AR NA SAOLTA SEO
Íomhá na nGardaí ag dul in olcas
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Chuir brúidiúlacht na nGardaí le linn agóide i mBaile Átha Cliath ar an 6 Bealtaine alltacht ar go leor daoine. Tá mí-iompar á chur i leith na nGardaí go rialta le roinnt blianta anois, áfach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.

Íomhá
Léirseoir gortaithe ag an chíréib ar 6 Bealtaine.
Íomhá
Cuid den slua a ghlac páirt in agóid i gcoinne iompar na ngardaí, 9 Bealtaine.
Íomhá
Le linn na círéibe ar 6 Bealtaine.
Íomhá

Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche. Chuir an grianghraf seo de Gharda, a foilsíodh sna nuachtáin ag tús na míosa seo caite, alltacht ar fhormhór mhuintir na tíre. Ní hé seo an íomhá is mian linn a cheangal inár n-intinn leis An Gharda Síochána.

Níl aon dabht ach go ndeachaigh na Gardaí thar fóir lena mbataí ar an 6 Bealtaine 2002 ag an léirsiú i mBaile Átha Cliath. Ach ábhar imní i bhfad níos mó is ea an mí-iompar i measc na nGardaí nach bhfeictear. Mar dá olcas mhí-iompar na nGardaí in áiteanna poiblí, is féidir a bheith cinnte gur measa go mór a n-iompar laistigh de bhallaí sábháilte teolaí an stáisiúin.

I 1981 dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána ag an am gur réitíodh 80% de choireanna an Stáit seo trí amhrastaigh a cheistiú. Más fíor don iar-Choimisinéir, is tábhachtaí an ceistiú mar sin do na Gardaí ná aon obair bhleachtaireachta a dhéantar ná fianaise eolaíoch a bhailítear. De ghnáth, nuair a ghabhtar amhrastaigh is iad na Gardaí áitiúla a dhéanann an ceistiú. Ach na laethanta seo má bhíonn ag teip orthu seo is minic a lorgaítear cabhair ó Ghardaí sa National Bureau of Criminal Investigation. Tá níos lú ná dáréag Garda ón rannóg seo freagrach as formhór na bhfaoistiní a dhéantar.

Sa Bhreatain agus sa tuaisceart ceadaítear don dlíodóir a bheith i láthair fad is a cheistítear an t-amhrasán, rud nach gceadítear sa Stát seo. Ainneoin gheallúintí an iar-Aire Dlí agus Cirt, go dtí seo níl trealamh taifeadta le fáil ach i thart ar an ochtú cuid de na stáisiúin Ghardaí. I gcás amhrastaigh amháin le déanaí, Dutch Holland, rinne sé iarracht taifeadáin a cheilt ina bhróg agus ina chrios ach d’aimsigh na Gardaí iad agus baineadh de iad. Ar na cúiseanna seo is fada daoine amhrasach faoi na faoistiní a dhéantar laistigh de stáisiúin Ghardaí. Ach le tamall anuas tá na cúirteanna féin fiú tar éis amhras a léiriú.

Athrú ráitis phearsanta

Colm Murphy an t-aon duine a ciontaíodh go dtí seo as an sléacht a deineadh ar an Ómaigh beagnach ceithre bliana ó shin. Ba bhleachtairí, Donnelly agus Fahey agus Hanley agus McGrath, a cheistigh Murphy. Cé go bhfuarthas Murphy ciontach le linn na trialach chaith an Giúistís Barr fianaise na mbleachtairí Donnelly agus Fahey amach nuair a cruthaíodh go raibh an bheirt tar éis ráiteas pearsanta a athrú. “Persistent lying on oath” a chuir an Giúistís i leith na mbleachtairí seo agus thug sé “discreditied witnesses” orthu. Tamall roimhe sin, i dtriail John Gilligan, léirigh an Giúistis Diarmuid O’Sullivan imní toisc nár choimeád an bleachtaire Hanley aon chuntas ar ar na cruinnithe a bhí aige le finnéithe, Russel Warren agus Charles Bowden. B’ábhar cáinte aige freisin gur tugadh airgead do bheirt fhinnéithe an Stáit. “It would have created the perception in their minds that the payments were being made in consideration of them incriminating their partners in crime,” a dúirt sé.

Caitheadh amhras ar fhianaise an bhleachtaire Hanley arís i gcás Paul Ward. I ndiaidh dhúnmharú an iriseora Veronica Guerin cheistigh na Gardaí an-chuid daoine, ina measc Paul Ward. De réir na mbleachtairí Hanley agus O’Shea, chuir siad agallamh ar Paul Ward i stáisiún na nGardaí i Leamhcán i gContae Átha Cliath ar an 18 Deireadh Fómhair 1996. Ach le linn an cháis cúirte dúirt na Gardaí gur admhaigh Ward sa stáisiún céanna an lá roimh ré go raibh sé bainteach le marú Veronica Guerin. Léirigh an Chúirt Choiriúil Speisialta iontas go bhféadfadh Hanley agus O’Shea agallamh a chur ar Ward agus gan fios acu go raibh faoistin déanta aige cheana féin.

Léirigh an chúirt imní freisin maidir le marcanna a bhí ar mhuinéal Ward. Le linn do Ward a bheith á cheistiú thug na Gardaí a chéile isteach le ceistiú freisin. Ag tagairt dó seo dúirt an Giúistís Barr: “As to the visit of Ms Vanessa Meehan to the accused, the court accepts her evidence that she was successfully subjected to grievous psychological pressure by Det Sgt Hanley and perhaps other officers also to assist the police in breaking down the accused, who up till then had maintained consistent silence over many interrogation sessions”. Ghlac an chúirt leis freisin gur de bharr brú ó na Gardaí a d’athraigh sí an fhianaise a bhí tugtha aici cheana faoin áit a raibh sí lá an dúnmharaithe. Fuarthas Paul Ward neamhchiontach ar deireadh.

Triail eile inar caitheadh amhras ar fhaoistin ab ea cás Hugh Byrne. I 1996 maraíodh andúileach agus díoltóir drugaí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath darbh ainm Josie Dwyer. Ar an 29 Bealtaine 1996 gabhadh Hugh Byrne le haghaidh mharú Josie Dwyer. Ag 4.55 p.m. iarradh air foirm dá chearta a shíniú. “I’ll sign nothing,” a dúirt sé. Mar sin féin, más fíor don bheirt bhleachtairí, Melody agus Fitzpatrick, ag 5.10 p.m. rinne sé faoistin iomlán agus d’admhaigh gur bhuail sé Josie Dwyer. Ach de réir fhianaise na cúirte, nuair a chríochnaigh Melody agus Fitzpatrick ag a 8.05 p.m., cheistigh beirt bhleachtairí eile é idir idir 9.35 p.m. agus 10.29 p.m. Le linn an cheistithe seo dúirt Byrne, ag tagairt do dhúnmharú Josie Dwyer, “Ive nothing to say. I thought you knew that already”. Ráiteas aisteach le déanamh más amhlaidh go raibh sé tar éis faoistin iomlán a dhéanamh roinnt uaireanta an chloig ní ba luaithe. Sa chúirt dúirt Hugh Byrne nach raibh aon eolas aige ar aon fhaoistin go dtí go bhfaca sé an leabhar fianaise. I Samhain 1999 fuarthas Hugh Byrne neamhchiontach.

Ceisteanna

Tá go leor samplaí eile ann d’fhaoistiní nár cruthaíodh sa chúirt go fóill iad a bheith bréagach ach go bhfuil ceisteanna go leor fúthu. I 1997 gabhadh Paul O’Donaghue as dúnmharú a mhná. De réir an bhleachtaire Hanley, le linn do O’Donaghue a bheith á cheistiú dúirt sé, “I want to be charged. I want to go to jail”. Ach i mí Iúil 2001 shéan O’Donaghue sa chúirt go ndúirt sé a leithéid. Mí Iúil seo caite fuair giúiré O’Donaghue neamhchiontach. I measc na bpríomhcheisteanna a bheidh á scrúdú ag an bhfiosrúchán poiblí a d’ordaigh an tAire Dlí agus Cirt níos luaithe i mbliana le gníomhartha na nGardaí i nDún na nGall a scrúdú, beidh faoistin áirithe. De réir na mbleachtairí Melody agus Fitzpatrick, ag a 8.25 p.m. ar an 4 Nollag d’admhaigh Frank McBrearty Junior gur mharaigh sé díoltóir eallaigh, Richie Barron. Deir McBrearty anois nár chuala sé aon rud faoina leithéid d’fhaoistin go ceann bliana ina dhiaidh sin.

Mar a fheictear, tá na cúirteanna le tamall anuas tar éis amhras a chaitheamh ar fhaoistiní agus táid tar éis na Gardaí a cháineadh anois agus arís. Ach is é an fhírinne gur beag teacht aniar atá ag amhrasán ar bith a chreideann go ndearna na Gardaí éagóir air agus é á cheistiú laistigh den stáisiún. Faoi láthair má dhéantar gearán i dtaobh na nGardaí is iad na Gardaí féin a dhéanann é a fhiosrú. Go bunúsach, mar sin, is é an t-aon chosaint atá ag an saoránach ná coinsias An Gharda Síochána féin. Ní spreagfadh an fiosrúchán a rinne na Gardaí ar a gcuid oibre féin sa dá chás chonspóideacha, Ward agus McBrearty, muinín an phobail sa bhfórsa. Cé gur fógraíodh sa dá chás nach bhfuarthas aon fhianaise de mhí-iompar i measc na nGardaí, níor foilsíodh ceachtar den dá thuarascáil.

Le linn an fheachtais toghachánaíochta dheireanaigh, thug gach páirtí polaitiúil sa tír geallúint go gcuirfidís córas nua ar bun a chinnteodh nach iad na gardaí a bheadh ag scrúdú a gcuid oibre féin níos mó. Ag deireadh na míosa seo caite d’eisigh an eagraíocht idirnáisiúnta Amnesty ráiteas ag rá gur ábhar práinne a bhí ann go ngníomhódh an Rialtas ar an gceist seo.

Ach más léiriú é ráiteas cheannaire an GRA - gur iarchoirpigh agus *subversives *formhór na ndaoine a dhéanann gearán faoi iompar na nGardaí - ar mheon an fhórsa i gcoitinne, is féidir a bheith measartha cinnte go bhfuil troid láidir roimh pé rialtas a thugann faoi seo a chur i bhfeidhm. Tá rud amháin cinnte, áfach: ní raibh íomhá na mBuachaillí Gorma riamh níos ísle.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do Magill, i measc foilseachán eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.