CÚINNE NA nEALAÍON
Idir mhagadh agus dáiríre
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar dhá thaispeántas ealaíne i mBaile Átha Cliath a bhí an-éagsúil óna chéile.

Íomhá
"Incident" (1993) le Willie Doherty as an taispeántas "Irish Art Now: From the Poetic to the Political"
Íomhá
Saothar dar teideal "in may with blue weight and legs of flowers" le Nathalie du Pasquier

Irish Art Now: From the Poetic to the Political 17 Samhain - 7 Márta

taispeántas ealaíne dar teidealIrish Art Now: From the Poetic to the Political”, atá i ndiaidh teacht ar ais ó chamchuairt ar na Stáit Aontaithe, le feiceáil faoi láthair i nDánlann Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Is saothar é a thagann ó bhailiúcháin na dánlainne féin den chuid is agus is é an aidhm a bhí acu léargas a thabhairt ar na tuairimí atá ag roinnt ealaíontóirí sa tír seo maidir le cúrsaí éagsúla, ina measc an bheatha, an pholaitíocht, caidreamh daonna, stair, cultúr, reiligiún, inscne agus gnéas.

Is éard atá á scrúdú acu ár sochaí agus an fhorbairt agus an t-athrú atá le brath sa tír seo le fiche bliain anuas.

Idir mhagadh is dáiríre atá installation Maurice O’Connell, “Never mindKangeroo’, just answer the question”. Píosa é a dhéanann iniúchadh ar an dearcadh coilíneach a bhí ag an Chaptaen James Cook agus a chuid fear i leith na mbundúchasach nuair a bhain siad an Astráil amach. Cuirtear ceisteanna caolchúiseacha orainn faoin chaidreamh atá againn féin le náisiúntachtaí agus le ciníocha eile.

Caitheann Dorothy Cross súil aorach agus chliste ar chúrsaí inscne lena píosaí dealbhóireachtaSaddleagusKitchen Table”, saothar atá déanta as rudaí atá faighte aici in áiteacha éagsúla agus athraithe chun ráiteas dúshlánach a dhéanamh.

Déanann Billy Quinn agus Abigail O’Brien cur síos ar an bheatha a bhfuil tréine ag baint leis ó thaobh mothúchán de, Quinn ag díriú ar an athrú róil a thagann ar an chaidreamh idir páistí agus a dtuismitheoirí ina shaotharBilly’s Daagus O’Brien ag féachaint ar an bhás ina saotharThe Opelia Room”, áit a scrúdaíonn deasghnátha an bháis.

saothar le trí ealaíontóir déag le feiceáil sa taispeántas seo, idir dhealbhóireacht, ghrianghrafadóireacht, fhíseáin agus phéintéireacht. Rinneadh iarracht sa chuid is den saothar briseadh ó íomhánna steiréitíopacha agus, in ainneoin go ndearnadh go leor den obair ag tús na nóchaidí, níl aon chuid húire caillte aici.

Nathalie du Pasquier Gailearaí an Rubicon, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath

27 Samhain - 22 Nollaig

Is ealaíontóir le cúlra eicléicteach í Nathalie du Pasquier. As Bordeaux na Fraince ó dhúchas í ach cónaí uirthi i Milano. Bhí ar dhuine de bhunaitheoirí na gluaiseachta dearthaMemphissa chathair sin, grúpa a tháinig chun cinn i ndiaidh na gluaiseachta Bauhaus agus a raibh baint réabhlóideach acu le hailtireacht, troscán agus dearadh intí. D’fhág an grúpa sna hochtóidí malla agus ó shin i leith ag obair ar a saothar féin.

Creideann gur áit é an stiúideo le maireachtáil ann chomh maith le háit le saothar a chruthú ann agus is iad na gnáthrudaí a bhíonn le fáil i stiúideo atá le feiceáil ina cuid staidéar neamhbheo.

Cuireann rudaí coitianta ar nós cupán agus crúiscíní le chéile agus déanann staidéar cuimsitheach orthu. Díríonn isteach ar na radharcanna seo agus athraíonn iad trí iad a mhéadú staidéar a dhéanamh ar chruth áirithe trí ghloine uisce, sa dóigh is go mbíonn an bunchruth lúbtha. na hábhair péinteáilte ar phlána cothrom aici agus léaslíne le feiceáil iontu fosta.

an chontúirt ann go dtiocfadh leis an saothar a bheith mar cheiliúradh ar rudaí atá comónta ach éiríonn léi ár n-aird a dhíriú ar an áilleacht shimplí atá le feiceáil i gcruthanna agus i ndathanna atá thart timpeall orainn.

saothar du Pasquier le feiceáil go hidirnáisiúnta agus is é seo an dara taispeántas cuid i nGailearaí an Rubicon.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.