CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Glacaimis Céim Eile Chun Tosaigh
Íomhá
Cabaret Rónáin ag Oireachtas na Gaeilge
Íomhá
Éire
(Ar fáil ón Spailpín Fánach)
Íomhá
Gaeltacht bheag an carr seo
Íomhá
ná póg mo thóin
(Ar fáil ag An Spailpín Fánach)

Éist anseo leis an alt á léamh ag Seosamh Mac Muirí:

Faoi Shamhain, deireadh na míosa seo agus tús mhí na Samhna, tionólfar an slua is mó ar domhan de lucht labhartha na Gaeilge. Is é sin, Oireachtas na Gaeilge. Tarlaíonn sé achan bhliain agus is iontach an t-imeacht é. Mothaíonn muintir na Gaeilge ar feadh roinnt laethanta nár múchadh an dé ina sinsir, is má buaileadh iad go dona sa saol, níor síobadh de dhromchla an domhain iad ar aon chuma. Ní fios cén tábhacht a bhaineann leis an méid sin, go mothódh an dream atá buailte síossliocht sleachta an dream a buaileadh síos, go gcoipeann an fhuil iontub i gcónaí agus go bhfuil brí agus fuinneamh ina ndúchas. B’fhiú an dream Gaeilge nár fhreastail riamh roimhe ar aon Oireachtas amháin a mhealladh ann. Chonaic mé daoine ag treisiú as cuimse i n-éis dóibh a gcéad chuairt a thabhairt ar Oireachtas na Gaeilge.

Tharla go mbeidh na mílte de lucht labhartha na Gaeilge ar an aon láthair amháin, b’fhiú chomh maith cuimhne go dtagann an chuid is mó ann i gcarranna agus rachaidh siad abhaile mar a chéile. Beidh roinnt mílte carranna i gceist as gach cearn den tír. Tuigimid a thábhachtaí is atá feiceálacht na Gaeilge do ghradam agus do mheas an phobail thrí chéile ar an teanga. Chuige sin atá Gael Taca i gCorcaigh agus Gaillimh le Gaeilge. Oibríonn an teanga scríofa ar aigne an té a leagfas súil uirthi. Is ráiteas ciúin fochomhfhiosach é agus cá bhfios nach é an ráiteas ciúin fochomhfhiosach is cumhachtaí ar fad.

B’fhéidir, chomh maith leis sin, gur feiceálaí an carr ná an siopa, an caifé nó an oifig chomhlachta, tharla go mbíonn carranna siúlach, ag imeacht thart ó áit go háit, feicfidh daoine go leor é, cúl an chairr go háirid. A leath den lucht tiomána, bíonn siad róghar don charr a bhíos rompu, agus an dream seo caithfidh sé go mbíonn siad in ann greamáin an chairr a bhíos rompu a léamh, go háirid ag na soilse tráchta nuair a chaithfidh cách seasamh seal.

Gníomh Beag le Déanamh, Coiscéim Bheag le Glacadh

Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar na carranna seo, carranna an Oireachtais, sa gcaoi go mbeidh na carranna ag tabhairt aghaidh abhaile i ndiaidh an Oireachtais agus an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim. Dá mbeadh dhá mhíle carr i gceist agus dá bhfeicfí greamán Gaeilge achan charr acu 20 uair sa tseachtain, chiallódh sé go mbeifí ag imirt tionchair ar 40,000 duine níos mó sa tseachtain nó breis is dhá mhilliún uaire in aghaidh na bliana ná mar a tá anois roimh an Oireachtas! Is furasta ‘Éire’, ‘Ná póg mo thóin’ nó ‘Gaeltacht bheag an carr seo’ a thuiscint. Dá mbeadh dream fuinniúil ar nós Chumann na bhFiann, nó mic léinn ollscoile, le greamáin Ghaeilge a chur le tóin na gcarranna ag Óstán an Iolair i gCill Airne, is beag duine a bheadh ag gearán mar gheall air. Anois, tá roinnt seachtainí fanta lena eagrú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.