Foirne Rugbaí agus an Fhéiniúlacht Ultach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Bhí Robert McMillen siúlach chuig cluiche rugbaí in Aviva le hUltaigh ilchineálacha agus ilbhratacha ar na mallaibh, agus tháinig sé abhaile uaidh meabhrach scéalach.

Ba é an chéad mhórshiúl Love Ulster a raibh mé riamh air an tseachtain seo caite. Ar ndóigh, níorbh é an t-imeacht a d’eagraigh Families Acting for Innocent Relatives atá i gceist agam ach turas na mílte Ultach a fhad leis an Staid Aviva i mBaile Átha Cliath do chluiche leathcheannais Chorn Heineken ina bhfuair foireann rugbaí Chúige Uladh an lámh in uachtar ar Dhùn Èideann le háit a ghnóthú i gcluiche ceannais an chomórtais in éadan Chuige Laighean i Twickenham. An díol is mó spéis faoin ócáid dom féin ná na bratacha a bhí ar foluain i measc an lucht féachana. Chonaic mé bratach Ulster Rugby ag daoine a raibh Virginia Rugby Club ar a gcótaí.

Bunaíodh an cumann rugbaí in 1977 sa bhaile a mbíodh Achadh an Iúir air i gContae an Chabháin ach a athbhaisteadh as Banríon Shasana Eilís I é le linn na bPlandálacha. Bíodh a fhios agat gur cluiche naoi gcontae atá ann, imrítear an cluiche sa trí chontae ‘caillte’ chomh maith. Chonaic mé bratach eile, bratach Thuaisceart Éireann nó Meirge Uladh mar a thugtar go hoifigiúil air. An rud is suimiúla faoin bhratach seo nó gur chaill sé a stádas oifigiúil in 1972 nuair a díscoireadh Stormont. Ní chreidim gur thuig lucht a iompair sin. Bunaithe ar bhrat Shasana agus ar bhrat Chuige Uladh, tá coróin i lár báire agus réalt sé-thaobhach, ceann amháin do gach contae sna Sé Chontae ach le 40 bliain, is Oisíní i ndiaidh na Féinne iad lucht leanúna Thuaisceart Éireann agus iad ag smaoineamh siar go dtí laethanta órga (ahem) Stormont. Go hoifigiúil, is é Bratach an Aontais bratach oifigiúil an stáit ó thuaidh agus fiú le feidhmeannas ag comhoibriú ag Stormont, níl an chuma ar an scéal go bhfeicfidh muid arís é ach iompraítear go fóill é.

Búrcaigh agus Uí Néill i gCroílár na Brataí

Lena ndílseacht a dhéanamh níos soiléire, bhí bratacha ag an Aviva a raibh meirge Uladh agus Bratach an Aontais i gcúinne amháin air, ar eagla go mbeadh dul amú ort. Ach, má tá lucht na Gaeilge ag iarraidh ar aontachtaithe an teanga a labhairt, seilbh a ghlacadh uirthi, tá náisiúnaithe na Sé Chontae ag glacadh leis an rugbaí go fonnmhar. Is minic peileadóirí Gaelacha ó thuaidh ag imirt an spóirt Ghallda seo go fonnmhar i rith an gheimhridh in áit iad a bheith á gcaitheamh amach as an Chumann Lúthchleas Gael cionn is go bhfaca spiairí an Chumainn iad ag imirt le liathróid ubhchruthach, gníomh a bhí in éadan Riail 27 go dtí 1971. Ní raibh mórán acu ann ach bhí roinnt bratacha Uladh ann, chomh maith, iad buí agus crois dhearg orthu - armas chlann de Búrca - agus lámh dearg Uí Néill ina lár.Thug mo chara iarraidh bratach a cheannach ó fhear a raibh na focail Ghaeilge air, Lámh Dearg Abú air. Ag cluiche rugbaí! Ní raibh an t-úinéir sásta é a dhíol. Deirtear gur cluiche d’fhir uaisle imeartha ag bithiúnaigh atá sa sacar agus gur cluiche é an rugbaí atá á imirt ag fir uaisle ach ainneoin go raibh na tithe tábhairne lán ó Stáisiún Uí Chonghaile go dtí an Aviva níor chuala mé focal nó amhrán seicteach a cheol. Dá mba foireann sacair na Sé Chontae a bhí ann, a mhalairt de scéal a bheadh ann.

I staid úr an Aviva, níor chualathas ach Stand Up for the Ulstermen - a bhí ag éirí rud beag leadránach ag dul isteach sa dara leath. Thug mé iarraidh Stand Up for the South Africans a cheol - in ómós do mhuintir na hAfraice Theas atá mar chnámh droma na foirne - ach ní raibh aiste ar na bric. An dúil trasphobail atá ag muintir Chúige Uladh sa rugbaí, an comhartha é go bhfuil ‘an dá phobal’ ag teacht le chéile, aontaithe ag cluiche a bhfuil ráchairt air ó na 1860í ar aghaidh ach a bhí ceangailte leis an Phrotastúnachas agus leis an Aontacht ar fheadh bhunús an ama sin? Ní hea. Bhíodh agus tá an mheánaicme Aontachtach i gcónaí sásta ídeolaíocht pholaitiúil a chur ar leataobh agus tacaíocht a thabhairt d’fhoireann na hÉireann sa rugbaí ach mar a dúirt fear amháin acu, “ní foireann náisiúnta í ach foireann a dhéanann ionadaíocht ar oileán na hÉireann ina bhfuil dhá stát.” Is cuma faoi na bratacha, mar sin, mairfidh an t-easaontas polaitiúil beag beann ar fhoirne rugbaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.