AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Iarracht an Partido Popular dallamullóg a chur ar mhuintir na Spáinne
Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez

Féachann Carmen Rodríguez ar an tslí a ndearna páirtí an rialtais sa Spáinn, an Partido Popular, iarracht dallamullóg a chur ar mhuintir na Spáinne i ndiaidh bhuamáil Mhaidrid.

Íomhá
Mariano Rajoy ón Partido Popular
Íomhá
José Luis Rodríguez Zapatero
Íomhá
Juan Jose Ibarretxe
Íomhá
Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne

Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Márta i Maidrid.

Bhí gach pobalmheas roimh an toghchán ag tuar go mbeadh an bua ag Mariano Rajoy, an t-iarrthóir ón Partido Popular (Páirtí an Phobail) agus an fear a bhí mar chomharba ar José María Aznar. Ach, iontas na n-iontas, bhí an lá ag José Luis Rodríguez Zapatero, an t-iarrthóir ón Partido Socialista (an Páirtí Sóisialach). Mar sin, bhí port Mariano Rajoy agus an Partido Popular seinnte.

Fiú cúpla bomaite i ndiaidh na bpléascanna i gceithre thraein i lár Mhaidrid, bhí sé an-soiléir go mbeadh an bua ag an Partido Popular sa toghchán dá mbeadh an grúpa sceimhlitheoireachta ETA (*Euskadi Ta Askatasuna *nó Tír na mBascach agus Saoirse) freagrach as na buamaí. Os a choinne sin, laghdódh buamáil na dtraenacha vóta an Partido Popular sa toghchán dá mbeadh Al-Qaeda freagrach aisti.

Bhí go leor cúiseanna chun a chreidiúint gurbh iad ETA a bhí taobh thiar den ár. Rinne an grúpa iarracht buamaí a phléascadh i dtraenacha a bhí ag dul go Maidrid i rith mhí na Nollag. Chomh maith leis sin, ghabh na póilíní Spáinneacha baill d’ETA a bhí ag tiomáint veain lán go doras le pléascáin agus iad ar a mbealach go dtí príomhchathair na Spáinne timpeall ocht lá roimh thubaiste an 11 Márta.

Ghlac fiú Ibarretxe, *lendakari *(nó Príomhaire na mBascach), fear nach n-aontaíonn le polasaithe an Partido Popular, leis an tuairim a bhí ag an bpointe sin ag an gcuid is mó de mhuintir na Spáinne. Ní stíl ETA é ár a dhéanamh ar na céadta duine ón lucht oibre, ar mhic léinn ná ar inimircigh, áfach. Díríonn ETA a gcuid buamaí de ghnáth ar phóilíní agus ar bhaill den Guardia Civil (macasamhail an Gharda Síochána in Éirinn).

Chomh maith leis sin, cháin an nuachtán *Gara *(www.gara.net), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA) an sléacht láithreach.

Rinne rialtas an Partido Popular gach iarracht chun dallamullóg a chur ar phobal na Spáinne agus chun an fhírinne a cheilt ar eagla go dtapódh an pobal an deis a míshásamh le tacaíocht láidir Aznar don chogadh san Iaráic a chur in iúl san olltoghchán. (Caithfear a chur san áireamh go raibh timpeall nócha faoin gcéad de phobal na Spáinne i gcoinne an chogaidh.)

Mar sin, chuir stíl agus straitéis an Partido Popular fearg ar na saoránaigh. Dúirt Ángel Acebes, Aire Gnóthaí Inmhéanacha na Spáinne, go feargach gurb iad bithiúnaigh amach is amach na daoine a bhí ag rá go mb’fhéidir nárbh iad ETA a bhí ciontach as an mbuamáil. Lean Acebes ar aghaidh á rá seo an lá ina dhiaidh sin, fiú nuair a bhí go leor fianaise ann gur sceimhlitheoirí Ioslamacha a bhí ciontach. Ag an am céanna, ghabh na póilíní veain in Alcalá de Henares (an áit inar chuir na sceimhlitheoirí na buamaí ar na traenacha) agus fuair siad téipeanna ar a raibh véarsaí as an gCóran, chomh maith le maidhmitheoirí.

D’ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht.

Maidin Dé Sathairn fuarthas mála nár phléasc ina raibh guthán soghluaiste agus maidhmitheoir i gceann de na traenacha. Dá bharr seo, bhí na póilíní ábalta daoine as Maracó ó dhúchas a ghabháil. Tráthnóna Dé Sathairn, an oíche roimh an olltoghchán féin, ghlac rialtas an Partido Popular den chéad uair leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoirí Ioslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin.

Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an oíche sin agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile. Is é an mana a bhí le cloisteáil ná "queremos la verdad antes de votar": “táimid ag iarraidh na fírinne sula gcaithimid ár vótaí”.

Ní cúis iontais é, mar sin, go raibh an bua ag an Partido Socialista, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur fhógair Zapatero i rith an fheachtais go mbeadh na trúpaí Spáinneacha ag dul abhaile dá mbeadh an bua ag na sóisialaithe.

As Galicia sa Spáinn ó dhúchas í Carmen Rodríguez ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois. Tá céim sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.