AR NA SAOLTA SEO
Google i gCroílár Conspóide i dTionól na Breatain Bige
Rory Francis Rory Francis Rory Francis

Conspóid eile faoi ghnóthaí aistriúcháin, ach in Éirinn an iarraidh seo atá . scéala ag Rory Francis as Blaenau Ffestiniog ar a bhfuil ag titim amach faoi láthair i dTionól na Breataine Bige.

Íomhá
Puball Bwrdd yr Iaith ag an Eisteddfod 09
Vicipéid
Íomhá
Y Senedd - Áras an Oireachtais
Íomhá
Y Senedd
Íomhá
Maes yr Eisteddfod - Maigh an Eisteddfod 09
Vicipéid

conspóid tar éis éirí aníos sa Bhreatain Bhig faoi úsáid na dteangacha i dtaifead oifigiúil an tionóil, agus Google agus go háirithe an tseirbhís Google Translate, ina chroílár. Bhí an Bhreatnais tábhachtach riamh san fheachtas fhada leis an tionól a chur ar bun sa Bhreatain Bhig. Gan an Bhreatnais bheadh Plaid Cymru, an páirtí náisiúnta ann ar chor ar bith, agus gan Plaid Cymru bheadh an tionól ann.

Tar éis reifreann na bliana 1997, chuir na páirtithe móra coiste ar bun chun cleachtaí inmheánacha an tionóil a réiteach. D’aontaigh siad gur cheart an taifead a bheith dátheangach ar fad, le gach rud a deirtear sa Bhreatnais a aistriú go Béarla agus gach rud a deirtear sa Bhéarla a bheith aistriú go Breatnais, rud nach dtarlódh, is cinnte, i nDáil Éireann, mar a mbítear ag aistriú ó Ghaeilge go Béarla, ach gan a leithéid a dhéanamh droim ar ais.

’Sé sin a tharla ó 1999 go dtí 2010. An uair sin, le ciorruithe ar an mbealach, d’aontaigh Coimisiún an Tionóil, ar a bhfuil ionadaithe na bpáirtithe polaitiúla ar fad, gan aistriúchán a dhéanamh sa chuntas ó Bhreatnais go Béarla, ar an údar go bhfuil an costas, timpeall £350,000 in aghaidh na bliain, ró-ard.

Cymdeithas yr Iaith Gymraeg

raibh Cymdeithas yr Iaith Gymraeg sásta le sin ar chor ar bith. Mhaígh siad go raibh prionsabal i gceist. De réir dhlí na Breatain Bige, mór gach eagraíocht stáit beartas teanga a leagan amach a mhíníonn conas a rachaidh i ngleic leis an teanga ar bhun comhionannais. Agus raibh cinneadh Choimisiún an Tionóil ag teacht le beartas teanga an Tionóil. Fuair an t-éileamh seo tacaíocht ó Bwrdd y Iaith Gymraeg, Bord na Breatnaise, faoi dheireadh.

Ghlac an Coimisiún leis an éileamh seo agus d’aontaigh siad cuntas dátheangach a thosú arís, ach siad ag iarraidh seo a dhéanamh ar bhealach níos saoire mar a bhí i gceist roimhe. D’iarr siad ar a gcuid státseirbhíseach machnamh a dhéanamh ar Google Translate a úsáid!

Caithfidh cur le sin, gurb é an smaoineamh a bhí i gceist acu go ndéanfaí aistriúchán le Google Translate i dtosach báire, agus go leasófaí sin ar ball le haistreoir gairmiúil. Is dóigh le Coimisiún an Tionóil go gcosnódh sin timpeall £110,000 in aghaidh na bliana, i gcomórtas le £240,000 le haghaidh aistriúchán gairmiúil faoi cheann seachtaine le haistreoir taobh amuigh den Tionól, agus £350,000 más le haistreoir sa státseirbhís.

Níl aistreoirí na Breatain Bige sásta leis an tuairim seo ar chor ar bith. Dúirt Geraint Wyn Parry, príomhoifigeach Cumann na nAistreoirí Breatnaise: “Is smaoineamh seafóideach é seo, gur féidir leo fiú machnamh a dhéanamh ar cháipéis oifigiúil mar seo a aistriú ag úsáid aistriúcháin le hinneall ar a bhfuil lochtanna.”

An tAmhras

Caithfidh nár bhain féin feidhm as Google Translate go dtí dhá mhí o shin. Is ball de Chomhairle Baile Ffestiniog i dtuaisceart na Breatain Bige, comhairle an-bheag, ach i gceantair ina bhfuil an teanga an-láidir.

Bhí muid ag caint faoi chostas miontuairiscí ár gcuid cruinnithe a scríobh sa theanga, agus mhol duine de na baill feidhm a bhaint as Google Translate. Bhí féin sách amhrasach faoi seo, ach nuair a phill abhaile, thug faoi agus chaithfidh a admháil go raibh an toradh mórán b’fhearr a raibh ag súil leis.

Níl ceist aistriúchán taifead an tionóil réitithe fós agus an chonspóid ag leanacht ar aghaidh. Fiú chinneann Coimisiún an Tionóil ar fheidhm a bhaint as Google Translate, fhios go bhfuil de rún ag Google an tseirbhís aistriúcháin saor an aisce a tharraingt siar ag am éigin agus airgead a iarraidh ar a shon.

Ach i ndeireadh na dála, caithfidh go bhfuil Google Translate mórán níos fearr mar a raibh ag súil leis, go ndéanann botún ó am go ham. Mar shampla, tabhair faoin abairt seo a aistriú ó Ghaeilge go Béarla ar Google Translate (more ar leathanach Google.com: “D’fhoghlaim mo chuid Gaeilge ag Oideas Gael.”

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Rory Francis ina chónaí i mBlaenau Ffestiniog i dtuaisceart na Breatain Bige. Is comhshaolaí é a oibríonn le haghaidh Iontaobhas na Coille. suim mhór aige i dteangacha Ceilteacha, i gcúrsaí na hÉireann agus sa Ghaeilge go háirithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.