CÚINNE NA nEALAÍON
Gustav Klimt agus an phortráid chreachta
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Cur síos ó Chiara Nic Gabhann ar chúlra an phictiúir le Gustav Klimt a díoladh ar $135 milliún le gairid.

Íomhá
Portráid Gustav Klimt d'Adèle Block-Bauer
Íomhá
Gustav Klimt
Íomhá
Maria Altman

Cuireadh iontas ar shaol na healaíne, idir uasal agus íseal, nuair a bhain saothar de chuid an ealaíontóra Gustav Klimt an praghas is airde riamh amach do phíosa ealaíne nuair a cuireadh ar ceant le déanaí é.

Ba é an phortráid órga chollaí, a rinne sé den bhean uasal Víneach Adèle Bloch-Bauer, a spreag an spéis ollmhór seo agus atá i ndiaidh seanscéal brónach a thabhairt chun cuimhne.

Rinneadh an phortráid 100 bliain ó shin nuair a bhí Vín aitheanta ag an phobal ealaíne ar fud an domhain mar lárionad taibhseach tábhachtach forásach ealaíne, agus is sampla suntasach é saothar Klimt den ealaín nua *fin de siècle *a bhí i réim sa chathair ag an am.

Bhí stíl faoi leith ag Klimt, a bhí ina mhaisitheoir chomh maith le bheith ina phéintéir agus a bhfuil an dá thréith seo le feiceáil go soiléir ina shaothar. Agus bhí an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach. Bhí saothar Klimt faiseanta gan dabht agus éileamh dá réir air; ach níl aon amhras maidir leis an tábhacht a bhaineann leis fosta.

Bhí Adèle Bloch-Bauer agus a fear céile cairdiúil le Klimt agus ina bpátrúin aige. Ba Ghiúdach Ferdinand Bauer ar thrádálaí saibhir siúcra é agus leis an saibhreas seo bhí sé ábalta ní hamháin

saothar Klimt a cheannach ach caisleáin agus páláis, chomh maith le bailiúchán suntasach d’ealaín agus phoirceallán na hOstaire. Tháinig deireadh tobann le saol grástúil na mBauers nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair i 1938 agus níos lú ná mí ina dhiaidh seo rinneadh slad ar shaibhreas Ferdinand Bauer (saothar Klimt san áireamh) agus fágadh gan phingin é ag lorg dídine san Eilvéis – áit a bhfuair sé bás i 1945.

Sa deireadh lonnaíodh an bailiúchán i Músaem Belvedere i Vín, áit ar fhan sé go dtí gur chuir neacht leis na Bloch-Bauers, Maria Altmann (90), a tháinig slán ó chinedhíothú na Naitsithe í féin agus atá ina cónaí i Meiriceá ó shin, gur chuir sí tús le cás gan fasach sa Chúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe chun go dtabharfaí an bailiúchán ar ais do na hoidhrí dlisteanacha.

Rinne Altmann an cás, a bhí á throid aici ar feadh roinnt blianta, nach raibh an dara rogha ag a huncail ach an bailiúchán a thabhairt ar lámh do na Naitsithe agus nach ceangal dleathach a bhí i dtiomna Adèle Bloch-Bauer (ba é a mian go bhfágfadh a fear céile na pictiúir le huacht ag muintir na hOstaire – rud nach ndearna).

Sa bhliain 2004 shocraigh an chúirt go raibh ar Rialtas na hOstaire cúig phíosa de chuid Klimt a thabhairt ar ais do na hoidhrí, nó an t-airgead a thabhairt dóibh chun iad a cheannach ar ais. Níor glacadh leis an tairiscint agus d’fhan na pictiúir i Músaem Ealaíne Chontae Los Angeles go dtí le gairid.

Ba é an billiúnaí Ronald L. Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a cheannaigh an phortráid i bpáirt lena dheartháir Leonard, ar $135 milliún, deirtear. Sin $34 milliún níos mó ná mar a caitheadh ar Buachaill le Píopa le Picasso nuair a díoladh i Sotheby’s é dhá bhliain ó shin.

“Is é seo Mona Lisa s’againne,” a dúirt Lauder agus é ag caint faoin phictiúr le déanaí. “Ní bhíonn éadáil mar seo le fáil ach uair amháin i saol duine.”

Ar an dea-uair beidh an pictiúr le feiceáil go poiblí i ndánlann Lauder, an Neue Galerie, atá suite i bhfoirgneamh álainn ar 5th Avenue i Nua-Eabhrac agus a dhíríonn ar ealaín agus dearadh Ostarach agus Gearmánach ó thús an 20ú haois, saothar Paul Klee, Wassily Kandinsky agus Egon Schiele san áireamh.

I ndiaidh an chogaidh a chuir Maria Altmann agus a gaolta tús leis an fheachtas chun sealúchas a muintire a fháil ar ais agus is léargas é ar a mbuanseasmhacht agus ar a gcreideamh an dóigh ar éirigh leo na pictiúir a fháil ar ais ó Rialtas na hOstaire. Dúirt sí nuair a d’fheicfeadh sí an pictiúr órga dá haintín ar taispeáint sa Neue Galerie go mothódh sí “go bhfuil sé faoi dheireadh thiar thall san áit is dual dó”.* *

Cuirfear ceithre phíosa eile de chuid Klimt ar ceant amach anseo ach faoi láthair tá siad le feiceáil chomh maith sa Neue Galerie ó 17 Iúil go 18 Meán Fómhair i mbliana.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.