AR NA SAOLTA SEO/FACHTNA
Gealltanais gan chomhlíonadh
Fachtna Ó Drisceoil Fachtna Ó Drisceoil Fachtna Ó Drisceoil

Braitheann Fachtna Ó Drisceoil go bhfuil cur chuige nua, atá i bhfad níos míleata, á úsáid ag urlabhraithe an Lucht Taistil agus iad páirteach i ndíospóireachtaí sna meáin chumarsáide.

Íomhá

Rinne dream mór den Lucht Taistil praiseach de pháirc imeartha an Chumainn Lúthchleas Gael i nGort na Silíní (Cherryfield) i mBaile Átha Cliath le déanaí. Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith. Is é an tuairim choitianta freisin go ndearna an tslí ar dhéileáil Martin Collins ó Pavee Point leis an eachtra arPrime Timear RTÉ níos dochair maitheas do chás na dTaistealaithe.

Dúirt go leor daoine go mbeadh níb fhearr mbeadh eagraíochtaí an Lucht Taistil sásta admháil anois agus arís nach mbíonn na Taistealaithe gan locht i gcónaí, ach go mbíonn a bhformhór freagrach nuair a thugtar na háiseanna cearta dóibh, etc. Ina áit sin, bhí dearcadh an-ionsaitheach ag Collins agus chuir an locht ar fad faoin méid a thit amach ar an údarás áitiúil as ucht gan áiseanna a chur ar fáil. Ach olcas é iompar an Lucht Taistil ag Gort na Silíní, agus mhí-réasúnta an chuma a bhí ar chur chuige Collins, argóint ann gur chun fíorleasa na dTaistealaithe a bhí .

Deir oibrí pobail i dTamhlacht liom go bhfuil patrún nua tugtha faoi deara aige i gcampaí neamhoifigiúla an Lucht Taistil le blianta beaga anuas. méid na ngrúpaí ina bhfuil an Lucht Taistil ag teacht le chéile ag dul i méid. Bhí an campa mór a bhí ar an bpáirc imeartha i nGort na Silíní mar chuid den phatrún sin. Creideann an t-oibrí pobail gur léiriú é seo ar saghas míleatú i ndearcadh an Lucht Taistil. Táthar níos doicheallaí leo i saol comhaimseartha na hÉireann. ag éirí níos deacra teacht ar láithreáin staid. pleananna ag na húdaráis áitiúla chun láithreáin staid oifigiúla a sholáthar ach ag teip orthu na pleananna sin a chur i bhfeidhm i gceart.

Teachtaireacht neamhghéilliúil

Idir 1998 agus 1999 mhéadaigh líon na dteaghlach a bhfuil cónaí orthu ar thaobh an bhóthair ó 1,148 go dtí 1,207. Níl na gealltanais a tugadh dóibh á gcomhlíonadh. An aon ionadh go bhfuil an Lucht Taistil ag iompú isteach orthu féin agus ag éirí níosmí-réasúntaagus níosfrithshóisialta”?

macasamhail an dearcaidh seo le sonrú sa chur chuige a chonaiceamar ag Martin Collins arPrime Timeagus sna meáin eile. Roinnt blianta ó shin bhíodh urlabhraithe léithéid i bhfad baréasúnta”. Ach in ainneoin an Fheachtais Citizen Traveller, cur chuige i bhfad níos míleata ag teacht chun cinn anois i measc urlabhraithe áirithe nuair a tharlaíonn eachtraí ar nós phraiseach Ghort na Silíní. Ba é an teachtaireacht neamhghéilliúil a bhí ag urlabhraí an Lucht Taistil : “Sibhse is cúis leis an bhfadhb seo toisc nár chuir sibh áiseanna ar fáil don Lucht Taistil. Leanfaidh seo ag tarlú go gcuirfidh sibh áiseanna cuí ar fáil. Níl aon locht ar chor ar bith ar an Lucht Taistil faoi seo.”

Is cinéal straitéis sceimhlitheoireachta seachas straitéis díospóireachta atá ann. Déarfadh daoine go gcothóidh sin naimhdeas i leith an Lucht Taistil i measc an phobail. Ach cén mhaitheas a rinne an cur chuige réasúnta do na Taistealaithe? Níl na háiseanna a gealladh á gcur ar fáil dóibh. Bhí ceist an Lucht Taistil imithe as na cinnlínte náisiúnta. Anois eachtraí ar nós Ghort na Silíní agus dearcadh antoisceach an urlabhraí arPrime Timeag cur cheist an Lucht Taistil i mbéal an phobail arís. Táimid á plé agus ag éirí feargach fúithi.

Deirimid go mbeimis i bhfad ba bháúla leo mbeidís ba fhreagraí. Ach bímis ionraic - mhéid duine againn a bheadh amuigh ar na sráideanna ar son chearta an Lucht Taistil mbeidís ba chiúine, ba fhreagraí agus ba réasúnta?

Is as Baile Átha Cliath é Fachtna Ó Drisceoil. Is saoririseoir agus craoltóir é. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag dubhros@iolfree.ie.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.