AR NA SAOLTA SEO
Gaoth an Oilc ón Iorua
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Chruthaigh Breivik an tslada mharfaigh san Iorua deacrachtaí mínithe d’aos fuatha ar Mhoslamaigh, an ADL san áireamh, a deir Maidhc Ó Cathail.

Íomhá
Cathair Oslo faoi ionsaí Bhreivik
trí N. Andersen ar Vicipéid
Íomhá
Abraham Foxman
cc le Justin Hoch ar Flickr.com
Íomhá
USS Liberty tollta ina taobh 1967
le Cabhlach SAM ar Vicipéid

Trí lá i ndiaidh an tsléachta san Iorua, d’eisigh an Anti-Defamation League preaseisiúint dar teideal “ADL: Norwegian Terrorist Motivated By Growing Extremist Ideology In Europe And The U.S.” Ba “mheabhrúchán láidir” iad na hionsaithe maidir leis an réimse leathan sceimhle atá ag bagairt orainn sa lá atá inniu ann, dar leis an ngrúpa. “These attacks underscore the serious and potent threat of violence posed by a variety of dangerous extremists from across the ideological spectrum,” a dúirt Abraham Foxman, stiúrthóir náisiúnta an ADL. “This includes the ‘lone-wolf’ extremists, who have access to extremist ideologies on the Internet from around the world.” Lean an phreaseisiúint ar aghaidh chun an milleán a chur ar na scríbhneoirí frith-Mhoslamacha (mar a rinne mé féin in eagrán mhí Lúnasa) a luaitear sa bhforógra 1,500 leathanach a foilsíodh ar líne tamall gairid sula ndeachaigh Anders Behring Breivik ag scaoileadh is ag sléachtadh faoi is thairis. “Is léir go ndeachaigh Breivik faoi anáil ghluaiseacht idé-eolaíochta sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip atá ag cothú eagla i measc an phobail tríd an gcreideamh Ioslamach a chlúmhilleadh,” a dúirt Foxman, gan tagairt ar bith a dhéanamh d’fhoinse na gluaiseachta sin.

An ADL agus an AIPAC

Cé gur mhaígh an ADL sa phreaseisiúint gur thuairiscigh said go forleathan ar na scríbhneoirí seo, is cinnte nach ndearna said aon taighde ar a gcuid foinse cistiúcháin riamh. Le trí bliana anuas, fuair duine acu darb ainm Robert Spencer, ar leis an suíomh Gréasáin “Jihad Watch,” suas le $1 milliún ó Joyce Chernick. Iar-iontaobhaí is ea a fear chéile, Aubrey Chernick, de chuid an Washington Institute for Near East Policy, meitheal smaointe a bhunaigh AIPAC, an brúghrúpa a dhéanann stocaireacht ar Chomhdháil SAM ar son an rialtais Iosraelaigh. Suimiúil go leor, tá an ADL féin i measc an iliomad dreamanna Síónacha a fhaigheann maoiniú ó mhuintir Chernick.

Le cúpla bliain anuas, tá go leor preaseisiúintí agus tuairiscí eisithe ag an ADL i dtaobh eachtraí sceimhle “éan cuideáin” le teidil ar nós “White Supremacist Shooting at U.S. Holocaust Museum Shows Where Spread of Hatred Can Lead,” “John Patrick Bedell and the Lethal Lure of Conspiracy Theories,” agus “Arizona Shooter’s Online Footprint Shows Distrust Of Government, Interest In Conspiracy Theories.” De réir an ADL, agus go leor eile nach iad, teoiric chomhcheilge fhrithrialtais a ba chúis le sléacht Anders Behring Breivik chomh maith; mar atá, coincheap “Eurabia” (a chum an “staraí” Síónach Bat Ye’or) a mhaíonn go bhfuil na Moslamaigh ar tí an Eoraip a choilíniú trí inimirce, a bhuíochas sin do leithéidí Páirtí Lucht Oibre na hIorua de bheith ag comhoibriú leis an namhaid. Sa chomhthéacs seo, is meabhrúchán scanrúil iad na hionsaithe in Osló agus ar Oileán Utøya faoin gcontúirt a bhaineann le hantoisceachas a eascraíonn as dearcadh na comhcheilge.

In eagarfhocal sa Washington Post ar 30 Iúil, thug Foxman rabhadh do na léitheoirí go bhféadfadh “an idé-eolaíocht ghráiniúil” seo daoine eile a spreagadh chun gnímh foréigní amach seo. Mhol stiúrthóir an ADL, chun an chontúirt seo a sheachaint, gur chóir “díospóireacht mheasartha agus shibhialta” a chur in ionad “an polarú, an nimh sa chaint agus an eagla” atá á ghiniúint ag gníomhaithe frith-Ioslamacha. De réir Foxman, “We must rally the voices of reason to overcome the voices of intolerance before it is too late.”

Lucht Tacaíochta an ‘Leithscéil

Tá cuma réasúnta ar na focail sin, ar ndóigh, muna bhfuil eolas ag an léitheoir faoi chéard atá i gceist ag an ADL maidir le “díospóireacht mheasartha agus shibhialta.” Má fhéachann sé ar a suíomh gréasáin, áfach, tuigfidh sé gan mhoill gurb iad “guthanna na héadulaingthe” is mó atá siad ag iarraidh a shárú ná na “teoiricithe comhcheilge” nach gcreideann a gcuid leithscéalta ar son Iosrael. Dar leis an ADL, “botún” tubaisteach a bhí san ionsaí Iosraelach réamhbheartaithe ar an USS Liberty; “bréag mhór” is ea í an “stát Giúdach” a chur i gcomórtas le cinedheighilt na hAifrice Theas; agus níl sa taighde de chuid na n-ollúna Mearsheimer agus Walt i leith an bhrúghrúpa Iosraelaigh ach “ráiméis frith-Ghiúdach.”

Agus eolas ag méadú i gcónaí i measc na ndaoine maidir le coireanna na n-Iosraelach mar seo agus go leor eile nach iad, ní nach ionadh go bhfuil Abe Foxman buartha faoin “teacht ar idé-eolaíochtaí antoisceacha ar an idirlíon.” Tar éis an tsléachta san Iorua, áfach, beidh níos mó daoine ag ceapadh gur chóir smacht a chur ar chaint antoisceach sna meáin. Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.