AR NA SAOLTA SEO
Galar Guthaíochta agus Toghcháin le Briseadh Amach ó Thuaidh!
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá Robert McMillen ag leagan amach gur gairid eile go dtolgfaidh achan duine sa taobh ó thuaidh taom olltoghchánaíochta.

Íomhá
Peter Robinson, ar ais mar a bhí
Íomhá
Reg Empey, faiteach roimh Alliance, fáilteach roimh SDLP

Bhí mé ag an phictiúrlann oíche Luain na seachtaine seo, ní le blockbuster a fheiceáil ach le scannán drámatúil a rinneadh don BBC i 1989 a fheiceáil in athuair. Elephant an t-ainm a bhí air, Ba é Alan Clarke a stiúraigh é agus ba é Danny Boyle a léirigh, an fear céanna a rinne Slumdog Millionaire. Níl ceol nó caint sa scannán, níl ann ach léiriú ar 18 ndúnmharú, iad uilig chomh neamhiontach le turas chuig an siopa, nó fear ag glanadh an urláir ag linn snámha, nó fear ina shuí ina shiopa, ach go bhfuil an t-uafás ag an deireadh.

Agus sin mar a bhí sé le linn na dTrioblóidí. Maraíodh daoine ina bpampútaí, nó ag díol as artola, nó ag siúl fríd an pháirc. Léirigh Elephant go glé glinn chomh huafar ina shimplíocht is a bhí gach ceann acu. I ndiaidh na ndúnmharaithe, d’fhan an ceamara ag stánadh ar na marbháin.

Taispeánadh an scannán i seachtain ina bhfuil aird á díriú ar dhúnmharú eile i ré monacróm na 1970í luatha - fuadach, marú agus adhlacadh rúnda Jean McConville, baintreach a raibh 10 bpáistí aici. Tá an cás i mbéal na meán cumarsáide - níl a fhios agam an bhfuil sé i mbéal na ndaoine - cionn is gur foilsíodh leabhar Ed Moloney, Voices from the Grave, ina bhfuil agallamh le Brendan Hughes, iarchara Gerry Adams agus iarcheannaire de chuid an IRA. Maíonn Hughes, a fuair bás anuraidh, gur ordaigh Adams marú Jean McConville cionn is gur chreid sé gur “spíaire” a bhí inti. Deir Hughes fosta san agallamh a thug sé do thaighdeoirí i gColáiste Bhostúin go raibh lámh ag Adams i sléacht ‘Aoine na Fola’ mar a tugadh ar 21ú Iúil 1972 nuair a phléasc 22 bhuama i mBéal Feirste a mharaigh naonúir agus a ghortaigh 130 duine eile.

SF agus SDLP

Agus muid ag teannadh a fhad le holltoghchán Westminster (6ú Bealtaine, is dócha) an ndéanfaidh na líomhaintí seo dochar ar bith d’Adams agus do Shinn Féin?

An mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste sásta vóta a thabhairt d’fhear - más fíor do Brendan Hughes - a d’ordaigh bás mhná a raibh 10 bpáiste aici, beag beann ar na líomhaintí ina éadan?

Tá an brú ag méadú ar Uachtarán Shinn Fein agus daoine a rá nach ndearna sé go leor nuair a hinseadh dó go raibh a dheartháir, Liam, ag tabhairt drochíde ghnéis ar a iníon. Anuas ar sin, tá brú ag teacht ó dhaoine a chreideann nach bhfuil a dhath ar bith bainte amach ag Sinn Féin agus iad i gcomhrialtas leis an DUP. Sin ráite, is doiligh an dochar a thomhas. Tá an SDLP chomh leamh is a bhí sé ó tháinig Sinn Fein i gcomharbacht orthu mar an páirtí náisiúnaíoch is mó ó thuaidh, ainneoin go bhfuil ceannaire úr acu.

Cá rachadh vótoirí náisiúnaíocha nó poblachtacha a bheadh ag iarraidh agóid a dhéanamh in éadan Shinn Féin?

DUP agus TUV

Cúpla bliain ó shin agus bheadh an DUP ar tí pléascadh ar chluinstin thráchtaireacht Brendan Hughes ar na blianta b’fhuiltí de na Trioblóidí dóibh, ach ní mar sin atá anois. Cé a chreidfeadh go mbeadh an DUP agus Peter Robinson ar ais ar a seanléim i ndiaidh Irisgate? Tá Peter cóir chomh sotalach, uaibhreach is a bhí sé riamh. Sin ráite, is cinnte go ndéanfaidh na vótóirí is Críostúla agóid éigin in éadan an pháirtí mar gheall ar iompar Iris, ar scannal na gcostas, ar an chaidreamh úr idir an DUP agus Sinn Féin. Ach arís, cá rachadh vótóirí bunchreidmheacha an DUP? Chuig an TUV? Achan seans agus tá an DUP imníoch faoin dochar a dtig le Jim Allister a dhéanamh dóibh agus é DUPiores DUPis ipsis (más ceadmhach a Laidiniú), nó níos DUPaí ná an DUP féin.

UUP agus Alliance

Scéal cinnte nach rachaidh siad chuig an UUP, páirtí atá ina staicín áiféise anois mar thoradh ar an seasamh a ghlac siad ar aistriú chumhachtaí póilíneachta agus cirt, ar an nasc atá acu - nó nach bhfuil acu - le Páirtí Coimeádach na “tíre móire”. Dúirt ceannaire an pháirtí, Sir Reg Empey, ar na mallaibh nach dtiocfadh lena pháirtí vóta a chaitheamh ar son David Ford de chuid Pháirtí an Alliance d’Aireacht Cirt san Fheidhmeannas cionn is nach “aontachtach” atá ann, ach go raibh sé ag dul a thabhairt tacaíochta do Alban Maginness ón SDLP! Anuas ar sin, tá an t-aon MP a bhí acu i Westminster, Lady Sylvia Herman, i ndiaidh an páirtí a fhágáil de dheasca an nasc idir é agus páirtí David Cameron agus tá ball sinsearach eile den pháirtí, Alan McFarland i ndiaidh imeacht. Beidh sé thar a bheith suimiúil mar sin a fháil amach cén éiric a ghearrfaidh na vótóirí ar na páirtithe móra agus cén leas a bhainfidh leithéidí an UUP, an SDLP agus an Alliance as.

fiabhras olltoghchánaíochta réidh le briseadh amach ó thuaidh!

Naisc: SF http://www.youtube.com/watch?v=tQu2p0IjD-ASDLP http://www.youtube.com/watch?v=2uQcyrkUifYDUP http://www.youtube.com/watch?v=NyNvSSg68TUV http://www.youtube.com/watch?v=gQaMqh-lh3k&feature=relatedUUP http://www.youtube.com/watch?v=gPmed2tFSiQAlliance http://www.youtube.com/watch?v=VeXAULlR4

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.