CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Frank Harte, 1933 – 2005
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Bhí aithne ag Antaine Ó Faracháin le fada ar an amhránaí Frank Harte as Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath a fuair bás ag deireadh na míosa seo caite.

“Thou shalt live then,” she cried, “heaven’s mercy relieving, Each anguishing wound shall forbid me to mourn.” “Oh no,” then he cried, “for my life is fast fading, And no light of the morn shall to Henry return. Thou charmer of life ever tender and true, Take my love to my babes who do wait me afar.” Then his faltering tongue could scarce bid her adieu when He died in her arms her poor wounded hussar.

Sin é an véarsa deireanach den amhrán “The Wounded Hussar”, a chum Thomas Campbell, amhrán a fuair mé ó mo chara Frank Harte, amhránaí traidisiúnta cáiliúil Bhaile Átha Cliath a d’imigh ar shlí na fírinne ar an 27 Meitheamh. B’amhránaí den chéad scoth é Frank agus bhí stór millteach amhrán aige. Chuir an méid amhrán a bhí aige iontas orm i gcónaí. Aon uair a bhuailteá leis bheadh ceann eile fós aige nach raibh cloiste agat riamh roimhe. Agus amhráin de gach saghas a bhí aige freisin, idir amhráin mhóra dheacra agus amhráin bheaga éadroma. D’fhoghlaim mé “The Maid from Cabra West” agus “The Charladies Ball” uaidh freisin, agus tá tuilleadh ar mo liosta le foghlaim fós agam a chuala mé ag Frank, mar bhí scoth na n-amhrán aige.

Cé go raibh cáil bainte amach ag Frank choinnigh sé a chosa le talamh i gcónaí. Níor thréig sé riamh a dhúchas féin agus thaispeáin sé don tír ar fad, agus don domhan mór go deimhin, go bhfuil traidisiún saibhir amhránaíochta i mBaile Átha Cliath. Bhí sé dílis dó sin i gcónaí agus beidh muide, amhránaithe Bhaile Átha Cliath go speisialta, buíoch de go deo as an méid sin.

Ach bhí rud eile fós ag Frank seachas an stór mór amhrán agus an dílseacht don dúchas. Bhí dúil ollmhór aige sna hamhráin féin agus i gcomhluadar na amhránaíochta. Bhí meas aige ar amhránaithe eile. Cé go raibh clú agus cáil bainte amach aige mar amhránaí i mBéarla d’fhreastail sé ar cheardlanna amhránaíochta ag Sean-nós Cois Life le cur lena stór amhrán i nGaeilge.

Níor stop sé riamh de bheith ag foghlaim amhrán agus bhí sé riamh anall sásta iad a roinnt go flaithiúil le hamhránaithe eile. Ní fios cé mhéad amhránaí a tháinig faoina anáil. Ba eisean an tslat tomhais a bhí agam riamh i gcás aon amhrán a bhain le Napoleon. B’aigesean a bhí na leaganacha ab fhearr díobh. D’eisigh sé an t-uafás ar cheirníní thar na blianta agus bhí eolas cuimsitheach aige. Ach cé gur chuir sé iontas orainn go minic leis an méid eolais a bhí aige ba dhuine dár gcuid féin é Frank i gcónaí.

Aon uair a chloisinn é ag tosaí ag gabháil fhoinn phreabfadh mo chluasa in airde le n-éisteacht leis agus stopfadh gach rud eile dom. Mothóidh mé uaim an méid sin. Agus mothóidh amhránaithe traidisiúnta Bhaile Átha Cliath agus na tíre uathu go mór é.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal Gaelach.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.