AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Focal i gcluas McCreepy
Balor Balor Balor

D’fhéach Balor le comhairle a chur ar an Aire Airgeadais, Charlie McCreepy, le déanaí.

Íomhá

Áááá, nár bhreá liomsa bronntanas Nollag a fháil ón Aire Rialtais sin a bhí chomh fial flaithiúil lena chairde ar chostas an Stáit: na heorna, brandaí agus todóga gan iarraidh, gan íoc. cinnte nach aon bhiotáille bhroghach bháite de chuid Jameson Paddy fiú Powers féin a bhí ann, ach fíor-bheathuisce Preispitéireach aduaidh as Bushmills, an cineál fuisce is fearr leis an chineál is fearr de dhaoine, Cathaoirleach Údarás na Galltachta as an chuntas! Ach, ar an drochuair, is dóiche a mhalairt nach bhfaighidh ach an gnáthdosaen cloigeann seanbhlastúil caorach arís i mbliana,” a cheasnaíonn Balor na Baothchainte. sásta a bhí leis na cinn a fuair anuraidh: é den bharúil láidir nach cloigne caorach a bhí iontu ar chor ar bith ach cloigne chomhairleoirí Fhianna Fáil, na cráiteacháin a léirigh míshástacht faoi roinnt de chuid gearrthacha Charlie McCreepy.

Ós ag caint dúinn ar an Aire íseal imearthach ársa sin McCreepy, fuair Balor na Súile Nimhe litir uaidh cúpla ó shin. Bhí an tAire Arrachtach Airgeadais ag iarraidh castáil ar Bhalor lena chomhairle a lorg faoin cháinaisnéis atá le réiteach aige go luath. Theastaigh uaidh déileáil mar ba chuí le gach aon aicme sa tír agus roinnt daoine aonair chomh maith. “Chuaigh chun cainte leis. Cuireadh chun dinnéir a thug dom agus casadh ar a chéile muid sa bhialann is ansa leis in Éirinn: TGI Friendly. I mbréagriocht a bhí TGIF ar an taobh ó thuaidh den Life. Is dócha nach nglacfaidh an slíbhín sleamhain slíoctha le mo chomhairle, agus is dócha faoin am a bheidh an liarlóg seo i gcló go mbeidh a fhios ag madaí an bhaile nár ghlac; ach bhéarfaidh cur síos achomaireach do mo chuid léitheoirí dílse ar an mhéid a mhol don bhithiúnach binbeach bladarach,” a deir Balor an Blaoscánach.

Mhol cúpla euro a chur ar leataobh leis an ráta cánach do scríbhneoirí Beo Ar Éigean a ísliú go 10%. ghlacfadh sin thar phraghas cúpla Big Mac. Mar a sheasann cúrsaí san am i láthair, caitheann na breacairí a gcuid ama ag iarraidh teacht ar bhealaí le nach n-íocfaidh siad an cháin ard agus dhéanann siad obair ar bith. Nuair nach mbeidh le híoc acu ach an cúpla pingin beidh i bhfad níos ama acu le seanchac a scríobh agus an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, a choinneáil chomh gnóthach sin agus nach mbeidh am aige an highlighter buí sin a chur ar ais isteach ina phóca tóna.

Mhol cúpla milliún euro a chomharthú choinne doirse úra a chur isteach i dtithe polaiteoirí: doirse caocha, gan boscaí litreacha ar bith, sa dóigh nach mbeidh féicheamhain ábalta seansonraisc a sheachadadh fríd na doirse agus muid i mbéal na Nollag. Agus ag caint ar dhoirse, mhol bealach oscailte dhoirse Theach na Dála a athrú ionas nachPull’ a bheas scríofa ar gach ceann acu - agus gan a bheith ag cur drochsmaointe isteach in intinní lofa bréana casa casta daoine áirithe a bhainfeadh an drochbhrí as an fhocal álainn Béarla sin.

raibh an tAire mí-aireach ach leath ag éisteacht liom, é i suan na muice bradaí agus é ag diúl blonag trína shéanas. Ag taibhreamh a bhí faoi na billiúin a bheadh le caitheamh arís aige de bharr na ngearrthacha siar a chuirfeadh i bhfeidhm i riocht réiteach agus feistithe, nuair a bhain mise siar as le mo chéad mholadh eile. ‘Is cóir gearradh siar ar an fhéilire, a dúirt leis agus mhínigh mo chuid cúiseanna leis an ráiteas: ‘Mura mbíonn ach seachtain i ngach coicís agus coicís i ngach , bheidh ach an ráithe sa bhliain: tabharfaidh muid earrach agus samhradh orthu agus bheidh daoine ag téamh a gcuid tithe; bheidh caiteachas na Nollag níos ann; bheidh na múinteoirí dod’ chrá beidh siad ar saoire níos leath na bliana; agus thar bhuntáiste ar bith eile: ar an bhliain seo chugainn, nuair a bheas mise tríocha trí bliain d’aois beidh bliana agus trí scór agus i dteideal dul amach ar an phinsean. bheidh orm mo chuid ama a chaitheamh ag sclábhaíocht do Beo Ar Éigean, ag cumadh truflaise agus seafóide agus drámhaíola agus traise agus cosamair (faigheann muid leath cent in aghaidh an fhocail) agus brocamais agus cacamais agus raiméise….

Ooooops! Seo chugainn an highlighter bradach buinneach buí sinSlán!”

*Is mian liom aird na léitheoirí a tharraingt ar eolas míchruinn san alt thuas: faigheann scríbhneoirí *Beo! dhá cent in aghaidh an fhocail, agus cent amháin mar a luaitear.

An tEagarthóir

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.