CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Glór don Deoraí
Íomhá
Bád bán Ryanair
(le Mike Souter ar Picasaweb)
Íomhá
Brian Ó Leannacháin ar chlé 1990
(Rónán Lang a tharraing, leis an Leabharlann Náis. ar Flickr)
Íomhá
Droichead na nDeor, Tír Chonaill, mar a scartaí le lucht imirce

Glactar leis go bhfuil saol na heisimirce athraithe go mór don imirceoir féin ó d’imigh na milliúin Gael ar an bhád bhán go Meiriceá agus go Ceanada in am an Drochshaoil. Bhí na heisimircigh a d’imigh as an tír seo ins na fichidí agus sna caogaidí an chéid seo chuaigh thart níos dóchasaí go bpillfeadh siad abhaile, ach níor phill an chuid ba mhó acu. Shocraigh a bhformór ina dtír altramais, phós siad agus tháinig ar cuairt nó dhó ar ais go hÉirinn sula bhfuair siad bás. Ba iad na himircigh siúd a d’imigh i rith na n-ochtóidí an chéad dream a bhí den tuairim láidir gur ar feadh seal gearr a bhí a dtriall agus, leoga, phill neart acu, i an Tiogáir Cheiltigh.

Tá Ryanair agus Easyjet ar fáil na laethe seo agus tá Aer Lingus ag eitilt cúpla uair sa lá ón Ghearmáin, ó Shasana agus ó Mheiriceá. Tá ré an idirlín agus an ghutháin phóca tagtha. Iad siúd atá ag imeacht uainn anois, bíonn siad i dteagmháil leis an bhaile trí Skype agus Facebook. Tá cásanna sonraithe ag léiriú go mbíonn a fhios ag ball clainne thar sáile scéal nuachta sula mbíonn a fhios ag an duine ag baile fiú.

Cé go bhfuil na modhanna cumarsáide athraithe as cuimse, bíonn uaigneas agus crá croí fágtha ar dhaoine ina ndiaidh acu. Tá folús fágtha sna teaghlaigh agus sna pobail a d’fhág siad ina ndiaidh agus i gceann achair gairid blianta, beidh toradh an imeachta le feiceáil in ísliú an daonra agus i ndúnadh scoileanna faoin tuaith.

An Builín Beag is mo Mhallacht

Feictear an eisimirce, go rómhinic sa tír seo, mar chuid den réiteach ar ár gcuid deacrachtaí geilleagair. Bíonn na polaiteoirí sásta nuair a thiteann céadatán na dífhostaíochta agus nuair a shábháiltear na milliúin euro ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. I ndairíre is é mana an stáit ná ‘gread leat as an bhealach agus tar ais chugainn nuair a bheas rudaí níos fearr’. Imíonn siad as radharc agus cé go ndéanann an stát beag ’s fiú díobh, ní dhéanann a muintir nó a bpobail dúchais dearmad orthu.

Aisteach go leor, tá muidne in Éirinn an-éagosúil le tíortha eile as chomh dímheasúil agus a bhíonn muid ag gearradh ár n-eisimircigh amach as saol agus as sochaí na tíre. Níl aon tír eile san Eoraip nó trasna an Atlantaigh nach dtugann deis dá cuid imirceach vóta a chaitheamh i dtoghcháin s’acu. Nuair a cuireadh ceist ar an Taoiseach in Ollscoil Harvard faoin ábhar seo ar na mallaibh, faoi an raibh sé i gceist ag an rialtas reatha aon athrú a dhéanamh ar an stádas vótála, thug sé freagra séimh seachantach agus é ag maíomh nach bhféadfaí é seo a dhéanamh i gcás na hÉireann leis an 70m gael a bhí thar sáile! Dar ndóigh, tuigeann an Taoiseach go rímhaith nach raibh sé sin i gceist ariamh, in aon fheachtas ar an cheist seo; níor moladh ariamh go dtabharfaí an vóta do gach uile imirceach a d’imigh as an tír ó thus ama ach go gcuirfidh teorainn chiallmhar de bhlianta leis, mar chúig nó deich mbliana a luadh leis.

Dhiúltaigh go leor polaiteoirí don mholadh vóta a fhágáil ag lucht na himirce in imeacht na mblianta – i 1988 thug Brian Lenihan T.D an ráiteas clúiteach uaidh:- ‘Sure we can’t all live on one small island’; agus dúirt Pádraig Flynn (an iar-Theachta Dála, an t-iar-Aire Imshaoil, iar-Choimisinéir na hEorpa agus an t-iarbhall de Fhianna Fáil ), an rud céanna - ‘sure we couldn’t trust them as how they’d vote’!

Tá cuireadh tugtha, faoi dhó, do lucht gnó Gaelach i dtíortha thar lear a theacht go Farmleigh, i bPáirc an Fhionnuisce, le cuidiú linn in am ár gcruacháis. Dá dtabharfaí an vóta dóibh, bheadh stuaim éigin leis an tseift seo agus muid ag impí cabhrach orthu, ach muid, ar an láimh eile, in éis an tsúil dall a thabhairt daofa, sin scéal eile!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.