AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Geilleagar an Dá Luas san Astráil
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Baineann a dheacrachtaí féin le haon tionscal a thabhairt chun cinn go rábhach nó buailfear na tionscail eile in aice láimhe trí allmhairiú saor ina n-aghaidh, agus ar bhealaí eile, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin san Astráil.

Íomhá
Tonn na Cloiche, Hyden
Kerplunk kerplunk ar Picasaweb
Íomhá
Mianach oscailte ag Kalgoorlie
le Brian Voon Yee Yap ar Vicipéid
Íomhá
Sléacht ag Mt. Kembla
le Amandajm ar Vicipéid
Íomhá
Amhiarann
le Lars Lentz ar Vicipéid

D’fhógair an iris ‘Euromoney’ i mí Meán Fómhair go raibh an dámhachtain ardghradaim, Aire Airgeadais na Bliana, buaite ag Wayne Swan, Leas-Phríomhaire na hAstráile. Bronnadh an dámhachtain ar Swan as an dóigh ar riar sé an geilleagar le dul i ngleic go rathúil leis an ghéarchéim airgeadais dhomhanda sna blianta 2008/9, de réir na hirise. Maíonn an iris freisin go bhfuil geilleagar na hAstráile níos láidre ná beagnach gach geilleagar eile i measc na dtíortha sárfhorbartha mar gheall ar “mhaoirseacht fhaichilleach an Aire”.

Tá geilleagar na hAstráile ag dul ó neart go neart i láthair na huaire gan aon agó. D’fhás sé 1.2% sa ráithe a chríochnaigh i mí an Mheithimh i mbliana, cuirim i gcás, sa tréimhse chéanna ina raibh an geilleagar ar an dá thaobh den Atlantach Thuaidh ag meath. Seasann an ráta dífhostaíochta abhus ag 5.2 faoin gcéad agus tá ráta an fhéich phoiblí ag 7.2 faoin gcéad den olltáirgeacht intíre, i gcomórtas le meán na náisiún tionsclaithe ar a dtugtar na tíortha G8, atá ag 80 faoin gcéad dá n-olltáirgeacht intíre.

An méid sin ráite, is léir nach bhfuil ag éirí go maith le gach earnáil de gheilleagar na hAstráile agus tá na hearnálacha is rathúla freagrach, ar shlí, as na deacrachtaí atá ag na hearnálacha atá ag streachailt leo. Tugtar geilleagar an dá luas air mar gheall ar an gcodarsnacht seo.

Airgeadra Láidir ag Lagan Onnmhairiú

borradh suntasach le sonrú faoi thionscal mianadóireachta na hAstráile le blianta beaga anuas, ach go háirithe i dtaca le gual agus le hamhiarann, in ainneoin an ghéarchoir chun donais sa gheilleagar ar fud an domhain fhorbartha. Táthar ag súil go gcruthófar tuairim is 170,000 post nua sa tionscal sna cúig bliana amach romhainn. Anuas air sin, tá an-ráchairt sa mhargadh idirnáisiúnta ar thráchtearraí talmhaíochta, leithéidí cruithneachta agus olla. Tá téarma trádála an-mhaith ag an Astráil mar gheall ar an éileamh seo ar a tráchtearraí agus tá luach an dollair Astrálaigh an-ard dá dheasca.

Tá an t-airgeadra áitiúil níos láidre ná a bhíodh sé le hais airgeadraí ár gcomhpháirtithe trádála. Ciallaíonn an athluacháil seo go bhfuil allmhairí go leor níos saoire ná táirgí áitiúla, agus go bhfuil na tionscail onnmhairithe faoi mhíbhuntáiste iomaíochta dá bharr. Léiríonn a bhfuil ag tarlú sna tionscail chruach agus turasóireachta an dóigh a bhfuil earnálacha éagsúla eile sa gheilleagar thíos mar gheall ar láidreacht na mianadóireachta agus an dollair.

Bhíodh an comhlacht BlueScope ar cheann de na monaróirí cruach is mó sa tír tráth dá raibh, agus dhíoladh sé a n-earraí le tíortha éagsúla thar lear. Bhíodh tuairim is 25,000 oibrí fostaithe ag BlueScope in Port Kembla, baile ar chósta New South Wales ó dheas ó Sydney, chomh maith leis na mílte oibrí eile ar fud na tíre. Níl ach 3,100 duine fostaithe acu in Port Kembla faoi láthair agus d’fhógair an comhlacht ar na mallaibh go mbeidh orthu an fhoirnéis soinneáin dheireanach sa bhaile a dhúnadh agus deireadh a chur lena onnmhairiú cruach. Caillfidh 800 oibrí de chuid BlueScope in Port Kembla a gcuid oibre mar gheall ar an gcinneadh thuas, fara na 300 conraitheoirí áitiúla.

Ceangal na Saorthrádála

Mar bharr ar an donas, níl BlueScope in inmhe dul in iomaíocht le cruach allmhairithe taobh istigh den Astráil. Is íoróin shearbh í go bhfuil cuid nach beag de na hallmhairí seo déantúsaithe le gual agus amhiarann Astrálach. Tá an rialtas ag iarraidh ar na comhlachtaí móra mianadóireachta cruach Astrálach a cheannach agus tá sé idir chamáin acu buntáistí cánach a thabhairt do na comhlachtaí cruach atá thíos. Ní féidir leis an rialtas aon bheart caomhnaitheachta a chur i bhfeidhm, áfach, mar go dtiocfadh a leithéid salach ar choinníollacha a gcomhaontuithe saorthrádála.

Tá formhór na mianach guail agus amhiarainn lonnaithe i gceantair iargúlta agus bíonn saothrú maith ag na hoibrithe sna mianaigh mar chúiteamh as an gcruatan sna campaí. Meallann an earnáil oibrithe go leor as earnálacha eile, an tionscal turasóireachta ach go háirithe. Is féidir le príomhchócairí sa bhreis ar dhá oiread an phá a ghnóthóidís in óstán nó in ionad saoire a fháil ag obair i gcampa mianadóireachta, fágaim. Ní hionadh é mar sin go bhfuil easpa scileanna agus éilimh ar ardú pá araon ag teagmháil leis an tionscal turasóireachta.

Tá lucht na turasóireachta buailte faoi dhó ag neart an dollair Astrálaigh freisin. Ní hamháin go bhfuil titim shuntasach i líon na gcuairteoirí ón Eoraip agus ó na Stáit Aontaithe mar gheall ar an mheathlú iontu, ach tá borradh mór faoi líon na nAstrálach atá ag dul thar lear ar saoire. Tá beagnach a thrian den daonra ag dul thar lear ar saoire gach bliain, de réir staidreamh an rialtais, ag an am céanna atá líon na nAstrálach a théann go háiteanna intíre ar a laethanta saoire ag titim go sonrach.

Is í an Astráil an Scoth

feachtas ar siúl ag ceannairí an tionscail turasóireachta le dul i ngleic le titim i líon na ndaoine atá ag caitheamh a laethanta saoire san Astráil. Tugtar ‘There’s nothing like Australia’ (www.nothinglikeaustralia.com) ar an bhfeachtas. Iarradh ar mhuintir na hAstráile scéalta, físeanna agus íomhánna i dtaca lena saoirí agus a saol san Astráil a uaslódáil ar an suíomh seo, sa chéad chéim den fheachtas. Thapaigh beagnach 30,000 duine an deis le hábhair éagsúla a chur ar an suíomh.

Baineadh feidhm as na freagraí le léarscáil idirghníomhach dhigiteach (www.australia.com) a chruthú le gnéithe uathúla na tíre de réir a muintire féin a shoiléiriú. Meallann an suíomh sa bhreis ar aon mhilliún cuairteoir sa mhí. Bíodh is go bhfuil na húdaráis ag súil go meallfaidh an suíomh cuairteoirí sa bhreis as tíortha eile, tá an dara céim dá bhfeachtas thuasluaite dírithe ar mhuintir na hAstráile. Gnóthaíonn an tionscal tuairim is $94 billiún in aghaidh na bliana agus tá saoirí intíre freagrach as dhá dtrian den chaiteachas seo.

Thíos seal agus thuas seal, a deir an seanfhocal, agus beidh lucht na dtionscal atá in ísle brí faoi láthair ag súil go mór go dtiocfaidh a seal thuas gan mhoill. Tá an chuma ar an scéal, ámh, nach dtiontóidh rotha mór an tsaoil go dtí go dtagann feabhas ar gheilleagar an domhain. Caolseans go dtarlóidh an méid sin go luath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.