CÚINNE NA nEALAÍON
Gadaíocht le lámh oilte
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

D’éirigh le John Drewe agus John Myatt bob ollmhór a bhualadh ar shaol na healaíne i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí. Ach anois, táthar i mbun léiriúcháin ar scannán a bheidh bunaithe ar scéal na beirte míchlúití, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Pictiúr bréagach a chruthaigh John Myatt, bunaithe ar shaothar Picasso, The Guitar Player
Íomhá
An iris aorach Private Eye: d'fhógair Myatt go raibh pictiúir bhréagacha á ndíol aige san fhoilseachán seo
Íomhá
John Myatt: deir go raibh an t-ádh air tar éis an príosún a fhágáil

Baineadh preab uafásach as saol na healaíne nuair a tháinig chun solais go raibh na caimiléirí ealaíne John Drewe agus John Myatt i ndiaidh na milliúin punt a dhéanamh as dallamullóg a chur ar thithe móra ceantála ar fud an domhain. Gearradh téarmaí príosúnachta ar an bheirt acu: ar Myatt, a d’admhaigh go raibh ciontach ón chéad , agus ar Drewe, a shéanann go fóill go bhfuil aon choir déanta aige.

Scéal lán de ghliceas agus de chluanaireacht atá ann, ina léirítear John Drewe ( John Cockett mar a baisteadh é) hamháin mar bhrionnóir sároilte, ach mar bhréagadóir den chéad scoth chomh maith. D’éirigh leis é féin a athchruthú as an nua arís agus arís eile agus chaith le daoine go míthrócaireach lena spriocanna saibhris a bhaint amach.

Ón a ciontaíodh an bheirt agus a tháinig a scéal míchlúilteach os comhair an phobail, chuaigh scríbhneoirí agus déantóirí scannán in iomaíocht lena chéile leis na cearta foilsithe a cheannach agus scéal na beirte a insint. D’éirigh leis na scriptscríbhneoirí Ian Clement agus Dick La Frenais, fir a bhfuil na sraitheanna teilifíse Lovejoy agus Porridge *scríofa *acu, an conradh a fháil. Is cosúil go mbeidh scéal Myatt agus Drewe le feiceáil i bpictiúrlanna áitiúla sul i bhfad agus beidh George Clooney agus Clive Owen á léiriú.

An bob a buaileadh ar shaol na healaíneCuireadh céad síol na caimiléireachta i dtosach sa bhliain 1985 nuair a chuir Myatt, a bhí ag streachailt le go leor fadhbanna ina shaol pearsanta agus é ag iarraidh a pháistí a thógáil ina aonar, fógra san iris aorach Private Eye. Bhí "genuine fakes", mar a thug orthu, ón 19ú agus 20ú haois á dtairiscint aige. Bhí siad ar díol ar chostas £150 agus os a chionn. Chuaigh Drewe i dteagmháil leis ag ligean air gur fisiceoir núicléach a bhí ann ag cuardach pictiúr theach. Tamall ina dhiaidh sin, tháinig Drewe ar ais chuig Myatt ag gur cheannaigh Christies a shaothar ar £25,000. Shíl siad gur saothar seanmháistir a bhí ann. Ón am sin ar aghaidh, bhí caidreamh luachmhar idir an bheirt acu.

D’éirigh le Drewe cur ina luí ar a chomhchealgaire Myatt saothair de chuid na n-ealaíontóirí is a bhfuil aithne orthu sa domhan a chóipeáil. I measc na n-ealaíontóirí a ndearnadh cóipeáil ar a saothair bhí Marc Chagall, Paul Klee agus Henri Matisse. Agus iad péinteáilte aige, chuimlíodh salachar agus smúit ó fholúsghlantóir díobh le cuma na haoise a chur orthu. Dhéanadh Drewe teastais agus sonraisc bhréagacha le cur le gach saothar chun iad a "fhíorú". D’úsáideadh ainmneacha daoine marbha cairde chuid féin orthu sa dóigh is nach mbeadh ceisteanna le freagairt aige. Bhí Drewe chomh maith sin ag cur dallamullóg ar dhaoine gur éirigh leis fáil isteach chuig cartlann na hiarsmalainne Victoria agus Albert, agus cartlann na hiarsmalainne Tate, le tuairiscí bréagacha ar a gcuid pictiúr a chur isteach i measc na gceann dlisteanach. raibh amhras ar dhaoine faoina ndeimhniú bharr sin.

raibh riamh aon dabht ach go raibh an bheirt acu rannpháirteach sa chaimiléireacht seo, ach ba í sárintleacht chalaoiseach Myatt a bhí taobh thiar den chomhcheilg.

Rugadh é in Sussex sa bhliain 1948 agus, de réir cara óna óige, bhí tugtha do scéalta a insint, fiú agus é in aois scoile. D’fhág an scoil nuair a bhí 17 mbliana agus d’athraigh a ainm go Drewe. Mhaígh go raibh PhD aige san fhisic agus fuair post ag obair leis an British Atomic Energy Authority ar feadh cúpla bliain go dtí gur nochtadh gur cáilíocht bhréagach a bhí inti. Chaith cúig bliana déag ina dhiaidh sin gan aon trácht oifigiúil a bheith déanta air sna taifid chánacha fostaíochta. Dúirt féin go ndeachaigh go Páras le bheith páirteach in agóid na mac léinn sna seascaidí agus ansin gur chaith am in Ollscoil Kiel sa Ghearmáin ag déanamh staidéir ar an fhisic sular bhog ar ais chun na Breataine le post a ghlacadh in Ollscoil Sussex. Ach níl tásc tuairisc air in aon cheann de na hollscoileanna.

Deireadh an bhóthairTháinig deireadh leis an saol bréige seo nuair a sceith iarbhean Drewe, Bat-Sheva Goudsmid, a rún. D’inis do na póilíní go raibh cáipéisí inchoiritheacha aige ina theach. Ach chloígh Drewe leis an scéal go raibh neamhchiontach agus go raibh ceap milleáin á dhéanamh as chun gníomhaíochtaí rialtais, a raibh baint acu le trádáil idirnáisiúnta arm, a chosaint agus a choinneáil faoi cheilt.

Deir Myatt nach bhfuil sa mhéid sin ach seafóid. Maidir leis féin, deir go raibh an t-ádh air ón uair gur fhág se an príosún.“ daoine ag teacht chugamsa ag iarraidh pictiúir a cheannach uaim agus ag éirí liom teacht i dtír ar an choir as ar ciontaíodh . Príomhghiúróir an ghiúiré a ghearr an téarma príosúnachta orm, fíu amháin - tháinig seisean chugam le pictiúr a cheannach uaim!”

I ndeireadh na dála, b’fhéidir nach léiriú é an scéal seo ar ghliceas beirt rógairí, ach léiriú ar chomh réidh - deirim toilteanach - is atá saol na healaíne le déileáil leo siúd a d’imreodh feall orthu.

Beidh scannán La Frenais agus Clement suite i Londain agus deirtear go mbeidh cosúlachtaí móra idir an scannán sin agus na scannáin cháiliúla The Thomas Crown Affair agus Dirty Rotten Scoundrels. Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.