AR NA SAOLTA SEO
Impleachtaí athbhreithniú Hain
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Cuirfidh moltaí Státrúnaí Thuaisceart Éireann maidir leis an chóras rialtais áitiúil iachall ar pholaiteoirí ón thaobh bheith ag obair as lámh a chéile agus Robert McMillen dóchasach go mbeidh tionchar dearfach aige seo ar chúrsaí polaitíochta go fadtéarmach.

Íomhá
Peter Hain, Státrúnaí Thuaisceart Éireann
Íomhá
Maurice Hayes: alt suimiúil

RPA cosúil le IRA agus i súile aontachtacha, d’fhéadfadh an shraith litreacha bheith chomh contúirteach lena chéile. Leoga, b’fhéidir go gcuirfeadh an chéad cheann i gcrích an cuspóir nach dtiocfadh leis an dara ceann a chur i gcrích.

impleachtaí móra ag baint le cur i bhfeidhm an Review of Public Administration ar dhá leibhéal, leibhéalcheist an bhunreachtaagus leibhéal an ghnáthshaoránaigh. An mhí seo caite, d’fhógair Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Hain, go scorfaí an córas rialtais áitiúil a bhí i bhfeidhm sna Chontae ó bhí 1973 ann.

In áit na 26 comhairle áitiúil, beidh seacht gcinn ann; in ionad na gceithre Bhord Sláinte agus Leasa Shóisialaigh, beidhÚdarás Straitéiseachamháin ann; beidh údarás amháin oideachais ann a dhéanfaidh obair na gcúig Bhord Oideachais agus Leabharlann atá ann faoi láthair.

An cheist bhunreachtúil. Níor chuir iontas ar aon duine gurb é Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin a bhí i bhfách le gearradh siar ar líon na gcomhairlí áitiúla ó 26 go 7 – seachas Francie Molloy, ar ndóigh.

Ciallaíonn go mbeidh trímhórchomhairlenáisiúnacha taobh thiar d’abhainn an Bhanna agus trí cinn aontachtach san oirthear. na haontachtaithe á mbrú isteach i dtrí mhórcheantar in oirthear na Chontae.

focla nár chuala muid le fada ag teacht ar ais: claonroinnt, cuntas seicteach cloigne, ath-chríochdheighilt. Ach an iarraidh seo, is iad na haontachtaithe atá ag gearán.

siad ag tuar bhíonn trí mhórchomhairle náisiúnacha in iarthar na Chontae, go mbeidh na comhairlí sin ábalta an comhoibriú trasteorann a chur chun tosaigh diaidh ar ndiaidh agus gur Éire Aontaithe de facto a bheas ann bharr roimh i bhfad.

Fiú mbeadh córas d’Hondt i bhfeidhm, measann aontachtaithe nach mbeadh siad in ann tionchar mór a bheith acu ina éadan seo.

Sílim go bhfuil an ceart acu.

Ar an taobh eile den scéal, b’fhéidir go bhfeicfeadh siad gur lena leas a bheadh an comhoibriú seo, go mbeadh buntáistí geilleagracha, sóisialta agus cultúrtha ag baint le teagmháil a dhéanamh leis an taobh ó dheas den teorainn.

B’fhéidir go bhfeicfeadh siad nach diabhail iad naFree Statersseo agus go bhféadfaí bheith ag comhoibriú leo ar mhaithe lena lucht tacaíochta féin.

Is í an teagmháil phearsanta agus meas a bheith ag daoine ar a chéile na gnéithe is tábhachtaí san obair seo.

Coimhlintí

Bhí alt an-suimiúil ag Maurice Hayes, iar-Fhear an Phobail ó thuaidh ar an Irish Independent an mhí seo caite.

Scríobh go gcothódh an córas úr coimhlintí sna mórchomhairlí seo ar chomhdhlúthú iad de na comhairlí atá ann faoi láthair.

Is as Contae an Dúin é Maurice, agus luaigh an ceantar ar a fhreastalaíonn Comhairle Cheantar an Dúin. Is ceantar náisiúnach den chuid is é arb iad na cluichí Gaelacha an spórt is ráchairte ann, agus ina roinntear an chumhacht sa chomhairle áitiúil.

Sa chóras úr, beidh Comhairle Cheantar an Dúin mar chuid de cheann de na mórchomhairlí úra i dteannta Chomhairle Chaisleán Riabhaigh ar a bhfuil an DUP i gceannas. Is ceantar é seo nach roinntear an chumhacht ann, ina bhfuil bratach an Aontais ar foluain os cionn gach foirgnimh phoiblí, nach bhfuil áiseanna ann do na cluichí Gaelacha (agus gach uair a iarraidh cead pleanála do pháirc Chumann Lúthchleas Gael do theach pobail Caitliceach, cuireadh ina éadan).

Anois, beidh comhairleoirí ón chomhairle seo (níos acu ar ndóigh) ag obair san aon cheann amháin. An mbeidh coimhlint ann? Scéal cinnte go mbeidh ach in am do hata an dóchais arís.

bhíonn daoine atá dubh in éadan traidisiúin a chéile, níl le déanamh ach iad a thabhairt le chéile le go dtig leo dul i ndeabhaidh cainte lena chéile. Cinnte beidh achrann ann ach go mall tiocfaidh siad ar réiteach ar modus vivid de chineál éigin agus beidh sin le leas achan duine.

Pléifidh impleachtaí an RPA do ghnáthshaoránaigh na Chontae an mhí seo chugainn.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.