AR NA SAOLTA SEO
Go leor scannal eile le nochtadh
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Amharcann Dónall Ó Maolfabhail ar mhórscéalta nuachta 2002 agus déanann iarracht a thuar a bhfuil i ndán dúinn in 2003.

Íomhá
An Breitheamh Flood - díoladh breis is 25,000 cóip dá thuarascáil
Íomhá
An t-iarTheachta Dála Liam Lawlor
Íomhá
Duine de na léirseoirí a gortaíodh i mBaile Átha Cliath ar an 6 Bealtaine 2002
Íomhá
An Cairdinéal Desmond Connell
Íomhá
An Taoiseach, Bertie Ahern

Dúirt George Bernard Shaw uair faoi lucht nuachta nach bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir taisme rothair agus díothú sibhialtachta. Is eagal liom, nuair a bheidh dearmad déanta ar na scannail go léir a nochtadh faoi mhórúdaráis an stáit seo, go mbeidh líon mór daoine, agus ní i gCorcaigh amháin, a mbeidh fós cuimhne acu ar an dara cogadh cathartha, mar a chonacthas dóibhsean é, a bhris amach ar an oileán seo le linn mhí an Mheithimh 2002. Ach le ráiteas an Uasail Shaw i m’aigne, níl sé i gceist agam, agus mé ag breathnú siar ar nuacht na bliana, aon aird a thabhairt ar an scliúchas idir Roy Keane agus Mick McCarthy; ina ionad, féachfaidh mé ar na fíorscannail a nochtadh in 2002. Mar a dúirt William Randolph Hearst, ar a bunaíodh an scannán Citizen Kane, “news is something which somebody wants suppressed. All the rest is advertising.”

Arís in 2002 ní as Teach Laighean a tháinig na fíor-mhórscéalta polaitiúla, ach as áit síos an bóthar, as laistigh d’fhallaí Chaisleán Bhaile Átha Cliath. I measc na leabhar ba mhó díol in Éirinn in 2002, bhí tuarascáil eatramhach an Bhreithimh Flood, ar díoladh breis agus 25,000 cóip di. Dhamnaigh an tuarascáil an bheirt iar-Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Ray Burke agus Liam Lawlor. De réir na tuarascála seo, ghlac an tAire Burke na mílte punt ó thógálaithe ar nós Mr Bailey, Mr Brennan agus Mr McGowan. Muna raibh sin olc go leor, léirigh an tuarascáil chéanna, go ndearna an t-iar-aire cinntí nach raibh chun leasa na tíre ná an chraoltóra náisiúnta, ar son airgid ó Oliver Barry, a bhí ag an am go mór taobh thiar den stáisiún raidió Century.

Is é seanadóir Fhianna Fáil, Don Lydon, an duine is deireanaí atá ainmnithe ag Frank Dunlop. Ar an taobh eile de phlásóg an Chaisleáin, áit a bhfuil Binse Fiosraithe Moriarty ina shuí, is iar-aire de chuid Fhine Gael, Michael Lowry, atá i dtrioblóid. Cé go gcreidim go bhfaighfear an tUasal Lowry ciontach in 2003, ar bhealach éigin - fiú más amhlaidh go raibh caimiléireacht i gceist, agus níl aon dabht ach go bhfuil rian na caimléireachta ar an ghnó uilig - ní shamhlaím go gcruthófar aon fheall ina choinne maidir le bronnadh an chonartha teileachumarsáide ar an Uasal Denis O’Brien. D’fhéadfadh a leithéid de bhreith an t-uafás airgid a chosaint ar an stát beag seo, a bhfuil a mhuicín airgid geall le bheith folamh faoi láthair.

Chomh fada agus a bhaineann sé le 2003, bliain chrua eile a bheidh ann freisin, dar liom, don Uasal Burke agus don Uasal Lawlor. Ach faoi dheireadh 2003 creidim nach iad an t-aon bheirt pholaiteoirí a mbeidh a n-ainm loite ag an bhfiosrúchán céanna. Tá Lawlor agus Burke beirt tar éis a thabhairt le fios go bhfuil scéalta le hinsint acu agus ainmneacha le sceitheadh. I gcás Burke, bhí an Taoiseach breá sásta é a ainmniú ina Aire, agus i gcás Lydon is é an Taoiseach a d’ainmnigh é mar sheanadóir. Go dtí seo tá an *tefflon *Taoiseach tar éis na sála a thabhairt leis. Ach ná cuireadh sé iontas ar dhuine ar bith más é 2003 an bhliain a osclóidh iallacha a bhróga agus a mbainfear tuisle as.

Mí-iompar i measc Gardaí

In 2002 bhunaigh an rialtas binse fiosraithe eile, an uair seo le mí-iompar i measc na nGardaí a scrúdú. Go dtí seo tá Binse Fiosraithe Morris tar éis fianaise a chloisint go raibh gardaí i nDún na nGall páirteach i ndúnmharú an díoltóra beithíoch Richie Barron. I Meán Fómhair 2002, rialaigh an chúirt i dtriail an Uasail Short go raibh na Gardaí tar éis fianaise bhréige a chumadh, fianaise a chuir an fear bocht i bpríosún ar feadh 27 mí. Ba é an rialú seo go háirithe a spreag an rialtas le Binse Fiosraithe Morris a bhunú.

Ach, le bheith fírinneach, bhí neart ócáidí eile in 2002 a bhféadfaidís a leithéid a dhéanamh. Níos luaithe sa bhliain, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, i dtriail Colm Murphy, a raibh sé curtha ina leith go raibh baint aige le buamáil na hÓmaí, rialaigh an breitheamh go ndearna an bleachtaire Liam Donnelly ráiteas bréige a chur i mbéal an Uasail Murphy.

Anuas air sin, d’fhoghlaim an pobal gur ghlac cúigear oifigeach de chuid na nGardaí le turasanna saor in aisce thar lear ón chomhlacht Advance Pitsstop, a chuireann na boinn ar fáil do ghluaisteáin na nGardaí. Agus, dár ndóigh, ná déanaimis dearmad ar iompar “ainmhí” na nGardaí a chuir alltacht ar an bpobal ar 6 Bealtaine 2002, nuair a thug scata de bhuachaillí na héide goirme bascadh ceart do dhream mac léinn a bhí ag léirsiú i lár Bhaile Átha Cliath.

Is deacair liom cuimhneamh ar bhliain a rinne níos mó dochair d’íomhá na nGardaí ná 2002. Ach is eagal liom go mbeidh ar an scéal éirí níos measa in 2003, sula dtiocfaidh feabhas air. Tá go leor eile fós le theacht amach as Fiosrúchán Morris. Anuas air sin, creidim go n-ardóidh tuarascáil fiosrúcháin eile a fhoilseofar go luath in 2003 go leor ceisteanna eile faoi údarás an Gharda Síochána, is é sin fiosrúchán an Bhreithimh Barron atá ag féachaint ar a tharla i gcás na mbuamaí a phléasc i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán i 1974.

Le cúig bliana anuas tá Coimisinéir na nGardaí, Pat Byrne, tar éis an-chuid fiosrúchán inmheánach a ordú maidir le mí-iompar de shaghas amháin nó de shaghas eile de chuid na nGardaí. Ina measc bhí ar a laghad dhá cheann maidir le cúrsaí Dhún na nGall. Ach ar nós geall le gach fiosrúchán eile a d’ordaigh sé, ní bhfuair an dá cheann seo aon locht, ach ar éigean, ar iompar na nGardaí.

Is Aire Dlí agus Cirt é Michael McDowell, creidim, a bheidh sásta dúshlán na nGardaí a thabhairt. Cheana féin tá sé tar éis geallúint a thabhairt go mbunóidh sé, in áit Bhord Gearán an Gharda Síochána, bord cigireachta a mbeidh ar a chumas fiosrúcháin chearta neamhspleácha a dhéanamh ar ghníomhartha na nGardaí. Gheobhaidh an tAire tacaíocht sa mhéid seo óna Rúnaí Roinne, Tim Dalton, agus ó chuid de bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe iadsan nach raibh tráth ina mbaill den bhrainse speisialta. Is é an cheist ná an bhfaighidh sé tacaíocht an Choimisinéara, a chaith tréimhse fhada sa bhrainse speisialta é féin sular ceapadh é sa phost atá aige anois.

Ionsaithe gnéis ar pháistí

Más iad na Gardaí atá freagrach as a chinntiú nach mbrisimid an dlí, chomh fada agus a bhaineann sé le go leor de mhuintir an oileáin seo is í an Eaglais Chaitliceach atá freagrach as treoir mhorálta a thabhairt dúinn. Le blianta anois tá fianaise ag teacht chun cinn maidir le sagairt a bheith ag déanamh ionsaithe gnéis ar pháistí. Ainneoin seo is uile, chuir an t-eolas a tháinig amach i gclár de chuid an BBC faoi ionsaithe a rinne an tAthair Fortune ar pháistí i ndeoise Fhearna alltacht agus uafás ar go leor. Dá thoradh, ar an chéad lá d’Aibreán 2002 d’éirigh an tEaspag Brendan Comiskey as oifig.

Go gairid ina dhiaidh sin bhris an scéal gur íoc iar-Uachtarán Choláiste Phádraig, Má Nuad airgead le buachaill sular theith sé go Stáit Aontaithe Mheiriceá. D’íoc an Monsignor Ledwith airgead leis an mbuachaill i ndiaidh don bhuachaill gearán a dhéanamh ina choinne go ndearna sé ionsaí gnéis air. Díol spéise é go raibh Ledwith mar dhara rogha na coitiantachta nuair a ceapadh an Cairdinéal Desmond Connell mar Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath i 1988. Ansin, i mí Dheireadh Fómhair, léirigh an clár “Prime Time” ar RTÉ gur chosain an Cairdinéal Connell é féin sagairt a bhí ag déanamh mí-úsáid ghnéasach ar pháistí. Léirigh an clár céanna go bhfuil 450 cás cúirte éagsúla á dtógáil faoi láthair i gcoinne sagart as deoise Bhaile Átha Cliath.

Ainneoin na líomhaintí i gcoinne an Chairdinéil Connell a bheith ar a laghad chomh holc lena bhfuil á chur i leith an Chairdinéil Law i mBostún, ní léir go fóill go mothaíonn an Cairdinéal Connell go bhfuil dualgas air sampla fhear Bhostúin a leanúint agus titim ar a chlaíomh.

De thoradh chinneadh an Easpaig Comiskey éirí as oifig, ghlac an rialtas céim nua agus d’ordaigh go ndéanfaí fiosrúchán ar a tharla i Loch Garman a chur sa tsiúl. Má sheasann an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt lena ndearcadh go sáraíonn dlí na tíre gach dlí eile, dlí na heaglaise san áireamh, feicim bliain chrua eile i ndán dár dteagascóirí moráltachta. Bliain a chreidim a dhéanfaidh thar a bheith soiléir é go bhfuil seanlaethanta an Ard-Easpaig McQuaid imithe agus gur stát tuata amach is amach í Éire in 2003.

In 2002, cruthaíodh dúinn nach bhfuil reachtóirí ár stáit ná na daoine atá ceaptha leis an dlí a chur i bhfeidhm le trust ach oiread. Ní hamháin sin, ach léiríodh dúinn freisin go bhfuil fiú na daoine a bhíonn ag tabhairt teagasc morálta dúinn cam. Déarfadh go leor go mba chóir don Chairdinéal Desmond Connell agus do Choimisinéir an Gharda Síochána, Pat Byrne, agus go pointe an Taoiseach é féin, Bertie Aherne, éirí as oifig láithreach. Is ar éigean go ndéanfaidh an triúr acu é seo in 2003. Ach sin ráite, is dóigh liom go mbuailfear tairne i gcónra gach duine acu in 2003 a chinnteoidh nach fada eile a bheidh siad in oifig.

Le casadh a bhaint as cuid focal Shakespeare, “Tá rud éigin lofa i stát na hÉireann.”

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do *Magill, i measc foilseachán eile.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.