CAINT AN tSRÁIDBHAILE
‘Gaeltacht’ nua an 21ú haois

Tá an Ghaeilge faoi bhrú an-mhór sna Gaeltachtaí go léir ach tá an teanga ag scaipeadh ar fud an domhain ag an am chéanna, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua go háirithe.

Íomhá
Íomhá

Cén bhrí atá leis an choincheap “An Ghaeltacht” do dhaoine ag tús an 21ú haois?

Smaoiníonn daoine áirithe ar an Ghaeltacht ina raibh na scéalaithe agus na hamhránaithe ina suí thart cois tine agus iad ag airneál go maidin. Tá an Ghaeltacht sin imithe uainn go deo.

Smaoiníonn daoine eile ar cheantar geografach ina bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil á labhairt go laethúil ag daoine gan stró, i siopaí, i scoileanna, i séipéil agus i dtithe tábhairne. Ceantar ar foinse na teanga é, ina bhfuil idir óg agus aosta ábalta iad féin a chur in iúl gan rian ar bith den Bhéarla ar a gcuid cainte. Tá an Ghaeltacht sin imithe uainn fosta.

Tá daoine eile ann a bhfuil íomhá an-rómansúil den Ghaeltacht ina n-intinn: áit a bhfuil teanga bhinn na nGael beo beathach, ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí agus nach bhfuil cead ag éinne bogadh isteach ann nó cónaí ansin ach iad siúd atá dílis don Ghaeilge agus a chaitheann an fáinne óir. Is cinnte nach bhfuil a leithéid de Ghaeltacht ann.

Cad é atá againn i ndáiríre, mar sin, ó thaobh lucht labhartha na Gaeilge de, ag tús an 21ú haois?

Pobail scaipthe ina labhraíonn timpeall tríocha faoin chéad den daonra an Ghaeilge ar bhonn laethúil.

Pobail eile timpeall na tíre ina bhfuil céadatán áirithe daoine a labhraíonn an Ghaeilge agus a chuireann a gcuid páistí chuig Gaelscoileanna.

Daoine aonair ar fud na tíre ar bhreá leo an deis a bheith acu an Ghaeilge a labhairt go leanúnach ach nach bhfaigheann an deis sin rómhinic.

Daoine eile a bhfuil cónaí orthu i dtíortha éagsúla ar fud an domhain (ar daoine de shliocht Éireannach cuid acu agus ar dream an chuid eile nach bhfuil aon cheangal acu le hÉirinn) a dhéanann gach iarracht an teanga a shealbhú agus a úsáid chomh minic agus is féidir leo.

Tá “pobal” na Gaeilge níos ilghnéithí ná mar bhí riamh, mar sin. An é gur cheart dúinn seanmhúnla na Gaeltachta a chaitheamh uainn agus saothar níos mó a chaitheamh leis an teanga sa Ghalltacht agus i gcodanna éagsúla den domhan? Ar cheart dúinn ar a laghad cuid de na hacmhainní atá á gcaitheamh ar an Ghaeltacht “thraidisiúnta” faoi láthair a chaitheamh ar na grúpaí agus ar na daoine aonair i ngach cearn den domhan, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, a úsáideann gach uirlis chaidrimh agus chumarsáide, go háirithe an t-idirlíon agus an ríomhphost, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh?

Tá “pobal” nua Gaeilge tagtha chun cinn! Tá “Gaeltacht” dhomhanda gan teorainneacha geografacha á cruthú. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid ár ndícheall í a chothú, go háirithe i bhfianaise mheath na nGaeltachtaí mar a bhí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.