CÚINNE NA nEALAÍON
Fonn le fonn is fonn le mífhonn
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Ríomhann Colm Ó Snodaigh saol an cheoil agus saol na híomhá dúinn as an mbaile taistil aige féin: suíochán aerfoirt mar a bhfuil teacht aige ar dheoch aduain in ainm caife

Íomhá
Britney Spears
Íomhá
Paul agus Linda
Íomhá
Boyzone

“Tá áthas ar Ryanair a chur in iúl do phaisinéirí go bhfuil eitilt Ryanair FR214, réidh le bordáil ag geata D49........” Tá gach fógra san aerfort ar eolas de glanmheabhair agam. Droch-chomhartha. An iomarca taistil atá ar siúl agam faoi láthair. Leaba dhifriúil gach oíche. Ní furasta coincheap an bhaile a thuiscint a thuilleadh. Ceist - Cad is baile ann? Freagra - Ryanair, aerfoirt, garáistí agus bóithre! Scinc chaife in gach ceann acu - dá mbeadh áit sosa ar nós an West Coast Coffee ar Shráid Camden sna haerfoirt, bheinn sásta – anois, níos sásta! Ach sin é an saol a ghlac mé chugam féin. Ghlac mé na cinní seo uilig go lánchoinsiasach. Bhreathnaíos go cúramach ar mo shaol agus bheartaigh chomh beacht agus ab fhéidir liom ag an am. Agus más gá dom aon athrú eile a dhéanamh, breathnóidh mé sa scáthán arís (ceann difriúil, dar ndóigh!) agus déanfaidh mé cinneadh eile. Más gá!

Ar shuí san aerfort dom, bhíos ag léamh alt le Brian Boyd, ar chúl forlíonadh ‘ealaíne’ an Irish Times Dé hAoine. Mhaígh sé go ndúirt an Dr. Dre go mbeadh sé ábalta ‘réaltóg cheoil’ a dhéanamh d’éinne, ar neamhchead do bhinneas a bheith ann nó as. Toisc bogearra taifeadta, ar a nglaotar ‘auto-tune’, a bhí an méid sin á rá aige. Tá a leithéid de bhogearra ann anois agus is cinnte go mbíonn éifeacht an bhogearra chéana le cloisteáil (nó ní bhíonn le cloisteáil ar chor ar bith, uaireanta) ar an-chuid den cheol a thagann chugainn as an raidió. Ba é an sampla a tugadh san alt, Britney Spears ag canadh beo. Nuair a ‘chanann’ sí beo, is iondúil gur taifead den amhrán a chloisfeas an lucht féachana agus nach é a guth beo. Tá an giota (féach an nasc thíos) ar You Tube greannmhar caithfidh mé a rá, ach bheadh sé deacair ar éinne canadh agus iad ag damhsa thart ar nós an diabhail!

Tá nasc eile ann leis na blianta de ghuth Linda Eastman (bean chéile Paul McCartney). Deirtear nach raibh nóta dá laghad ina ceann. Tá seo beagán cruálach mar go mion minic, bíonn na hardáin chomh glórach sin gur deacair aon ní a chloisteáíl agus go minic bheadh deacracht ag Pavarotti féin fanacht i dtiúin. Muintir stáitse cruálach a rinne an taifeadadh sin agus bhíodar á sheachadadh i measc lucht stáitse eile le blianta. Le theacht You Tube dar ndóigh, is deacair aon ní a choinneáil faoi rún. Ach is cinnte nach aon Nina Simone duine ar bith acu! Agus ’sé an ní is fearr, b’fhéidir, ná nár chas Boyzone aon nóta ceoil ar an ardán le blianta blianta fada. Nílim cinnte an bhfuil an scéal mar a gcéanna go fóill, ach is ar téip amháin a bhíodh an ‘ceol’ acu ar dtús. Bhí aithne agam ar an gcéad fhear fuaime a bhí acu. Seó damhsa a bhí ann a dúirt sé, le corrabairt ó na leads faoina sásta ‘s a bhídís a bheith i gCORA DROMA RÚISC!! Bhuaileas leis an léiritheoir stiúdió a bhíodh acu níos déanaí - Chris O’Brien. Dúirt sé liom gur tharraing sé amhráin le chéile as faic go mion minic - bheadh gíoscán troitheán meirgeach níos fearr ná roinnt den ‘amhránaíocht’ a tugadh dó! Irisí, grianghraif agus damhsa amháin a bhí acu a dúírt sé liom. - córaghrafaíocht íomhá agus stáitse gan aon ní sa cheol ach drochamhránaíocht agus snas curtha uirthi le ardscil léiritheora. Agus ní as saol an cheoil plaistigh amháin atá na scéalta seo le cloisint. An chéad uair a tháinig an bogearra úd isteach i stiúdeó, Lána an Mhuilinn i Rinn na Séad, bhí cara liom ag obair ann agus bhí sé ag obair le Van Morrison. Tar éis dó roinnt a chanadh, d’fhág Morrison ach choinnigh mo chara air ag obair. Ní raibh canadh Morrison thar moladh beirte agus rinne sé ar taifeadaíodh a ‘dheisiú’, lenár seanchara auto-tune. An mhaidin dar gcionn, nuair a chuala Morrison a chuid amhránaíochta, níor thug sé aon ní faoi deara agus níos fearr fós, cheap sé gurbh é an chuid ab fhearr dar chan sé le blianta. Is uirlis stiúdeó é atá an-úsáideach go deo. Má bhíonn an bunchanadh, nó seinnt, go hiontach, agus gan ach fadhb bheag amháin ann, is féidir leis a bheith an-úsáideach. Tá sé úsáidte go minic agam. Agus d’fhéadfainn nóta nó dhó a thaispeáint daoibh ar bhreá liom a chur tríd an bpróiséas dá mbeadh an seans agam. Ach sin galar na dúile atá orm! Is é an ní is tábhachtaí le ceol, ná an bunchur i láthair agus má bhíonn roinnt de as tiúin, ar ndóigh, tá, beidh sé as tiúin, agus níl aon dul thairis! Ní thugann an chluas faoi deara go mion minic, óir bíonn croí an duine, nó croí an cheoil, fíor agus dílis don amhrán nó don amhránaí. Tá fliúirse ‘botúin’ le cloisteáil ar gach taifead agus anois, d’fhéadfaí a rá gur ‘botún’ é úsáid nó mí-úsáid na mbogearraí a cheileann, nó a bhrúnn, an croí as an gceol, rud atá tarlaithe le blianta beaga anuas i gceol pop-phlaisteach.

Agus anois, mo chuid caife slogtha siar agam agus mé ag macnamh ar mo shaol, ritheann sé liom gur bhreá dá mbeadh auto tune ann don saol atá á chaitheamh agam. Ní éigin a dhéanfadh próiseáil orm, a thabharfadh faoiseamh éigin dom agus a dhéanfadh na cnapáin bheaga gharbha a shnasadh agus a dhíriú! Ach b’fhéidir le sin, go ndíbreofaí an croí as an saol.

Agus anois, mo chuid caife slogtha siar agam agus mé ag macnamh ar mo shaol, ritheann sé liom gur bhreá dá mbeadh auto tune ann don saol atá á chaitheamh agam. Ní éigin a dhéanfadh próiseáil orm, a thabharfadh faoiseamh éigin dom agus a dhéanfadh na cnapáin bheaga gharbha a shnasadh agus a dhíriú! Ach b’fhéidir le sin, go ndíbreofaí an croí as an saol.

http://uk.youtube.com/watch?v=3Ak1cpi74RMBritney Spearshttp://uk.youtube.com/watch?v=UoH9zPng0Linda McCartney

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.