CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Go raibh bliain úr cheolmhar agat!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Féachann Antaine Ó Faracháin siar ar bhliain eile a bhí le ceol, comhluadar agus spraoi.

Íomhá
Anna Mhoireach as Eilean Leòdhais

Tús mhí Eanáir agus muid ar an teorainn idir dhá shaol arís. Bliain eile imithe agus ceann nua ag tosú.

Bliain lán le ceol agus le hamhráin a bhí sa bhliain sin 2001 domsa agus caithfidh mé a rá gur mhaith liom leanacht ar aghaidh ar an nós céanna sa mbliain nua seo atá ag síneadh amach romhainn.

Bhí go leor acu ann, ach tá cúpla seisiún ar leith a sheasann amach i mo chuimhne ón mbliain 2001. Bhí na seisiúin le linn Sheachtain Willie Clancy i mí Iúil seo caite ar chuid de na cinn ab fhearr a raibh mé acu, go háirithe an ceann i dTigh Frighil ar an Aoine, beagnach ag deireadh na féile. Bhuail mé isteach thart ar a trí a chlog san iarnóin agus bhí siad díreach socraithe síos, scata mór acu. Ceoltóirí den chéad scoth chuile cheann acu. Bhuel thosaigh an seisiún agus níor stop sé go dtí am dul abhaile an oíche sin. Agus bhí sé ar cheann de na seisiúin ab fhearr a bhí agam le blianta fada. Bhí ceol chomh binn is a chuala tú riamh ann. Ní raibh fonn ar éinne an áit a fhágáil fiú nuair a bhí muid ar fad stiúgtha leis an ocras. D’imigh cúpla duine amach chun ceapairí a cheannach le tógáil ar ais go dtí an seisiún. Ach bhí beirt ann nach n-ainmneofar a bhí níos cliste ná sin. Tháinig siadsan ar ais le dhá dhinnéar iomlán de stéig ghairleoige! Alpadh siar na fataí agus na hoinniúin agus an stéig i lár an tseisiúin!

Ansin, oíche Shathairn ag féile Shean-Nós Cois Life i mí Dheireadh Fómhair. B’in oíche mhaith freisin. Bhí ceol álainn ann. Is deacair binneas na bhfidilí a bhualadh. Agus fear Mhaigh Eo, Pádraig Ó Maolruaidh ag casadh amhrán, ina stíl álainn, shéimh féin. Nuair a bhuail scata as Conamara isteach chugainn le linn sheisiún an Domhnaigh baineadh splanc as an urlár ar níos mó ná bealach amháin!

An tOireachtas

Chaithfinn a rá freisin go raibh Oireachtas thar barr ann sa Daingean. Bhí an áit pacáilte le daoine agus an-chraic go deo ann. Ceol sa mbeár agus amhráin i gcúl an tí go dtí ní fios cén t-am. An oiread daoine sásta in aon áit amháin ní fhaca mé le fada. Bhí an comórtas don damhsa ar an sean-nós iontach ar fad agus craic iontach ag na lúibíní agus ag na hagallaimh bheirte freisin. Bhí seisiún an-spraíúil ann i dTigh Uí Fhlaibheartaigh ar an Domhnach roimh fhilleadh abhaile dúinn. Agus mh’anam ach gur thóg sé tamall fada ar dhaoine áirithe an baile céanna a shroichint!

Agus cá mbeinn gan seisiún rialta an Ghóilín? É sin a chothaigh mé mar amhránaí le os cionn fiche bliain. Gach Aoine na hamhráin ag eitilt timpeall orm, pionta i mo láimh agus comhluadar deas i mo chuideachta. Bhí seisiún an-deas againn nuair a bhí Áine Ní Dhroighneáin ann mar aoi speisialta.

Ag tús na míosa seo caite bhí mé ag Éigse Dhiarmuidín ar siúl i Múscraí i gCorcaigh. Bhí na páistí a bhí ag casadh amhrán ann iontach ar fad. Bhí daoine fásta sa halla, idir fhir agus mhná, ag caoineadh! Agus déarfainn gur bhain na páistí iad féin an-taitneamh as an ócáid chomh maith.

Oíche Dhomhnaigh na hÉigse chaith mé seal in éindí le Denis Doody agus lucht na hAlban. Bhí Anna Mhoireach as Eilean Leòdhais in ardfhoirm, í ag seinm ar an bpíb bheag agus nuair nach raibh sí ag seinm bhí na hamhráin ag sileadh uaithi chomh maith go dtí go raibh sé ina mhaidneachan.

Sea go deimhin, nuair a smaoiním siar uirthi, bliain mhaith a bhí inti ceart go leor. Is dóigh gurb shin ceann de na fáthanna go bhfuil an ceol agus na hamhráin chomh lárnach sin i saol daoine áirithe, mé féin ina measc. Bíonn cuimhní deasa agat ar an gcomhluadar agus ar na cairde a bhíonn agat dá bharr.

Ar ndóigh nílim ag rá go bhfuil críochnaithe agam go fóill! Tá bliain nua romhainn anois agus, le cúnamh Dé, cúpla ceann eile ina dhiaidh sin fós.

Go raibh an ceol agus na hamhráin agus an comhluadar chomh maith céanna agatsa sa mbliain nua seo atá amach romhainn is a bhí agamsa sa mbliain atá díreach imithe!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.