CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Guth na Gaeltachta
Íomhá
An tUas. S. Ó Neachtain F.E. ag an am, Panu Hogland, An Fhionlainn, A. Ní Scolaí CnaG, an Dr. P. Ó Laighin
Íomhá
Meglana Kuneva Coimisinéir Gnóthaí Tomhaltais an AE ar cuairt ar Acadamh na hOll. Gaeilge
Íomhá
www.guthnag.com

An Bord Snip Nua a d’fhógair:

The Group is of the view that resources should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are not justifiable.’ (Imleabhar 2, Lth. 41)

A léitheoirí Beo, tá a fhios againn nach bhfuil an Ghaeilge marbh. Tá a fhios againn gur teanga bheo bhríomhar í. Tá muid uilig bródúil as an teanga ársa Cheilteach seo agus tuigeann muid an tábhacht a bhaineann léi, chan amháin ar bonn pearsanta don a labhras í, ach ar bonn áitiúil go sóisialta chomh maith, agus go fiú, ar bonn náisiúnta. Is iomaí cúis cheiliúrtha a bhí againn le blianta beaga anuas: TG4, www.beo.ie, Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003), An Coimisinéir Teanga, Stádas Oifigiúil agus Oibre san Aontas Eorpach srl. Tharla rud éigin ar na mallaibh, áfach, a bhain stangadh as Gaeilgeoirí in gach cearn, .i. foilsiú Thuarascáil An Bord Snip Nua.

Le scéal fada a ghiortú, de bharr an lagtrá eacnamaíochta, d’iarr Rialtas na hÉireann ar choiste eacnamaithe iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil airgead poiblí á chaitheamh agus moltaí a dhéanamh i dtaca leis an dóigh is fearr le gearradh siar a dhéanamh. Tá liosta fada moltaí curtha le chéile ag An Bord Snip Nua agus is féidir anailís a dhéanamh orthu más mian leat; tá an tuarascáil le fáil ó láithreán na Roinne Airgeadais www.finance.gov.ie (Níl leagan Gaeilge ar fáil, ar ndóigh, mar is ró-eol dúinn!)

Tá moltaí tromchúiseacha déanta ag na ‘saineolaithe’ i dtaca le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge de. I measc na moltaí sin tá:

  • deireadh a chur leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.* cúraimí Gaeilge a aistriú chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. * cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú chuig Fiontraíocht Éireann. * deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge agus Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. * deireadh a chur le cistí maoinithe d’áiseanna spóirt, do scéimeanna pobail, agus d’oibreacha bonneagair (céanna, bóithre, scéimeanna uisce srl.).

Le níos mó eolas a fháil, tabhair cuairt ar http://www.guthnag.com/Achoimri.html An Feachtas Tosaithe

Seans gur chaith an mhórchuid agaibh seal i gceann de na ceantair Ghaeltachta in Éirinn agus sibh ag cur snasa ar bhur gcuid Gaeilge. Tá mé ag déanamh go n-aontódh sibh go bhfuil oidhreacht luachmhar ar fáil i ‘dtobar na Gaeilge’ agus is fiú go mór í a chaomhnú. Ní féidir sin a dhéanamh gan tacaíocht cheart ón státchiste.

Tá feachtas tosaithe ag muintir na Gaeltachta i dTír Chonaill le cur in éadan na moltaí uafásacha seo; tá gach eolas le fáil ar www.guthnag.com. Is feachtas pobail, neamhpholaitiúil agus traspháirtí atá ann. Tá an feachtas dea-eagraithe seo ag gabháil ó neart go neart, ach beidh sé i bhfad níos éifeachtaí fós le cuidiú ó léitheoirí Beo.

Admhaíonn Guth na Gaeltachta nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach agus a bhíodh agus gur féidir roinnt scéimeanna a fheabhsú. Mar sin féin, tá moltaí An Bord Snip Nua i dtaca leis an Ghaeltacht go huile is go hiomlán éagórach. Ní féidir linn glacadh le ciorruithe de 58% don Ghaeltacht fad is nach bhfuil ach meánráta de 9.4% á mholadh go náisiúnta! An sliocht as tuairisc Choiste na gCiorraithe a tugadh ag tosach an ailt seo thuas, tugann sé le fios go bhfuil an t-airgead a chaitear ar scéimeanna sa Ghaeltacht á thóil amach as cistí airgid dóibh siúd ‘atá ar an ghannchuid’. Má ghlactar leis an phrionsabal sin, ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas Gaeltachta agus Gaeilge, cén fáth nach nglactar leis i dtaobh fhormhór an chaiteachais atá a dhéanamh ag an Stát, is é sin an infheistíocht ollmhór atá á déanamh go leanúnach ins na ceantair mhóra uirbeacha sa tír seo? Mar shampla an bhfuil an caiteachas atá an Stát ag déanamh sa Chóras tríú leibhéal atá lonnaithe, go príomha, ins na príomhchathracha ‘targeted at those most in need’? An bhfuil an lána breise a cuireadh leis an M50 i mBÁC ag freastal ar lucht na gannchoda?

An Chéad Teanga Oifigiúil

Tá airgead na Gaeltachta á chaitheamh de bharr an polasaí rialtais atá ann ó bhunú an stáit gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus go bhfuil gá lena forbairt agus lena buanú. Léiríonn pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe tacaíocht an-ard don Ghaeilge. Cinnte is féidir a rá nach n-aontaíonn chuile dhuine ar cén chaoi leis an Ghaeilge a chur chun cinn ach dearfainn gur féidir a rá go gceapann formhór na ndaoine go bhfuil an tacaíocht don teanga ‘justifiable’.

Chomh maith leis sin, tá na ceantair Ghaeltachta ar na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste faoi aon chritéar oibiachtúil a d’fhéadfaí a lua: Bonneagar fisiciúil agus sóisialta, dífhostaíocht, seirbhísí. Má táthar ag iarraidh polasaí fiúntach a chur i bhfeidhm i dtaca le forbairt réigiúnach de, ba chóir go mbeadh scéimeanna ina ndlúthchodanna de le forbairt a dhéanamh ar na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste.

achainí ullmhaithe ag Guth na Gaeltachta ina míníonn siad an tábhacht a bhaineann le cosaint na gcúig phrionsabal seo a leanas:

  1. Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht an Aire a choinneáil2. Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil3. Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint4. Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá5. Ciste caiteachais a bheith ar fáil d’oibreacha caipitil, bonneagair agus pobail i gceantair iargúlta mar an Ghaeltacht

Is cúis dóchais dúinn é go bhfuil an Ghaeilge Beo ar an idirlíon! Cuidígí linn an Ghaeltacht a shábháil. Scaipigí an scéal. Sínígí achainí Ghuth na Gaeltachta anois.

Ní neart go cur le chéile!

Mar eolas: Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Reáchtáil siad roinnt cruinnithe poiblí le gairid. Tá an grúpa gníomhaíochta ag cur lena fheachtas leis an phobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe atá molta ag an Bord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.