AR NA SAOLTA SEO
I measc na meisceoirí ag Aintree 2006
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chaith Tony Birtill cúpla lá suimiúil ag obair i mbeár ag ráschúrsa Aintree le linn an Grand National i mbliana.

Íomhá
Íomhá
Lá na mBan ag Aintree
Íomhá
Coleen McLaughlin, bean an pheileadóra Wayne Rooney
Íomhá

Ná téigh chuig an aonach muna bhfuil gnó agat ann, mar a deir an seanfhocal.

Ní raibh sé deacair dom féin na daoine a aimsiú ag an Grand National ag Aintree a raibh gnó acu ansin i ndáiríre agus mé ag obair ann ar feadh cúpla lá taobh thiar den bheár i mí an Aibreáin.

Ba iad sin na daoine a bhí gléasta in éadaí bréidín, ag déanamh dianstaidéir ar chlár na rásaí agus The Racing Post, nach raibh ag ól ach amháin tar éis dóibh a bheith ag amharc ar na rásaí agus a gcuid airgid a bhailiú ón gheallghlacadóir.

£73 an cead isteach a bhí i gceist go dtí an Princess Royal Stand, an áit a raibh mé féin ag obair, agus cé go raibh radharc maith ón ardán, ní dheachaigh cuid mhaith de na *punters *amach air mar go raibh sé rófhuar dóibh agus iad gléasta i ngúnaí beaga nó i gcultacha. Chaith siad an lá ag ól sa bheár, ag tarraingt airde orthu féin agus ag amharc ar na rásaí ar an teilifís taobh istigh.

150,000 duine a d’fhreastail ar na rásaí idir Déardaoin agus Dé Sathairn, 12,000 Éireannach a d’eitil go Liverpool John Lennon Airport ina measc. Bíonn lucht féachana de 600 milliún ag an imeacht ar fud an domhan, rud a fhágann gurb é an t-imeacht spóirt is mó ar an phláinéad, deirtear.

postanna buana ag caoga duine in Aintree, ach bíonn níos mó na 4,000 duine eile ag obair ansin i rith sheachtain an Grand National. Tá an ráschúrsa suite ar imeall na cathrach, ach níl sé ach míle go leith siúil ó Walton, an áit a bhfuil mé féin i mo chónaí agus áit a bhfuil fadhb mhór dífhostaíochta go fóill. Tá 10% de na fír sa cheantar ag fáil sochar dífhostaíochta (6.5% idir fhir agus mhná), sin i gcomparáid le ráta dífhostaíochta de 2.7% sa tír uilig.

Tugann an Grand National seans do a lán daoine sa cheantar cúpla punt a shaothrú ar feadh cúpla lá agus sos a fháil ó oifig an dole. Bhí sé go hiontach na daoine sin a fheiceáil, iad uilig gléasta i léinte bána agus bríste nó sciortaí dubha (éide na bhfreastalaithe) ag siúl i dtreo Aintree ar maidin.

Is fiú £17.5 milliún an Grand National don gheilleagar áitiúil. Bíonn 6,600 seomra óstáin i Learpholl curtha in áirithe míonna roimh ré agus an méid céanna in óstáin eile sa réigiún.

Ag Aintree féin, ólann na custaiméirí 16,000 buidéal seaimpéin, 1,120,000 pionta beorach agus lágair, 175,000 buidéal beorach agus 140,000 cupán tae agus caife.

Conallach, Marc as Conmhaigh, a bhí i gceannas sa bheár fada ina raibh mé féin ag obair. Bhí ceithre scipéad ann agus triúr ag obair ar gach ceann, agus ó mheán lae bhí scuaine mhór ag an bheár i gcónaí, daoine ag scairteadh a gcuid orduithe linn. Bhí Lá na mBan ann Dé hAoine agus bhí Colleen McLaughlin, grá geal Wayne Rooney, ina moltóir sa chomórtas don fheisteas ab fhearr. Bhí sé an-ghreannmhar na mná a fheiceáil gléasta suas agus ag cur gothaí galánta orthu féin.

Ghlac ár mbeár féin £14,000 an lá sin agus b’éigean do Mharc na scipéid a fholmhú go minic. An lá sin thug na daoine san oifig airgid faoi deara go raibh a lán nótaí bréige ann, agus fuair muid rabhadh gach nóta a sheiceáil. Ba léir go raibh coirpigh ann a thapaigh an deis sa bhroid oibre a ngnó féin a dhéanamh, rud a chuir brú breise orainne sa bheár.

Córas slándála

Ar eagla go dtarlódh ionsaí sceimhlitheoireachta, bhí córas slándála an-dian i bhfeidhm agus b’éigean dúinn banda riosta a chaitheamh i gcónaí. Iarshaighdiúirí ab ea cuid mhaith de na fir shlándála agus bhí cuid acu an-tógtha leo féin. Ba chúis gháire dúinn mar sin nuair a chuaigh iriseoir tríd an chóras slándála go dtí stábla Hedgehunter, áit a bhfuair sé grianghraf de féin ina sheasamh in aice leis an chapall, grianghraf a bhí ar phríomhleathanach nuachtáin an lá dár gcionn. Bhí cuma mhaolchluasach ar an bhainisteoir slándála an mhaidin sin.

Cé go raibh an chuid is mó den slua múinte, bhí mionlach míbhéasach ann, ina measc grúpa fear callánach a bhí ag ól an lá ar fad. D’ordaigh duine acu babhta dí ollmhór ó Jodie, cailín ar mo scipéad féin. Tar éis di na piontaí a dhoirteadh, d’ordaigh mo dhuine seacht Jack Daniels. Nuair a thiontaigh sí thart leis na deochanna sin a fháil, d’imigh sé leis gan íoc as rud ar bith. Ach ba chailín cróga í, a raibh guth láidir aici, agus scairt sí amach: “Get the bizzies. Get the security men. Nobody touch this till until he pays” agus lean sí uirthi ag scairteadh go dtí gur tháinig duine den ghrúpa chuig an bheár. “Here, here’s £50. Now, just get the bizzies off our backs,” arsa seisean agus cuma imníoch air. Ach bhí sé rómhall – rug na póilíní orthu agus níos moille fuair muid amach an fáth go raibh siad chomh callánach sin: bhí lear mór cóicín ina seilbh.

Téann beagnach gach duine amach ar an ardán leis an Grand National féin a fheiceáil, ach amháin na freastalaithe. Caithfidh muidne súil a choinneáil ar na scipéid lán airgid agus bíonn seans againn an halla a ghlanadh píosa beag. Ach bhí muid ábalta an rás a fheiceáil ar an teilifís agus an píosa deireanach tríd an fhuinneog mhór ag bun an halla. Go tobann, bhí an halla dubh le daoine arís, iad uilig ag iarraidh dí.

D’ordaigh bean den lucht bréidín babhta mór uaim agus arsa sise liom i nguth ardnósach: “I got the first three horses in the National so I’m buying all my friends a drink”. Nuair a thug mé an deoch dheireanach di dúirt mé, “That’s £39.95, please.”

Thug sí dhá nóta £20 dom agus dúirt sí liom, “Keep the change!” Phléasc mé amach ag gáire agus chaith me an 5p isteach sa phota deolchaire (Roinneann na freastalaithe a bhfuil ann ag deireadh an lae.)

“Sin an dóigh a mbíonn daoine saibhre saibhir,” arsa Marc liom.

“Agus sin an fáth go bhfuil sí anseo,” arsa mise, “chun a bheith níos saibhre.”

Agus muid ag labhairt faoin lá níos moille sa teach tábhairne, d’admhaigh leaid amháin go raibh sé ag an Grand National trí huaire agus nach bhfaca sé capall riamh ann. Níor thuig mé sin ar chor ar bith; cé nach bhfuil suim agam féin i gcapaill, caithfidh mé a rá gur ainmhithe maorga iad agus thapaigh mé an deis le hiad a fheiceáil chomh minic is a thiocfadh liom agus mé ag obair ag Aintree.

Ní bhfuair ach capall amháin bás sa Grand National i mbliana, buíochas le Dia: Tyneandthyneagain, a thit isteach i ndíog le linn an rása. Tá droch-chlú ar an National, ag 4.5 míle an rás is faide sa tír, agus bhí lucht agóide taobh amuigh ag éileamh cearta d’ainmhithe.

Osclaíodh lárionad nua leighis eachaí ag Aintree díreach roimh an National agus bhí an tOllamh Chris Proudman agus seachtar tréidlianna eile ón Otharlann Eachaí in Ollscoil Learphoill ar dualgas ann. Dúirt sé go raibh sé sásta nach raibh mórán le déanamh acu i mbliana.

Thug mé féin faoi deara níos mó meisceoirí ná capaill ag titim i mbliana!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.