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu;

• Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach;

Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú;

Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis;

• Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás;

• Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus

Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.

Ní hea an t-iomrall ceartais a rinneadh ar an Seisear Birmingham atá i gceist thuas, ach éagóir ar sheisear Astrálach, eadhon Max Bebic, Vic Brajkovic, Tony Zvirotic, Mile Nekic, Joe Kokotovic agus a dheartháir Ilija Kokotovic. Is iomaí rud atá i gcoiteann ag an dá iomrall ceartais, ach tá éagsúlacht ríthábhachtach amháin ann: níl an éagóir Astrálach curtha ina ceart fós.

Seisear i nGéibheann

Ba de shliocht Crótach iad na fir Astrálacha go léir agus tugadh Seisear na Cróite orthu sna meáin abhus. Bhí an Chróit ina cuid den Iúgslaiv nuair a gabhadh iad ag deireadh na seachtóidí. Thacaigh comhphobal Crótach na hAstráile go láidir leis an bhfeachtas le neamhspleáchas na Cróite a bhaint amach agus bhí an tseirbhís rúnda sa dá thír ag bailiú faisnéise faoi na heagrais éagsúla Chrótacha abhus. Ciontaíodh an seisear as comhcheilg áiteanna éagsúla in Sydney, príomhchathair New South Wales (NSW), agus sa cheantar máguaird a bhuamáil agus gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu. Chaith gach duine acu tuairim is deich mbliana i gcarcair.

Bhí an fíorasc i gcoinne an tseisir bunaithe ar thrí mhír. Ar an gcéad ásc, mhaígh na póilíní gur aimsigh siad ábhar pléascáin i ngach teach s’acu nuair a rinne siad ransú ar thithe an tseisir sa bhliain 1979. Anuas air sin, mhaígh na póilíní gur admháil na fir go léir go raibh siad páirteach sa chomhcheilg agus chuir siad a n-admhálacha gan síniú faoi bhráid na cúirte. Agus faoi dheireadh d’iompaigh fear darb ainm Vico Virkez, a d’admhaigh go raibh sé páirteach sa chomhcheilg, ina fhinné stáit.

Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí go raibh Virkez ina bhall de sheirbhís rúnda na hIúgslaive, an UDBA, agus gur Seirbeach é den ainm Vitomir Misimovic. Tá an tOllamh John Schlinder, saineolaí Meiriceánach ar chúrsaí na mBalcán agus a seirbhís rúnda, den tuairim go raibh Virkez ag feidhmiú mar agent provocateur san Astráil ar son UDBA um an dtaca sin. Níos measa fós, sceith Ian Cunliffe, iarfheidhmeannach i Roinn an Phríomh-Aire in Canberra, an rún go raibh faisnéis ag seirbhís rúnda na hAstráile a léirigh go raibh na fir neamhchiontach, ach gur coinníodh siar í le slándáil náisiúnta a chosaint.

An Mheitheal in Aghaidh na Córa

Cuireadh go mór leis an amhras faoin bhfíorasc nuair a cruthaíodh le linn coimisiún ríoga ar na póilíní in NSW go raibh cuid de na bleachtairí a bhí i gceannas ar an bhfiosrúchán in éadan Seisear na Cróite lárnach san ‘éilliú sistéamach’ san fhórsa. Bhí fianaise bhréagach, nó ‘fitting up’ mar a thugtar uirthi i mbéarlagair lucht na coiriúlachta, i measc na líomhaintí a cuireadh ina leith, agus ciontaíodh cuid acu as mionnú éithigh agus as saobhadh cúrsaí na córa ní ba dhéanaí. D’iarr na dlíodóirí cosanta ar an mbreitheamh le linn thriail an tSeisir gan admhálacha na bhfear a ligean isteach mar fhianaise mar go raibh siad gan síniú, ach dhíbh sé an t-áitiú sin. Ritheadh leasú ar an reachtaíocht ghaolmhar sa pharlaimint in NSW tar éis na trialach le toirmeasc a chur ar úsáid a leithéide. Rómhall do Sheisear na Cróite, faraor.

Reáchtáladh achomhairc éagsúla ar chás Sheisear na Cróite thar na blianta, an ceann is deireanaí in Ard-Chúirt NSW cúpla mí ó shin. Cuireadh an fhianaise nua thuasluaite faoi bhráid an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ach chinn an breitheamh go raibh an fíorasc bunúsach iontaofa de bharr nach raibh aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar an seisear, in ainneoin a n-iompar coiriúil i gcásanna eile. Fágann an cinneadh seo nach bhfuil aon bhealach eile le hainmneacha an tSeisir a shaoradh mura gcinneann Ard-Aighne na hAstráile an cás a oscailt arís.

Mar fhocal scoir, ceapadh duine nua ina Ard-Aighne ar na mallaibh. Mark Dreyfus is ainm dó agus mheabhródh a shloinne do chách ceann de na héagóracha is measa riamh, l’affaire Dreyfus mar a thugtar uirthi sa Fhrainc.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.