CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Géarghá le coláiste oiliúna Gaeilge

ganntanas mór múinteoirí ann, go háirithe ag leibhéal na bunscoile, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus níl ach réiteach amháin ar an fhadhb – coláiste oiliúna Gaeilge a bhunú.

Íomhá
Daltaí de chuid Ghaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Íomhá
Daltaí i mbun oibre i nGaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart

Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó. Os a choinne sin, agus ceist na Gaeltachta á plé, is minic a léirítear imní faoi chás na scoileanna ansin agus an laghdú laethúil atá ar úsáid na Gaeilge iontu.

Tá an dá ábhar seo dlúthcheangailte lena chéile i gcúpla slí ach go háirithe ó thaobh an ghá atá ann le múinteoirí oilte a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Is dócha go bhfuil níos mó ná tríocha míle páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna na tíre faoi láthair agus an uimhir seo ag méadú in aghaidh na bliana. Is sprioc réasúnta é a bheith ag súil go mbeidh caoga míle páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna na tíre taobh istigh de shé bliana. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tuairim is 1,500 múinteoir de dhíth sa chóras Gaelscolaíochta faoi láthair atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró. Chaithfeadh an líon seo méadú thar an tréimhse sé bliana go 2,500 múinteoir.

géarchéim i scoileanna áirithe Gaeltachta mar nach féidir leo teacht ar mhúinteoirí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá níos mó ná 500 múinteoir ag obair sna scoileanna sin. Beidh 3,000 múinteoir ar fad de dhíth sa chóras oideachais Ghaeilge, mar sin, mar a tharlaíonn an fás a luaitear thuas.

Is léir fosta, ó na forbairtí atá ar siúl, go bhfuil cinneadh déanta ag céatadán suntasach de thuismitheoirí na tíre oideachas trí mheán na Gaeilge a thabhairt dá bpáistí. Tá sé mar dhualgas ar an stát é sin a dhéanamh ach tá deacracht ann: Níl aon cheann de na coláistí oiliúna ag cur ar chumas na múinteoirí atá á n-oiliúint acu teagasc gan stró trí mheán na Gaeilge.

Bheadh sé ina chéim mhór chun tosaigh dá gcinnfeadh an Roinn Oideachais ar cheann amháin de na coláistí oiliúna a chur ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge. Chiallódh sé seo go mbeadh an fhoireann léachtóireachta agus riaracháin ag déanamh a ngnó i nGaeilge agus go mbeadh na cleachtais oibre uilig sa teanga sin.

Ní bheadh deacracht dá laghad ann ábhar múinteoirí a aimsiú dá leithéid de choláiste – tá go leor daoine ón Ghaeltacht ar fáil, mar aon le daltaí a chuaigh trí chóras na gcoláistí samhraidh. Thuigfeadh siad go maith an buntáiste a bheadh acu ó thaobh postanna a aimsiú agus an rogha a bheadh acu idir Gaelscoil, scoil Ghaeltachta nó scoil Bhéarla. Gan amhras, bheadh líon an-ard pointí CAO de dhíth le fáil isteach i gcoláiste mar seo, mar go mbeadh éileamh ard ann.

I bhfocail eile, is féidir a rá go bhfuil an riachtanas ann do mhúinteoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus go bhfuil na mic léinn ann a bheadh sásta freastal ar a leithéid de choláiste oiliúna. Ní bheadh aon chostas breise ar an stát dá roghnófaí leithéidí Choláiste Marino mar an coláiste oiliúna Gaeilge, rud a bheadh tábhachtach do rialtas a bheadh sásta seo a bhrú ar aghaidh. Chaithfí foireann chuí a aimsiú leis an obair a dhéanamh agus an t-éiteas a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Is cinnte go dtiocfaí tús ar chur leis an chúrsa faoin bhliain acadúil 2010-11.

Mar thoradh air seo uilig, bheadh bainistíocht na nGaelscoileanna sásta le líofacht agus tiomantas na múinteoirí agus bheadh cuid den réiteach faighte ar dheacrachtaí na scoileanna Gaeltachta fosta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.