AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
I measc na maithe agus móruaisle
Balor Balor Balor

Chaith Balor cúpla lá pléisiúrtha i measc réaltaí na Gaeilge ag an Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá an mhí seo caite.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Íomhá

Tháinig maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann le chéile arís ina sluaite líonmhara i mbliana sa pháirc ollmhór sin cois locha i Milwaukee chun an cúigiú Irish Fest is fiche a cheiliúradh. Agus arís i mbliana d’impigh lucht eagraithe na Feise Móire ar Bhalor Bras an Bhéil Bhinn bheith i láthair. Ach, bhur mbarúil an raibh Éamonn Ó Doornail, eagarthóir Beo Ar Éigean, sásta íoc as ceithre shuíochán bheaga bhídeacha in eitleán de chuid Aero Lingo chun corp collaideach caomh an iriseora mhóir a iompar trasna na farraige chun an Oileáin Úir? Bealach ar bith! Cad é eile a mbeadh sibh ag súil leis? Ach, ar an dea-uair, tharla go roinnt spáis fágtha ar an eitleán lasta ab éigean d’Fhoraois na Gaeilge a fháil ar cíos chun an fíor-Joe Mac Donnchadha a iompar anonn. (Ní raibh doirse na ngnátheitleán sách leathan le cloigeann Joe a ligean isteach.) As go brách le Callaire Canmhar Craobhscaoilte na Foraoise agus Balor Bocht Bodhraithe, ach b’fhiú dár laoch cur suas leis *an chaint san aer *ar fad nó bhí sé ar a bhealach chuig *Irish Fest *faoi dheireadh.

Bhí go holc agus ní raibh mórán níos fearr agus tháinig lá an aonaigh. Bhí fógartha ag lucht eagraithe na Feise go raibh Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Ghiolla Mháire le cuairt a thabhairt ar an Fest, agus bhí lucht Sheirbhís Dúrúnda Stáit Aontaithe Mheiriceá ag rith thart ar nós scaifte polaiteoirí ag tórramh faoin tuath ag iarraidh duine le cosaint. Glacann gach ball den tSeirbhís Dúrúnda móid rúndachta agus bíonn gach aon rud ina dhúrún docht daingean acu - cosúlacht Íosa Mhic Ghiolla Mháire sa chuntas. Bhailigh siad thart ar Éamonn Ó Caoimhnis a bhí ag insint do chéad míle duine, gan mhicfreafón, an dóigh a bhfuair sé aitheantas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach, agus ag maíomh nach dtabharfadh Meiriceánach ar bith cuairt ar Dingle nó Spiddal nó Gweedore níos mó. Bhí cuma thábhachtach air, dar leis an tSeirbhís Dúrúnda, agus chuir an boc mór rúnda ceist air “An tusa Íosa...?” “Ní mé!” a d’fhreagair Ó Caoimhnis go borb. “Is mise Dia!”

Labhair an boc mór rúnda isteach i muinchille a chasóige agus chruinnigh a chuid fórsaí dúrúnda thart ar an chéad duine eile a raibh cuma chlúiteach air. Bhí dhá chéad míle duine bailithe thart ar an fhíor-Joe Mac Donnchadha agus é ar tí críoch snasta a chur le véarsa a daichead a sé de “The West’s Asleep”. Chuir an boc mór rúnda isteach ar an amhránaíocht bhinn agus d’fhiafraigh de Joe: “An tusa an tUachtarán...?” “Feck off, a húir gan mhaith agus ná bí ag cur as dom os comhair lucht m’adhraithe anseo!” arsa Joe leis. “Ní mise an tUachtarán go fóill. Ach gach seans go gcuirfidh mé isteach ar an phost nuair a bheas an t-amhrán seo críochnaithe agam, i gceann sé bliana nó mar sin.”

As go brách arís leis an tSeirbhís i ndiaidh dóibh uilig labhairt isteach ina gcuid muinchillí, agus tháinig siad ’fhad leis an chéad duine eile a raibh cuma chlúiteach air. Bhí Padre P O’Neill ag labhairt le scaifte ollmhór de mhuintir NORAID: “Is mise urlabhraí na nÓglach nach ann dóibh níos mó, má thuigeann sibh mé ...” “An bhfuil tú ag caint thar ceann na nÓglach nó nach bhfuil?” a d’fhiafraigh Meiriceánach bocht soineanta amháin. “Tá agus níl,” arsa Padre P O’. “Tá sibhse anois dífhostaithe agus díomhaoin, ach caithfidh sibh oibriú níos déine ná mar a rinne sibh riamh roimhe chun airgead a chruinniú do Shinn Féin.” “Nach dóibh siúd a bhí muid ag cruinniú airgid?” a d’fhiafraigh Poncánach bocht soineanta eile. “Sea agus ní hea,” a mhínigh Padre P O’ go foighdeach. Agus an scaifte ar tí imeacht le mearbhall ar fad, chuir boc mór rúnda na seirbhíse dúrúnda isteach ar an chomhrá: “An tusa Íosa...?” a d’fhiafraigh sé de Padre P O’. “Ní mé,” arsa seisean, “ach ghlacfadh sé Íosa Mac Dé féin chun an chíor thuathail seo a thuigbheáil, gan trácht ar é a mhíniú!”

As go brách leis an tseirbhís dúrúnda arís gur tháinig siad ’fhad le scaifte millteanach mór a bhí bailithe thart ar Leamh Ó Cuinneagáin. Bhí Leamh ina sheasamh ar ardán, slua iomadúil ag stánadh air agus slua níos iomadúla fós ag éisteacht le chuile fhocal as a bhéal fríd na callairí. Bhí cuma thábhachtach air, mar a bhíonn, agus é ag gearán faoin dóigh ar caitheadh le Hiúdaí Ó Dónaill agus Gearóid Ó Maorga a bhí i ngéibheann ag péas Milwaukee. Bhí an péas i ndiaidh sceimhlitheoireacht a chur i leith na beirte as siocair an méid a d’ith siad agus a d’ól siad ó tháinig siad chuig an Fest. Gorta a bhí i ndán do mhuintir bhocht SAM, dar le péas na háite, agus comhcheilg dhuibheagánach a bhí ar siúl ag an bheirt leis sin a chinntiú.

“Saortar Beirt Milwaukee!” an port a bhí ag Leamh Ó Cuinneagáin, agus é ag béiceadh in ard a chinn faoin chúis is úire a bhí glactha aige chuige féin. “Scaoiltear Saor Beirt Milwaukee! Tá siad neamhchoireach! Tá siad chomh neamhurchóideach liom féin!” Labhair boc mór rúnda na seirbhíse isteach ina mhuinchille: “Murab é seo Uachtarán na hÉireann tá sé chomh maith againn dul abhaile, nó is léir go gcuireann achan dara hÉireannach cuma thábhachtach air féin.” In airde ar an ardán leis an fhórsa dúrúnda gur thimpeallaigh siad Leamh. “An tusa an tUachtarán?” a d’fhiafraigh an ceannaire. “Is mé!” arsa Leamh. “Tá mé im’ uachtarán ar Údarás na Galltachta ... cineál; tá mé im’ uachtarán ar Odious Gael... sórt; bhí mé im’uachtarán ar an Oireachtas uair dá raibh... beagnach; agus gan dabht, gan bhréag, gan freasúra tá mé im’ uachtarán ar Phoblacht Ghleann Cholm Cille. An leor sin daoibh?” “Is leor sin dúinne!” arsa an boc mór rúnda, agus as go brách leo le Leamh ina measc chuig puball na haíochta, áit a raibh an gabhar á róstadh agus na bairillí ag cur thar maoil. “Agus cad é faoi Bheirt Milwaukee?” a d’fhiafraigh Leamh. “Cad é fúthu?” a d’fhiafraigh an boc mór rúnda. “Arú, tá an ceart agat,” arsa Leamh. “Cad é fúthu?”

Agus cá háit a raibh Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Ghiolla Mháire, lena linn seo uilig? Bhí sí thíos cois locha, i nGaeltacht Fheis Mhór Ghaelach Milwaukee, ag baint sú as an chomhluadar ann; í ag damhsa ar an sean-nós agus ag ceol díséid le Matthew Joseph James Ó Farta a bhí ag craoladh beo an bealach ar fad go hÉirinn ar Raidió na Galltachta.

Sin é scéal Bhalor, mar a thug sé ar ais dúinne é, Dia lena bhéal (nó Íosa, b’fhéidir), agus má tá bréag ann, dar leat, tchífidh sé thú i dteach na cúirte.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.