AR NA SAOLTA SEO
Gothaí Maistíneachta an Stáit
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce. Ceistíonn Alan Desmond sriantacht inimirce an stáit san alt seo.

Íomhá
An Tiarna Reid, Rúnaí Baile na Breataine
(le James M. Bowman, SAM ar Vicipéid)
Íomhá
Oll-léirsiú Catalónach 2010 ar son reifreann a neamspleáchais
(le Amadalavarez ar Vicipéid)
Íomhá
Soitheach de chuid UKBA
(le Dmvward ar Flickr)
Íomhá
Bean á díbirt 2011
(le Oifig Baile an UK ar Flickr)

Dar leis an gCeanadach Catherine Dauvergne, is í an inimirce urdhún deiridh na ceannasachta. Is é atá i gceist leis seo ná go bhfuil maolú mór tagtha ar chumhacht an Stáit i réimsí raidhsiúla mar thoradh ar an domhandú. Níl smacht iomlán ag Stáit sa lá inniu ar shreabhadh eolais trasna a dteorainneacha mar gheall ar dhul chun cinn na teicneolaíochta. Tá mionlaigh éagsúla ag iarraidh neamhspleáchas ó Stáit atá fadbhunaithe, ar nós na gCatalónach sa Spáinn is na nAlbanach sa Bhreatain.

I gcás tíortha bochta is minic go mbíonn drogall orthu míshásamh a léiriú faoi ghníomhaíochtaí atá ar siúl ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta a fhostaíonn saoránaigh na Stát sin. I gcás tíortha saibhre an Aontais Eorpaighsrianta suntasacha ar an údarás atá acu chun gluaiseacht daoine, earraí is capitil trasna teorainneacha laistigh den Aontas a rialú. I gcás ár dtíre féin tá an-chuid cainte le blianta beaga anuas ar ár gceannasacht geilleagair a bheith caillte againn i ndiaidh teacht na Triarachta i 2010 chun tarrtháil a thabhairt dúinn agus an tóin tite as an ngeilleagar i 2008.

Dúnghaois Srianadh na hInimirce mar Fhreagra ar Chailliúint Chumhachta i Réimsí Eile

Fágann sé seo go léir go bhfuil ceannasacht an Stáit á hionsaí ó gach taobh, ón leibhéal idirnáisiúnta, fornáisiúnta is fonáisiúnta. Is mar gheall air seo a dhéanann Stáit dlíthe is beartais i réimse na hinimirce nach bhfuil ciall mhórálta ná gheilleagrach ag baint leo uaireanta. D’fhonn taispeáint go bhfuil siad fós cumhachtach agus go bhfuil smacht éigin go fóill acu ar a dteorainnneacha agus ar a dtarlaíonn laistigh díobh, cuireann siad dlíthe is beartais i gcrích a léiríonn gurb é an Stát atá i gceannas fós is a thógann na cinntí maidir le teacht is imeacht inimirceach is an sórt saoil atá le bheith ag inimircigh fad a bhíonn siad sa Stát.

Is cinnte go bhféadfaí locht a fháil ar an teoiric ghinearálta seo a chuireann Dauvergne chun cinn, ach feictear dom gur míniú maith é an teoiric seo ar roinnt mhaith de na tionscnaimh atá á gcur ar siúl ag Stáit ar fud na cruinne le breis is deich mbliana anuas i ngort na hinimirce.

Obair Rialtais nó Mír Ghrinn?

D’fhógair Rúnaí Baile na Breataine, John Reid, i 2007 go mba chóir an saol a chruachan a mhéad agus ab fhéidir ar inimircigh a bhí sa Bhreatain gan chead. Is léir gur cur chuige é seo a thaitníonn leis an rialtas reatha a bhfuil meitheal idir-aireachta curtha ar bun chun léirmheas a dhéanamh ar an rochtain atá ag inimircigh ar sheirbhísí poiblí. Ní d’fhonn an rochtain seo a leathnú is a fheabhsú a oibríonn an mheitheal seo, ar ndóigh. Is léir an méid sin ón ainm a bhaist an Príomh-Aire orthu ar dtús, mar atá, An Mheitheal um Thimpeallacht Naimhdeach.

Cé go bhfuil iarracht de ghreann Monty Python ag baint leis an ainm a tugadh ar an Meitheal ar an gcéad dul síos, tá rud éigin dáiríre agus diúltach ag baint leis na beartais atá á moladh maidir le hinimircigh sa Bhreatain, go háirithe iadsan atá ann in aghaidh an dlí. Togra amháin a rinneadh le déanaí ná go mbeadh ar thiarnaí talún cinntiú go bhfuil an stádas ceart inimirce ag daoine a iarrann árasán a fháil ar cíos ó na tiarnaí talún sin. Chuirfeadh sé seo leis an ualach páipéarachais ar an tiarna talún is ar an inimirceach araon, ach níos measa fós, b’fhéidir go mbeadh tiarnaí talún ag iarraidh gan árasáin a ligean ar cíos le hinimircigh chun an dua breise a bhaineann leo a sheachaint. Agus ar deireadh thiar thall an mbainfeadh an riail seo amach an aidhm atá léi, mar atá, líon na n-inimirceach atá ag cur fúthu sa Bhreatain go neamhdhleathach a laghdú?

Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh

Tá riail eile i bhfeidhm sa Bhreatain, ó mhí Iúil na bliana seo caite, nach ligeann do shaoránach Briotanach páirtí ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt chun cónaí sa Bhreatain, mura bhfuil tuarastal bliantúil £18,600 ar a laghad ag an saoránach sin. Ceann de na cuspóirí atá leis an riail seo ná an méid imirceach atá ag brath ar an sochar leasa sóisialta a laghdú. Ach chun an riachtanas airgid £18,600 a chomhlíonadh ní chuirfear san áireamh tuarastal an duine atá ag iarraidh teacht chun na Breataine, ná an t-airgead atá ag tuismitheoirí an tsaoránaigh Bhriotanaigh. Dá dheasca sin tá fir is mná agus tuismitheoirí is páistí á scaradh óna chéile le bliain go leith anuas.

Ní sa Bhreatain amháin atá na húdaráis ag iarraidh constaicí a chur i mbealach inimirceach. Tá an dlí á leasú ó 1996 sna Stáit Aontaithe chun srianta a chur ar an rochtain atá ag inimircigh ar shochar leasa sóisialta agus chun díbirt inimirceach as an tír a éascú. I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach níos luaithe i mbliana, cáineadh an borradh a bhí tagtha faoin gcoinneáil mar uirlis i mbainistiú na hinimirce san Aontas Eorpach cé nach bhfuil aon fhianaise go ndéanann an choinneáil a n-uchtach a bhaint de na daoine a dteastaíonn uathu triall ar an Eoraip.

Is é a dhéanann na deacrachtaí seo go léir a chuirtear roimh eachtrannaigh, ar ndóigh, ná béim a leagan ar an idirdhealú idir saoránaigh agus inimircigh, rud a chruthaíonn sochaí a chuideodh leis an gciníochas. Ach cén fáth a ndéantar é seo? Chun taispeáint dúinn go bhfuil an Stát fós cumhachtach agus in ann an chumhacht sin a úsáid? Chun aird a dhíriú ó fhadhbanna móra eile nach bhfuil ag éirí le Stáit dul i ngleic leo? Pé cúis atá leis an gclaonadh seo chun an saol a chruachan ar inimircigh, ní léir gur fearrde aon duine é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.