CÚINNE NA nEALAÍON
Gleann Cholm Cille agus Yangshuo
Sylvia Bledow Sylvia Bledow Sylvia Bledow
Íomhá
Yangshuo, gona creaga crochta
(le Eric Bolz ar Vicipéid)
Íomhá
Teach leanna i nGleann

’S í do chanúint leathan a nochtann
gur coimhthíoch saonta thú
go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige
is nach bhfuil eolas ar bith agat
ar nósanna na hÉireann

’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann
fiú gan focal amháin a rá
go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren*
’s nach bhfuil eolas ar bith agat
ar nósanna na Síne

Sléibhte maorga atá i do thimpeall
Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort
Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí
Is ar do shuaimhneas atá tú ansin

Agus tú i measc na ndaoine
ag canadh is ag caint is ag ól
Sa teach leanna beoga i nGleann
ag rince in éineacht le comharsana
Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo
Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort
Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara
Uair amháin agus tusa san áit
Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit
is beidh sé do do mhealladh go deo!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Meiriceánach ó dhúchas atá ina cónaí sa Ghéarmáin le blianta í Sylvia Bledow.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.