AR NA SAOLTA SEO
Ginmhilleadh faoi Dheireadh ach an Leor é mar Réiteach
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Ceapann Donncha Ó hÉallaithe nach bhfuil sa Bhille, a cheadaíonn ginmhilleadh sa Phoblacht ach sceach sáite sa bhearna. Creideann sé go bhfuil sé thar am Airteagail 40.3.3 sa Bhunreacht, a chosnaíonn an bheatha sa bhroinn, a chur ar ceal.

Íomhá
Agóid san ardchathair
(le William Murphy, Infomatique, ar Flickr)
Íomhá
Lucht cúraim, ag fanacht le stiúir
Íomhá
Otharlann Ollscoil na Gaillimhe
(le Sulmac ar Vicipéid)
Íomhá
Slógadh i gcuimhne Savita
(le William Murphy, Infomatique, ar Flickr)
Íomhá
Reifreann eile d'alt 40.3.3

Tugadh neart ama an mhí seo caite sa Dáil agus sa Seanad leis an gceist chasta faoin nginmhilleadh a phlé ach níor tugadh aon deis leasaithe a chur ar an reachtaíocht chonspóideach a tháinig ón Rialtas. Glacadh leis an mBille gan leasú mar go raibh Teachtaí Dála agus Seanadóirí de chuid pháirtithe an rialtais faoi bhagairt, gan vótáil ar son aon leasaithe, cuma cé chomh maith nó cé chomh ciallmhar is a bheadh sé. Is cuid den córas parlaiminte sa stát seo, go bhfuil sé ceadaithe don Taoiseach bagairtí oscailte a dhéanamh ar Theachtaí Dála, vótáil do réir mar a shocraíonn an rialtas, fiú amháin má tá sin ag dul glan in aghaidh geallúintí a tugadh don phobal sa toghchán inar toghadh na Teachtaí Dála go daonlathach!

Reachtaíocht Lochtach

Is í mo thuairimse gur reachtaíocht lochtach atá sa Bhille faoin nginmhilleadh, ar ghlac tithe an Oireachtais leis roimh bhriseadh an tsamhraidh. Ag obair faoi chuing Airteagal 40.3.3 den Bunreacht, ba dheacair reachtaíocht fiúntach ar cheist achrannach an ghinmhillte a dhréachtadh, mar go dtugann an Bhunreacht na cearta céanna don leanbh sa bhroinn agus a thugtar don mháthair atá á hiompar.

Dá bhfaighfí réidh leis an Airteagal sin i reifreann bheadh saoirse ansin ag na polaiteoirí reachtaíocht cheart a shocrú a bheadh ag tíocht le riachtanas leighis na mban agus a leagfadh síos go soiléir céard iad na cásanna ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith. Ina áit sin, tá sceach sáite sa bhearna a réitíonn an cás sa ghearrthéarma amháin. Is de bharr bás tubaisteach Savita Halappanavar a cuireadh an reachtaíocht le chéile, ach ait go leor, ní léir go sabhálfadh an reachtaíocht bean a bheadh sa chás céanna le Savita. Nuair a thagann an chéad chruachás eile inár dtreo, agus tiocfaidh luath nó mall, tá an baol ann nach n-oibreodh an sceach sa bhearna agus beidh géarchéim eile coinsiasa ag an tír agus ag ár gcuid polaiteoirí, nach mbeifear in ann a réiteach de bharr Airteagal 40.3.3.

Cás X agus Breith na Cúirte Uachtaraí

An fhadhb le Airteagal 40.3.3 ná go dtugann sé comhcheart don mháthair agus don ghin sa bhroinn. Téann sé in aghaidh gach réasúnaíocht daonna, go mbeadh comhcheart ag an ubh, nó an ghin, atá i dtús a fáis sa bhroinn le máthair na broinne sin ar a bhfuil an ghin ag brath le bheith beo. Ach sin go díreach atá leagtha síos sa Bhunreacht againne. Creidim go ndearna an Chúirt Uachtaracht brí an Airteagail 40.3.3 a iompú droim ar ais nuair a rialaíodh sa bhliain 1992 go raibh ceart ginmhillte faoin mbunreacht ag an gcailín óg 14 bhliana d’aois i gcás X, mar go raibh baol ann go bhféadfadh sí í féin a mharú, dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol.

Níl aon amhras faoi ach gur deineadh éagoir uafásach ar an gcailín óg sin, a bhí ag iompar linbh tar éis a bheith éignithe, nuair a diúltaíodh cead di an tír a fhágáil leis an ngin ina broinn a mhilleadh. Leis an éagóir sin a chealú, shocraigh an Chúirt Uachtarach go raibh ceart ag bean ginmhilleadh a bheith aici sa stát seo sa gcás go mbeadh a beatha féin i mbaol de bharr a bheith ag iompar, baol ón bhféinmharú san áireamh! B’ait an breithiúnas é, nuair a léann tú an fhoclaíocht in Airteagal 40.3.3 a leagann síos go bhfuil ‘comhcheart na máthar chun a beatha’ le ‘ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha’. Ach b’shin an breithiúnas a tugadh agus dar le James Reilly, a bhí ag labhairt ar son an rialtais ar an gceist, gurb ionann san is a rá go bhfuil faoin mbunreacht ceart ag máthair ginmhilleadh a éileamh is a fháil, ag staid ar bith gan aon teora ama, dá mbeadh a beatha i mbaol ó láimh a chur ina bás féin. Tuigim go maith cén fáth ar thóg Lucinda Creighton a seasamh ar an gceist, in ainneoin go gcaillfeadh sí a post rialtais dá bharr.

Reifreann eile

Dá mbeadh an rialtas ionraic leis na ndaoine dhéanfaidís dhá rud im’ thuairimse:

(i) a admháil gur fadhb mhór é gur cuireadh Alt 40.3.3. isteach sa mBunreacht agus go bhfuil sé dodhéanta reachtaíocht chuí a dhréachtadh dá bharr agus
(ii) deis a thabhairt i reifreann Alt 40.3.3 a chur ar ceal, le go mbeifí in ann reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh ginmhilleadh i gcásanna áirithe: cailíní faoi 16 ag iompar, mná ag iompar tar éis a éignithe, toirchis fhabhtacha áirithe agus mar sin de.

Ina áit sin, tá réiteach gearrthéarma againn nach réiteach sásúil é.

Tá sé in am tús a chur leis an bhfeachtas chun go mbeidh reifreann againn le hAirteagail 40.3.3 a bhaint amach as an mBunreacht agus ansin reachtaíocht a thabhairt isteach a bheadh ag tíocht le mianta mhuintir na hÉireann ar an gceist.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.