AR NA SAOLTA SEO
Géarghá le plé ionraic maidir le todhchaí na Gaeltachta
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Dá gcuirfí na moltaí a rinne Coimisiún na Gaeltachta i bhfeidhm, measann Breandán Delap nach mbeadh fágtha sa Ghaeltacht ach 27,000 duine – agus go mbeadh na Forbacha, áit a bhfuil ceanncheathrú Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ar chean de na ceantair a chaillfeadh a stádas.

Íomhá
Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív
Íomhá
Íomhá
Tá an Ghaeilge lag i gceantar na bhForbacha i nGaillimh
Íomhá
Gleann Cholm Cille i nDún na nGall: tá cuid de bhunadh na háite an-dílis don Ghaeilge ach tá an teanga lag ansin

Cothrom na bliana seo, caoga bliain ó shin, a leagadh síos teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta mar atá faoi láthair. An bhliain chéanna, cuireadh cluiche craoibhe na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar ceal de bharr ráig den ghalar póilio agus maraíodh na mílte duine nuair a chuir arm na Sóivéide réabhlóid na hUngáire faoi chois. Bhain Ronnie Delaney bonn óir i gcluichí Oilimpeacha Mhelbourne agus bhí Elvis ag barr na gcairteacha le “Heartbreak Hotel”. Phós Marilyn Monroe agus Arthur Miller, mar aon le Grace Kelly agus Prionsa Rainier Mhonacó. Bhí Éire céasta ag an dífhostaíocht agus ní raibh i ndán do go leor den aos óg ach an bád bán go Sasana nó Meiriceá.

Is iomaí athrú atá tagtha ar an saol ó shin ar ndóigh, ach is beag athrú substaintiúil a tháinig ar theorainneacha na Gaeltachta. Is iomaí tuarascáil agus páipéar rialtais a eisíodh faoin teanga agus faoi thodhchaí na Gaeltachta ó shin fosta. Saothair thoirtiúla ina raibh moltaí fiúntacha a bhí ina bhformhór. Amanna eisíodh plécháipeisí faoin ábhar agus bunaíodh coistí. Amanna eile deineadh mionathruithe ar dhlíthe na tíre. Ach bhí rud amháin i bpáirt acu uilig – is beag dá gcuid moltaí a cuireadh i bhfeidhm. Deis a bhí iontu ligean don rialtas na caoirigh a chur thar abhainn agus ligean orthu gur chás leo todhchaí na Gaeltachta.

Is í Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, a foilsíodh sa bhliain 2002, an ceann is deireanaí de na cáipéisí seo. Mhol an Coimisiún go mbeadh tréimhse seacht mbliana ag gach limistéar Gaeltachta le cur le húsáid na Gaeilge sa cheantar. Mhol siad go mbeadh limistéar ar bith ina mbíonn os cionn 50% den phobal ag labhairt Gaeilge go laethúil i dteideal aitheantas iomlán Gaeltachta. Bheadh seacht mbliana eile ag na ceantair a bhfuil idir 40-50% de chainteoirí laethúla Gaeilge iontu, leis an chéatadán riachtanach a bhaint amach. Bheadh tábhacht faoi leith ag daonáireamh na bliana seo (2006) sa phróiseas sin ach mhol an Coimisiún go gcuirfí toscaí eile san áireamh fosta: úsáid na Gaeilge sna scoileanna, i gcúrsaí gnó agus tionscail, sna haifrinn agus ar pháirc na himeartha. Lena chois sin, mhol an Coimisiún go mbeadh deis ag limistéir a chaillfeadh stádas Gaeltachta é a fháil ar ais ach critéir faoi leith a shásamh. Go bunúsach, mhol an Coimisiún gur faoin phobal féin a bheadh sé cinneadh a ghlacadh faoina dtodhchaí mar cheantar Gaeltachta.

Ba mar thoradh ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta a d’iarr Aire na Gaeltacha, Éamon Ó Cuív, ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Má Nuad tabhairt faoina mórshaothair theangeolaíochta faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Foilseofar torthaí an taighde seo roimh dheireadh na bliana ach beidh le feiceáil an bhfuil an toil pholaitiúil ann leis na teorainneacha a atarraingt. Thiocfadh athrú as éadan ar an Ghaeltacht mar is eol dúinn í dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin. Bunaithe ar an daonáireamh deireanach, ní bheadh fágtha sa Ghaeltacht ach 27,000 duine agus chaillfeadh stráicí móra den tír a stádas Gaeltachta.

I gContae na Gaillimhe, mar shampla, bheadh Dúiche Sheoigheach, Baile Chláir agus an ceantar soir ón Spidéal imithe. Chiallódh sé sin gur sa Ghalltacht a bheadh Na Forbacha - lárionad riaracháin na Gaeltachta, áit a bhfuil a gceannáras ag Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta. Go deimhin, bheadh Corr na Móna – an ceantar ina bhfuil cónaí ar an Aire Ó Cuív – i mbaol díbeartha fosta. Bheadh deireadh ar fad le Gaeltachtaí iardheisceart Dhún na nGall, mar aon leis na Dúnaibh agus Fánaid agus bheadh An Fál Carrach i mbaol. Dhíbreofaí an Daingean agus Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí agus Baile Ghib i gContae na Mí. Bheadh ceantar na Rinne i gcontúirt, fiú. Ach is Maigh Eo a dhéanfaí an slad is mó. Laghdófaí pobal na Gaeltachta sa chontae sin ó 11,000 duine go 634, agus ní bheadh fágtha sa Ghaeltacht ach cúinne bheag uaigneach in iarthuaisceart an chontae.

Gleann Cholm Cille agus Cill Charthaigh

Ar ndóigh, níor cheart achan rud a mheas le staitisticí. Tharla go raibh mé ag ithe lóin i mbialann i Sligeach anuraidh nuair a chuala mé beirt fhear ag labhairt Gaeilge. B’as Gleann Cholm Cille duine acu agus b’as Cill Charthaigh don fhear eile agus bhí siad ar a mbealach ó dheas go Baile Bhuirne le freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Ní fhéadfaí a gcuid dintiúr Gaeltachta a lochtú: bhí siad ag spalpadh Gaeilge gan dua i gcroílár na Galltachta agus iad ag déanamh turas fada chuig an taobh eile den tír ar mhaithe leis an chultúr Gaelach. Ach má tá athruithe le déanamh ar theorainneacha na Gaeltachta, níl dóigh ar bith go bhféadfaí cás a dhéanamh le Gleann Cholm Cille nó Cill Charthaigh a choinneáil inti. Ceist eile ar fad é ar cheart go gcaithfí daoine a d’fhan dílis don teanga, fad is a bhí a gcomharsana á tréigean, amach as an Ghaeltacht. Cad chuige a ngearrfaí pionós ar sheanfhear i mBearna a labhraíonn teanga a mhuintire, mar go bhfuil scaifte yuppies i ndiaidh bogadh isteach sa cheantar? Ar cheart an milleán a chur ar chainteoirí dúchais den scoth as a laige is atá an Ghaeilge ina gceantar?

Is cinnte, áfach, nach féidir leanstan ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada. Deirtear i gcás alcólaigh gurb í an chéad chéim i bhfuascailt na faidhbe ná a aithint go bhfuil fadhb ann. Is amhlaidh an cás do staid na Gaeltachta. Ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh bunaithe ar chur i gcéill. Tá an Béarla tagtha chun cinn mar ghnáth-theanga cumarsáide i gcuid mhaith den Ghaeltacht agus é á úsáid sna seomraí ranga, ar an pháirc pheile agus i dteach an phobail. Tá méadú tagtha ar úsáid an Bhéarla sna Gaeltachtaí is láidre fiú, agus creimeadh tagtha ar an Ghaeilge dá réir. Ní haon áibhéil a rá gur ar bhonn dátheangach atáthar ag feidhmiú anois. Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil an lámh in uachtar ag an Bhéarla i go leor gnéithe de shaol an phobail – go háirithe i measc an aosa óig. I gcuid eile de na ceantair atá aitheanta mar cheantar Gaeltachta, tá an teanga chomh lag sin iontu gur ar éigean a d’fhéadfaí a rá gur teanga phobail í an Ghaeilge iontu a thuilleadh.

Is dris chosáin é an cur i gcéill seo do dhul chun cinn na Gaeltachta. Is doiligh, mar shampla, rialacha dochta pleanála a leagan síos do na ceantair Ghaeltachta i gcoitinne nuair nach bhfuil ach dornán beag daoine ábalta an teanga a labhairt i gcuid de na ceantair sin. Ar cheart go gcuirfí na cúinsí céanna teanga san áireamh le srian a chur ar thógáil i mBaile Chláir is a chuirtear san áireamh ar an Cheathrú Rua, mar shampla? Bhí an neamhréir seo rí-shoiléir i dtoghchán an Údaráis anuraidh fiú, tráth ar toghadh ionadaithe ar bheagán Gaeilge ó bhruachbhailte na Gaillimhe fad is a fágadh áiteanna eile i gcroílár na Gaeltachta gan ionadaíocht.

Inmharthanacht

amhras áirithe ann, áfach, faoi cé chomh hinmharthanach is a bheadh an Ghaeltacht mura mbeadh inti ach daonra de 27,000. Is cinnte nach mbeadh aon “critical mass” ann mar a thugtar air sa Bhéarla. Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go mbeadh níos mó acmhainní ar fáil do na ceantair láidre dá ndíbreofaí na ceantair laga. Ní shin mar a fheidhmíonn an státchóras! Ina áit sin, is amhlaidh a dhéanfadh an tAire Airgeadais laghdú ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta ó tharla stráice i bhfad níos lú a bheith faoina cúram. B’fhiú cuimhneamh, áfach, nach gcuirfeadh atheagrú ar theorainneacha na Gaeltachta aon bhac ar Fhoras na Gaeilge tacú leis na pobail a chaithfí amach as an Ghaeltacht.

Ach ar aon nós, ní ceist acmhainní í ceist na Gaeltachta faoi láthair. Tá daoine áirithe den bharúil gur súmairí iad muintir na Gaeltachta a bhíonn ag diúl airgid gan staonadh ón stát. Ní hamlaidh atá. Níl gar a shéanadh gurbh iomaí lanúin a bhí buíoch as an deontas tithíochta sna blianta a chuaigh thart. Lena chois sin, tugtar tacaíocht mhaith d’eagraíochtaí pobalbhunaithe sna Gaeltachtaí (comharchumainn, mar shampla) agus cuireann Roinn na Gaeltachta ciste flaithiúil ar fáil le bealaí móra a dheisiú. Diomaite de sin, is beag buntáiste eile a bhronntar ar an ghnáthdhuine sa Ghaeltacht i gcaitheamh a shaoil. As ucht Dé, cé atá lena gcuid páistí a thógáil le Gaeilge sa lá atá inniu ann ar mhaithe leis an €260 sa bhliain atá ar fáil do theaghlaigh faoi Scéim Labhairt na Gaeilge?

Is cinnte gurb é seo am na cinniúna don Ghaeltacht. Níl aon amhras ach an oiread ach go mbeidh neart lón machnaimh i dtuarascáil Ollscoil na hÉireann Gaillimh/OÉ Má Nuad ar theorainneacha na Gaeltachta. Táthar ann a deir gurb é an moladh is radacaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ná deireadh a chur ar fad leis na teorainneacha Gaeltachta. Níl a leithéid sa Bhreatain Bheag, mar shampla. De réir na teoirice seo, caithfimid dearmad a dhéanamh don choincheap gurb í an Ghaeltacht fíorthobar na teanga agus aitheantas a thabhairt don bhorradh atá fán Ghaeilge sna cathracha agus sna bailte móra.

Ach ba thrua gan an chosaint chuí a thabhairt don chuid sin den tír ina bhfuil slabhra leanúnach Gaeilge ó ghlúin go glúin. Is é an dóigh is fearr leis seo a dhéanamh ná plé tomhaiste, staidéarach a dhéanamh ar an tuarascáil agus gníomhú ar a gcuid moltaí. Ná bíodh sí ag bailiú deannaigh i gcoirnéal aduain de Dhún Aimhirgín, mar a tharla i gcás iliomad tuarascálacha cheana.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.