CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Géarghá le níos mó fiontraíochta Gaeilge

I bhfianaise thorthaí dhaonáireamh na bliana seo caite, tá sé níos práinní ná mar a bhí riamh fostaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge a chothú sa Ghaeltacht agus i gceantair eile sa tír.

Íomhá

Tá an t-eolas a bailíodh le linn dhaonáireamh na bliana 2002 ag teacht amach anois de réir a chéile. Is cinnte nach gcuirfidh na torthaí iontas orthu siúd atá eolach ar cheist na Gaeilge sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Cé go maíonn céatadán ard de bhunadh na tíre go bhfuil Gaeilge acu, is annamh a labhraíonn an chuid is mó acu í.

Tá an rud céanna amhlaidh i gcás mhuintir na Gaeltachta - tá timpeall 25% a labhraíonn í go laethúil; 30% a mbíonn teagmháil acu léi ó thaobh raidió agus teilifíse de agus a dhéanann cumarsáid inti anois is arís; an chuid eile, ní labhraíonn siad í beag ná mór.

géarghá, níos mó ná mar a bhí riamh, le pleananna Gaeltachta agus náisiúnta le dul i ngleic leis an mheath seo, agus le pobail Ghaeilge a dhaingniú sa Ghaeltacht agus i gceantair eile.

Ceann de na slite is éifeachtaí le tabhairt faoi seo ná bunús eacnamúil a thabhairt don Ghaeilge trí ghnólachtaí agus fiontraíocht a chothú a mbeidh an Ghaeilge lárnach iontu. Níl aon chúis nach mbeadh gnólachtaí Gaeilge amháin i ngach baile Gaeltachta agus cúpla céad duine fostaithe san iomlán iontu.

Tá samplaí maithe ar fáil ar fud na tíre den chineál seo fiontraíochta; fiontair ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag na fostaithe agus ag an bhainistíocht ina ngnáthshaol oibre, agus fiontraíocht ina bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach den táirge.

Níl sé furasta fiontraíocht mar seo a chothú agus bíonn gá le tacaíocht stáit, go háirithe i dtús an phróisis. Tá an tacaíocht seo ar fáil anois agus Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag déanamh maoiniú ar fhiontair mar Foinse, , Raidió na Life, Aisling Ghéar, An Chultúrlann, Europus, Oideas Gael, Café Trí-D, Fios Feasa, Spraoi, an club Sult, na coláistí samhraidh agus go leor tionscadal eile.

Is gá dúinn cultúr na fiontraíochta a chothú agus a fhorbairt sa Ghaeltacht agus sna pobail Ghaeilge eile. Tá na dreasachtaí ar fáil le tosú, macasamhail an phacáiste tacaíochta a d’fhógair Údarás na Gaeltachta an mhí seo caite le deis a thabhairt do dhaoine a smaointe gnó a fhorbairt agus a chur i gcrích.

Ceann de na rudaí is spéisiúla faoi na fiontair atá tosaithe ná gur as taobh amuigh den Ghaeltacht nó ó thar lear a tháinig cuid de na fiontraithe; seo daoine ar mheall an Ghaeltacht agus an Ghaeilge iad agus a thuig an saol breá a d’fhéadfadh a bheith acu i dtimpeallacht álainn spreagúil. Tá daoine eile mar iad in Éirinn agus ar fud an domhain.

Más duine mar sin tú féin nó má tá smaoineamh agat a shíleann tú féidearthachtaí a bheith ag baint leis ó thaobh gnó de, téigh i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta leis an chéad chéim a ghlacadh i saol nua!

Tuilleadh eolais: www.udaras.ie; (091) 503100

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.