AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
I measc na n-éan fraochta!
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Bhí Liz Curtis buíoch gur míníodh di roimh ré go bhfuil cuid de na héin ar Oileáin Farne in iarthuaisceart Shasana an-fhraochta ar fad!

Mí an Mheithimh seo caite, agus mé ar mo bhealach ó Londain go hAlbain, chuir mé cor bealaigh an-taitneamhach orm féin. Nuair a shroich mé Newcastle, thiontaigh mé ar chlé agus thiomáin mé isteach sna cnoic le Balla Hadrian a fheiceáil. Ina dhiaidh sin, thaistil mé go cósta an iarthuaiscirt, agus rinne mé turas lae go hOileáin Farne, ar tearmann éan iad.

Síneann Balla Hadrian trasna na tíre, suas cnoic síos cnoic, 84 míle ó chósta go cósta. Thóg na Rómhánaigh an balla seo thart fá dhá mhíle bliain ó shin. Thóg siad dúnta in áiteanna éagsúla mar chuid den bhalla. Ba é seo an teorainn ab fhaide ó thuaidh a bhí ag na Rómhánaigh – bhí na Ceiltigh i gceannas ar an taobh eile.

Sa lá atá inniu ann, is Meice é an balla do shiúlóirí agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa tseandálaíocht agus sa stair. Tá cosán le taobh an bhalla ar fad agus, más fearr leat, is féidir leat taisteal i mbus speisialta, an Hadrian’s Wall Bus. Bíonn an tseirbhís seo ar fáil ón Cháisc go dtí an fómhar, agus tá uimhir chláraithe ghreannmhar air: AD122! Tá tuilleadh eolais le fáil ó www.nationaltrail.co.uk/hadrianswall, nó trí ghlaoch ar (01434) 322002.

Chaith mé dhá oíche i mbrú óige an-deas cóngarach don bhalla a dtugtar an Once Brewed air, ainm a bhfuil scéal taobh thiar de. Tá teach tábhairne in aice leis darb ainm an Twice Brewed. Tógadh bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís. Ach nuair a bunaíodh an brú sna 1930í, bhí bean ar staonaire í i bun an tsearmanais oscailte. Dúirt sise nach mbeadh deoch ar bith seachas tae á dhíol ag an bhrú - agus ní tharraingítear tae ach úr amháin!

Deonaigh

Sa chistin, bhuail mé le beirt bhan óga a bhí ag obair mar dheonaigh ag an tochaltán ag Vindolanda, dún mór Rómhánach atá achar beag ón bhrú. “Is é Vindolanda an láithreán is fearr atá in aice an bhalla,” a dúirt siad. “Tá sé ollmhór, agus is féidir amharc ar dhaoine ag tógáil rudaí as an talamh.”

Dá bhrí sin, chuaigh mé go Vindolanda agus chaith mé cúpla uair an-taitneamh ansin. Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.

Thar na blianta, thóg na Rómhánaigh roinnt dúnta anseo, ceann amháin ar bharr cinn eile. Bhí saighdiúirí ann ó áiteanna éagsúla san impireacht, mar shampla Gallaigh agus daoine Gearmánacha ar a tugadh Batavi.

Tosaíodh tochaltáin ag Vindolanda sa 19ú haois, agus le sé bliana is tríocha anuas tá tochaltán i ndiaidh a bheith ann gach samhradh. Deirtear go mbeidh ar a laghad 150 bliain eile de dhíth leis an obair a chríochnú.

Agus mé ag siúl thart, bhí neart daoine ag tochailt go díograiseach. Stad bean óg den obair agus labhair sí leis na cuairteoirí. Elizabeth Greene ab ainm di, as Bostún sna Stáit Aontaithe, agus ba í feitheoir an láithreáin. Thaispeáin sí leacáin dín dúinn, a bhíothas go díreach i ndiaidh a thógáil as an talamh.

Ar imeall an láithreáin, tá gleann beag álainn coillteach le fáil, agus iarsmalann agus caife ann. Tá an iarsmalann suite i dteach gleoite a thóg an chéad tochaltóir, an tOirmhinneach Anthony Hedley, sa bhliain 1831. Anuas trí na blianta, fuarthas na mílte lámhdhéantúsán agus tá samplaí le feiceáil san iarsmalann. Ina measc, tá coisbheart, seodra, earraí gloine maisithe agus fíocháin.

Na rudaí is clúití agus is suimiúla a fuarthas ag Vindolanda ná na tabhaill scríbhneoireachta. Is iad seo na taifid scríofa is luaithe sa Bhreatain. Tá litreacha príobháideacha agus oifigiúla ann, agus tuarascálacha, uainchláracha agus cuntais. Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den Impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.

Tá an breathnú seo ann faoi na Briotanaigh: “Ní bhaineann an marcshlua úsáid as claimhte, agus ní théann na Briotanaigh ainniseacha ar mhuin capaill le gathanna a chaitheamh.”

Folamh

An chéad lá eile, bhuail mé bóthar i dtreo chósta an iarthuaiscirt. Bóthar álainn a bhí ann, míle i ndiaidh míle trasna cnoc glas, agus gan duine ná deoraí le feiceáil. Ní raibh a fhios agam go raibh áiteanna chomh folamh i Sasana.

Chaith mé oíche i mbrú óige i mbaile beag ciúin darbh ainm Wooler, ar imeall Chnoic Cheviot. Ansin, d’imigh mé liom go Seahouses, caladh iascaireachta atá beag agus simplí. Tá cuan ann, agus bád tarrthála agus seandaoine ina suí ar bhinsí. Is féidir iasc agus sceallóga a cheannach, mar aon le cártaí poist.

Cóngarach go leor don chósta, tá Oileáin Farne, grúpa oileán lom íseal atá faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta. Déanann neart bád ó Seahouses turais turasóireachta ansin. Chuaigh mé fein amach, agus thaitin sé go mór liom.

Bád oscailte a bhí ann, agus bhí ceathanna fearthainne ann ó am go ham. Bhí roinnt turasóirí eile ann, agus aoibh mhaith orthu. Chonaic muid coilíneacht mhór rónta liatha, ina luí ar charraigeacha. Bhí cuid acu fiosrach, agus shnámh siad inár dtreo. Bhí a lán éan mara ag eitilt go gnóthach anseo is ansiúd, agus a stíl féin eitilte ag gach cineál acu: puifíní, forachain, geabhróga agus neart eile.

Thuirling muid ar oileán darbh ainm Inner Farne, áit ar chónaigh Naomh Cuthbert sa 7ú haois. Thóg sé cill, agus níos moille tógadh mainistir. Tá séipéal amháin ann go fóill, agus iarsmaí den teach aíochta.

Deirtear gurbh é Naomh Cuthbert an chéad duine i Sasana a thug cosaint do na héin. Lig sé do lachain lochlannacha a gcuid neadacha a thógáil ar chéimeanna a altóra.

Bhuel, bíonn cosaint de dhíth ar dhaoine má théann siad go dtí an t-oileán i mí an Mheithimh. Is maith an rud gur cuireadh comhairle orm roimh ré hata a chaitheamh! An séasúr síolraithe a bhíonn ann i Meitheamh agus bíonn na geabhróga an-bhuartha faoi na scalltáin, a ritheann thart achan áit ar an talamh.

Mar sin, nuair a thagann na daoine i dtír ag an ché, cuirtear fáilte fhraochta rompu. Déanann na geabhróga onfais bhuamála orthu, agus sánn siad a ngob isteach ina gceann. Caithfidh mé a rá, agus fiú hata ort, go mbíonn sé pianmhar!

Ach tá áiteanna eile níos sábháilte ar an oileán, mar shampla na beanna ar a neadaíonn na seagaí. An áit ab aoibhne liom ná an píosa talún ar a neadaíonn na puifíní. An rud a dhéanann siadsan ná poll a thochailt sa talamh, ubh amháin a bhreith taobh istigh, ansin an bealach isteach sa pholl a chosaint. Lena ngob oráiste agus na cosa atá mar a chéile, tá siad an-tarraingteach ar fad!

Bhuel, a léitheoirí, ba mhaith liom cur in iúl daoibh go mbeidh mé ag glacadh sosa i ndiaidh an ailt seo, mar tá sé ar intinn agam níos mó ama a chaitheamh ar phíosa taighde faoin tseanstair atá idir lámha agam. Ach tá súil agam go mbeidh mé ar ais ó am go chéile. Idir an dá linn, bainigí sult as an tsaol, agus go dté sibh slán.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

Nóta ón Eagarthóir: Tá gach duine san iris seo an-bhuíoch de Liz Curtis as an obair ar fad atá déanta aici ó thosaigh Beo! i mí na Bealtaine 2001. Tá sí tar éis alt a chur ar fáil sé mhí is caoga as a chéile – níor chaill sí oiread is mí amháin! Guímid gach rath uirthi ina cuid oibre sa bhliain atá amach romhainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.