AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Ian Mór ar camchuairt sna Stáit Aontaithe
Balor Balor Balor

Chuaigh Ian Mór chuig na Stáit Aontaithe le gairid le rudaí tábhachtacha a mhúineadh dóibh siúd atá sa rás don uachtaránacht. Insíonn Balor dúinn faoin dóigh ar éirigh leis agus é thall.

Íomhá
na múinteoirí ar buile le Micí Ó Leery
Íomhá
Dia leis na laethanta a chuireadh múinteoirí suim sna crosóga Bhríde, a deir Balor
Íomhá
cos ag Ian Mór i gcúpla tír ó thaobh a mhuintire de
Íomhá
bheadh Ian Mór sásta tacú le pápaire mar Giuliani
Íomhá
Bainfidh McCain díoltas amach ar na Viet Cong thoghtar é ina uachtarán
Íomhá
Huckabee Finn, laoch na heite deise

na bhFaoilleach buailte linn arís, a chairdecoicís faoide agus coicís fáide romhainn amach, an cheann acu ar na coicísí is faide agus is fadtriallaí agus is fadálaí agus is leadránaí mbíonn sa bhliain. Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitiltí Ryanair i rith na seachtaine saoire a bheas acu faoi lár na míosa seo. Na múinteoirí bochta! siad i ndiaidh cúig seachtaine a chur isteach gan saoire thar lear, na créatúir! bhfuair siad a dhath ar bith ón phróiseas tagarmharcála, agus anois an priompallán sin Micí Ó Leery ag ardú phraghas na n-eitiltí amach as Baile Átha Cliath chuig Monte Carlo agus Nice agus Monaco agus na háiteanna eile is ansa le múinteoirí na hÉireann dul ag an bhriseadh lár téarma.

Níl fágtha ag na múinteoirí bochta mar cheann scríbe anois ach áiteanna ar nós Barcelona agus Amstardam, Milano agus Heilsincí. Lourdes, mo thóin! Fatima, mo thóin! Cnoc Mhuire, mo thóin! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair nach

gcuireadh múinteoirí na hÉireann spéis ag an am seo den bhliain ach sna crosóga Bhríde agus sa Charghas; sna plúiríní sneachta agus sa ghlóthach fhroig; sa tuiseal ginideach agus sa mhodh coinníollach; agus in aoibhneas síoraí na n-anamacha sa Phurgadóir. Micí Ó Leery is cúis leis an tír seo a chur sa chac agus múinteoirí na tíre a chur ar bhealach a n-aimhleasa. Agus níl aon fhocal de bhréag ansin, go maithe Dia é!

Craic ar bith ag gabháil sa tír. miste dúinn dul thar lear don chraic an mhí seo. an graoisín sin Ian Mór i ndiaidh éirí as cinnireacht na Free Pees agus is gairid go n-éireoidh as mar ar an Do You Pee. Fágfaidh anord agus ainrialtacht ina dhiaidh, ach is róchuma leis. Ón am a thiontaigh iar-phríomh-aire na Breataine ina Chaitliceach, níl meas madaidh ag Ian ar an tír sin níos . Ceacht Ian MhóirGo Meiriceá a d’imigh , agus é ar intinn aige ceacht a mhúineadh dóibh siúd atá sa rás don uachtaránacht thall. Chan é go bhfuil spéis aige féin in Uachtaránacht Mheiriceá, ach is maith leis ceachtanna a theagasc do dhaoine nach mbíonn ceachtanna ag teastáil uathu de dhíobháil orthu (mar a dhéanadh múinteoirí na hÉireann san am fadó, roimh theacht Mhicí Leery).

Thosaigh le Obama Bin Laden. cos ag an Ghraoisín Mór i gcúpla tír ó thaobh a mhuintire de, ach bheadh ar Obama a bheith ina ochtapas le cos a bheith aigesean i ngach tír a dtig a mhuintir aisti. aon cheathrú Síneach, aon leath Afracach, aon deichiú cuid Éireannach, trí fhichiú cuid Rúiseach, Spáinneach, Francach, Sasanach agus Gearmánach....( mhéad cuid é sin, a eagarthóir?). Bhí a chuid sinsear Caitliceach, Baisteach, Aindiagach, Búdaíoch, Hiondúch, Giúdach agus Moslamach. Maidir le hIan, Prods amháin a bhí ina mhuintir riamh anall, fiú (dar leis) roimh am Anraí VIII, roimh Luther agus Calvin agus an chuid eile acu. Cén chríoch a bhí lena chomhrá le hObama? Caidé eile achBreast thú!”

Ar aghaidh leis ansin chuig Hilarious Hillary. rud mór i gcoitinn aige leis an aon bhean amháin atá sa rás thallbhí deacrachtaí ag an bheirt acu le fear céile Hilarious. thiocfadh le duine ar bith dílseacht a chur i leith Billy Budd, murab ionann agus Ian Mór, a bhíonn ró-dhílis in amanna. Ach rud amháin déanta ag Hilarious Hillary a ghoilleann thar rud ar bith eile ar an Ghraoisín Bréagchráifeach agus nach dtig leis é a mhaitheamh di riamh. Is é sin gur mhaith a chuid peacaí do Billy Budd. Is cuma leis gur ar mhaithe le Hilarious féin a chur chun tosaigh a mhaith a chuid peacaí , rinne rud a bhí do-mhaite i súile Ian nuair a mhaith iad. Peaca do-mhaite é an maithiúnas, chóir a bheith chomh do-mhaite le huisce coisricthe a chur fríd an tae. Cén chríoch a bhí lena chomhrá le Hilarious Hillary, má’s ea? Caidé eile achBreast thú!”

Ar aghaidh leis ansin chuig Rudolph the Red Nosed Giuliani, fear a thuill clú agus cáil amach féin faoin dóigh nár ghéill do na buamadóirí i Nua-Eabhrac ar

9/11. Dála an scéil, ar ghéill aon duine do bhuamadóirí Nua-Eabhrac ar 9/11? “Fear ar mo mhúnla féin”, a dúirt Paisley leis féin agus é ar a bhealach chun casadh leis an iarrthóir... go dtí go bhfuair amach gur de bhunadh na hIodáile é Rudy. “ thacóidh mise riamh le pápaire”, a dúirt suas le béal iar-mhéara Nua-Eabhrac. “Nach pápaire é do leas-chéad-aire i dTuaisceart Éireann?” a d’fhiafraigh Rudy de. “Agus nach dtacaíonn leis?” “Is cuma duitse cén tacaíocht a thugaimse do mo Mharty beag álainn caidé eile a thugaim ”, a d’fhreagair Paisley agus a shrón san aer. Bhur mbarúil cén chríoch a bhí lena chomhrá le Rudolph the Red Nosed Giuliani? Caidé eile achBreast thú!”

John WayneAs go brách leis an Ghraoisín Mór ansin gur casadh John Wayne McCain, an fear a chuir deireadh leis an chogadh i Vítneam siocair nach raibh na Viet Cong ábalta cur suas leis níos i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh mar chime acu. “Caidé a dhéanfaidh tusa éiríonn leat i rás na huachtaránachta?” a d’fhiafraigh an graoisín mór de John Wayne.

Bainfidh díoltas amach”, a d’fhreagair McCain. “Ar na Daonlathaigh? Ar na Caitlicigh?” arsa an graoisín. “ hea”, a dúirt John Wayne McCain, “ach ar na Charlies, ar na Viet Cong. Agus mise mar Uachtarán ar an tír seo, gheobhaidh seilbh ar chóras craoltóireachta ’Nam Thuaidh, agus bheidh le feiceáil acu ar an tele 24/7 achDesperate Housewives*” *agus naSopranos”. Cuirfidh sin múineadh orthu. dhéanfar obair ar bith sa tír agus fada go mbeidh siad ar fad sa chacáit a raibh mise sna seascaidí. Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!”

Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!”

Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh ar a sháil le chuileBreast thú!” mar bheannacht aige.

raibh fágtha aige le ceacht a mhúineadh ach Huckabee Finn, laoch thar laochra na heite deise, Críostaí thar Chríostaithe. Shuigh féin agus an Graoisín síos le chéile agus d’oibrigh siad amach plean oibre a chuirfí i bhfeidhm bhfaigheadh Huck an jab mórpéindlithe le rith ina n-éadan siúd nach WASPS iad, céasadh ar an chros a thabhairt isteach mar phionós ar chraiceann a bhualadh, toitíní a chaitheamh, alcól a ól a dhíol a cheannach, agus vótaí a chaitheamh ar son Daonlathach.Níl a dhath ar bith agam le múineadh duitse”, arsa an Graoisín leis. “Agus breast an chuid eile!” a dúirt siad beirt d’aonghuth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.