AR NA SAOLTA SEO
Íomhá nua na ngluaisteán leictreach
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

éirithe le comhlacht Meiriceánach carr leictreach a fhorbairt a bhfuil an-tóir air. Tuairisc ó Phádraig Mac Éamoinn .

Íomhá
An Prius, carr hibrideach Toyota
Íomhá
An Nice Mega City
Íomhá
Ainmníodh Tesla Motors in ómós do Nikola Tesla
Íomhá
An Tesla Roadster

Úsáidtear 68% den ola a chaitheann na Stáit Aontaithe ar chúrsaí iompair, an mhórchuid di ar iompar bóthair. an scéal amhlaidh san Eoraip. Agus as an ola a dhónn na feithiclí móra agus beaga, is iad na feithiclí beagana gluaisteáina bhfuil an tart is orthu. gur féidir le hiompar poiblí agus pleanáil chathrach fhadradharcach an atá le gluaisteáin a laghdú, beidh gluaisteáin de dhíth orainn go ceann i bhfad eile fós. An féidir a dtart a laghdú fiú staonairí a dhéanamh astu?

Ó am go ham forbraíonn dream éigin gluaisteán a úsáideannbreosla malartach”. Fuair Toyota mórán poiblíochta cheana féin lena ngluaisteán hibrideach, an Prius, agus tuillte acu, ach níl ann ach slí chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as an pheitreal atá in umar an ghluaisteáin. féidir an Prius a phlugáil isteach i soicéad leictreachais, agus bhrí sin, féidir fuinneamh a chur isteach sa ghluaisteán ach trí mheán an bhreosla. Bíonn caint anois ar hibridigh phlugála, feithiclí hibrideacha a d’fhéadfaí a phlugáil isteach peitreal a chur iontu, ach níl siad le fáil fós. Agus bíonn mórán cainte, go háirithe i Meiriceá, ar fhorbairt an eatánóil mar bhreosla malartach, nach bhfuil éasca eatánól a dhéanamh go héifeachtach agus gan a lán fuinnimh a chur amú.

Rinneadh gluaisteáin leictreacha roimhe seo, ach gluaisteáin bheaga a bhí iontu de ghnáth, feithiclí a raibh feidhmiú an-teoranta ag baint leo. Ach éileamh ann fósagus éileamh atá ag méadú de réir mar a mhéadaíonn praghas na hola. Mar shampla, cúpla comhlacht gluaisteán ag cur béime ar Londain mar mhargadh faoi láthair. Is margadh maith é Londain le haghaidh mionghluaisteán leictreach. dlús mór daonra ann. dhéanann roinnt de bhunadh na cathrach ach turas bóthair measartha gairid gach , go dtí an oifig na siopaí an scoil. Agus, ag tiomáint gluaisteán leictreach, duit an táille cháiliúil sin, an táille phlódaithe tráchta, a íoc nuair a théann isteach go lár chathair Londan.

Is gluaisteáin nua-aimseartha leictreacha iad anReva G-Wiz” (breis is €10,000 an praghas atá air) agus anNice Mega City” (€15,000), atá ar díol i Londain anois (is comhlacht Indiach é Reva, a bhfuil mórán gluaisteán díolta aige cheana féin i mbailte móra plódaithe na hInde). dhá shuíochán sna feithiclí seo, agus iad faoi lán seoil is féidir leo 60 ciliméadar san uair a bhaint amach, agus timpeall 80 ciliméadar an raon atá acu. Is cinnte nach bhfuil na figiúirí seo ach go measartha (agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta), ach is leor iad le mórán gearrthuras laethúil a dhéanamh. Is rogha mhaith iad chun an truailliú agus an spleáchas ar ola a laghdú ar bhóithre na cathrach. Ach, ar an drochuair, níl siad fós le fáil in Éirinn.

An íomhá ag athrú

Ach an íomhá seo atá ag carranna leictreachagur mionghluaisteáin iad atá an-teoranta agus oiriúnach don chathair amháinb’fhéidir go bhfuil athrú ag teacht uirthi. Timpeall cúig bliana ó shin, rinne Meiriceánach darbh ainm Martin Eberhard a shaibhreas i Silicone Valley, agus d’úsáid féin agus cúpla cara chuid a gcuid airgid chun comhlacht gluaisteán nua-aimseartha a chur ar bun. Tesla Motors an t-ainm a thug siad air, in ómós do Nikola Tesla, an t-innealtóir agus ceapadóir Seirbiach a fuair bás i 1943. (Ba eisean an chéad duine a mhol sruth ailtéarnach a úsáid chun leictreachas a tharchur.) Chuir an comhlacht nua seo roimhe gluaisteáin leictreacha a fhorbairt.

Dar leis an Uasal Eberhard, nuair a d’fhéach ar na gluaisteáin leictreacha a bhí déanta ag na monaróirí móra gluaisteán le blianta anuas, bhí rud amháin soiléir : “Na daoine a rinne na gluaisteáin seo, raibh dúil acu bheith ag tiomáint.”

Mar sin, rinne féin agus a fhoireann gluaisteán leictreach thar a bheith éagsúil a dhearadh. Is carr spórtúil é, ar féidir leis níos 200 ciliméadar san uair a dhéanamh. Luathaíonn ó bheith stadta go dtí 100 ciliméadar san uair níos tapúla Ferrari, agus gan fuaimach amháin seabhrán beag cosúil le fuaim triomadóra gruaige! Cuirtear le chéile é i monarcha Lotus i Sasanaagus dhéanann é a phlugáil isteach um thráthnóna, is féidir leis turas 400 ciliméadar a dhéanamh an maidin dár gcionn, a bhuí sin le teicneolaíocht chliste a úsáideann ceallraí iain litiam, cosúil leis na cinn a bhíonn i ríomhairí glúine (ach i bhfad níos ).

Shocraigh na hinnealtóirí go ndéanfaidís gluaisteán ar ardchaighdeán ar dtús, a chruthódh go raibh an teicneolaíocht i gceart agus a mheallfadh airgead chun gluaisteáin eile a fhorbairt. Mar sin, chunTesla Roadster” (an t-ainm atá air) a cheannach, foláir duit €80,000 a bheith i do mhuicín taisce. go bhfuil cúpla fréamhshamhail ann anois, dhéanfar an chéad sraith cheart (100 feithicil) a mhonarú go dtí 2007.

Nuair a d’fhoilsigh Tesla Motors a phlean, fuair siad neart iarratas ó dhaoine a bhí ag iarraidh gluaisteán a cheannach. Mar sin, agus in ainneoin an phraghais agus an fheithimh, bhí an chéad sraith ar fad díolta taobh istigh de chúpla seachtain. Bhí timpeall céad duine sásta €80,000 a íoc ar ghluaisteán nár thiomáin siad riamh agus ar ghá fanacht bliain leis!

Chuir Sergey Brin, duine den bheirt a bhunaigh Google, dhá Tesla Roadster in áirithe. Chuir an t-aisteoir George Clooney ceann amháin in áirithe. Anois, liosta feithimh ann don chéad sraith eile. Níl na Tesla Roadster ar díol ach i Meiriceá, agus i gceithre cúig cinn de bhailte móra amháin. súil ag Tesla Motors 2,000 gluaisteán a dhíol go bliantúil ó 2009, agus gluaisteán leictreach eile níos saoire a fhorbairt tar éis anRoadster”. An aidhm atá acu gluaisteáin leictreacha a dhéanamhgnéasach”.

Cinnte, thagann an leictreachas do na gluaisteáin leictreacha ( acu Tesla Roadsters mionghluaisteáin uirbeacha iad) ó stáisiúin chumhachta a úsáideann ola gás, beidh truailliú áirithe i gceist agus cuirfear leis an téamh domhanda. Déanfar i bhfad níos dochair, áfach, mar a dhéanann gnáthghluaisteáin.Ach buntáiste mór eile ag baint le gluaisteáin leictreacha: is féidir a dtart a shásamh le cumhacht ón ghrian ón ghaoth ó na tonnta. Iompar gan truailliúrud nach mbeidh gnáthghluaisteáin atá ag brath ar pheitreal ábalta a chur ar fáil go deo.

Pádraig Mac Éamoinn ag obair in earnáil na heitlíochta. ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.