CÚINNE NA nEALAÍON
Focail Fhiáine
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Mheabhraigh cláir stair ear TG4 le déanaí do John-Paul Mc Carthy an cuntas a scríobh Conor Cruise O Brien ar chastacht scéal an Chongó sna 1960aidí.

Ní foláir nó gur ghríosaigh cláracha breátha TG4 mar gheall ar stair an Chongó an lucht féachana chun tabhairt an athuair fé sheanleabhar cáiliúil Conor Cruise O Brien ó 1962, To Katanga and back: A U.N. case history. Ba é seo ceann des na leabhair ba thábhachtaí dar scríobhadh mar gheall ar ionracas agus mhacántacht na Náisiún Aontaithe ón am ar cruthaíodh an eagraíocht sin i San Francisco tar éis an Dara Chogaidh Domhanda.

Nuair a rinne cúige amháin den Chongó, cúige saibhir Katanga, iarracht imeacht ó Phoblacht an Chongó, chuir na Náisiúin Aontaithe ina gcoinne go hoifigiúil ós rud é gurbh iarracht tobann neamheagraithe an feachtas sin an cúige a dhealú. Do thug Ard-Rúnaí Sualannach na Náisiún Aontaithe, Dag Hammarskjöld cuireadh do Chruise O Brien forálacha éagsúla na Náisiún Aontaithe a chur i gcrích go feidhmiúil in Katanga. Cheap O Brien agus taidhleoirí eile nár scoilt mhídhleathach iarracht Katanga stádas poblachta neamhspleách a chur uirthi féin, agus d’fhéadfadh sé orduithe agus rúin éagsúla ó Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac a bhéimniú d’fhonn an mhídhleathacht sin a mhíniú. Gan trácht fiú ar ráiteas cáiliúil Oliver Wendell Holmes gurbh ionann focal ann le “the skin of a living thought”, níor shásaigh dearbhuithe oifigiúla an Choiste Slándála gach éinne.

Tadhall le Naimhde

Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: “the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language. This confidence is unfortunately contagious.” Ba léir do Chruise O’Brien gur bhagair na Náisiún Aontaithe go n-úsáidfí foréigean in Katanga dá mba ghá chun deireadh a chur leis an éirí amach ann agus chun ionracas fisiciúil Phoblacht an Chongó a athbhunú. Naimhde fíochmhara do Hammarskjöld agus d’fheachtas O Brien ab iad an Bhreatain agus an Bheilg áfach. D’iompair rialtais éagsúla na Beilge iad féin cosúil leis na cumhachtaí impriúlacha mór le rá in úrscéalta Joseph Conrad sa chéad seo a d’imigh tharainn, ach go háirithe ina scéal cáiliúil fé bhrúidiúlacht na nEorpach san Aifric fhiáin, The Heart of Darkness. Theastaigh ón mBeilg rachmas mianrach Katanga a dhíleá, ach b’fhuraist an rud é sin a dhéanamh dá gcoinneodh an cúige sin a stádas neamhspleách mar phoblacht nua. Más ea, ba léir do Chruise O Brien agus dá chomhghleacaithe a luaithe is a bhaineadar Katanga amach go raibh Rialtas na Beilge tar éis “comhairleoirí” neamhoifigiúla Beilgeacha a sheoladh go dtí an cúige, comhairleoirí dar eagraigh iad féin i riocht gendarmerie. Dúchrónaigh Beilgeacha ab ea iad siúd dar le Cruise O Brien agus d’úsáid sé dearbhuithe na Náisiún Aontaithe chun a bhformhór a dhíbirt.

Sula bhfad, d’úsáid Rialtas Harold Macmillan na díbirtí casta seo chun caitheamh anuas go borb ar mhacántacht Chruise O Brien. B’eisean, dar leo, an duine a chur isteach go tubaisteach ar na comhdhálacha príobháideacha a bhí ar siúl i gcónaí idir ceannaire Katanga, Moise Tshombe agus ceannairí an Rialtais Lárnaigh sa Chongó. Murach an tarbh neamhoilte Éireannach seo, a dúradh, d’fhéadfaí gach fadhb a réiteach gan foréigean agus achrann.

Faoi Choim na Gaeilge

Scríobhadh Cruise O Brien abhaile gach seachtain dá bhean chéile, Máire Mhac an tSaoi, agus b’éigean dó a chuid litreacha a bhreacadh as Gaeilge ionas ná féadfadh cinsirí áitiúla cur isteach orthu. Insna litreacha sin, rinne sé cur síos ealaíonta ar chaimiléireacht impriúlach na mBeilgeach agus na mBriotanach, agus ar na laigeachtaí ilghnéitheacha polaitiúla a chur srian ar shaoirse Hammarskjöld scaradh de jure Katanga a sheachaint de réir ráitis oifigiúla an Choiste Slándála.

Agus leathscéil, agus fiú cumha, Chruise O Brien á dhíleá sa leabhar seo, is deacair gan nasc a dhéanamh le staidéar cáiliúil Frank Pakenham ar an gConradh Angla-Éireannach i 1921, Peace by Ordeal. Iniúchadh é an leabhar sin ar laigeachtaí focal iontu féin mar áiseanna taidhleoireachta. Léigh Cruise O Brien téacsanna údarásacha na Náisiún Aontaithe agus bhain sé teachtaireacht ar leith astu, gan aon fhoréigean a dhéanamh ar na téacsanna céanna. Bhain costas ard gairmiúil agus pearsanta fiú leis an léitheoireacht sin. Do tharla an rud céanna don Choileánach agus d’Art Ó Gríoftha i 1921. Tugadh cead oifigiúil scríte dóibh a ndícheall a dhéanamh agus iad ag plé le Lloyd George. Chuir deValera cogar ina gcluasa sular fhág siad Éire áfach gan aon rud tromchúiseach a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis i dtús báire.

Mar a deir beirt chorpán i gCré na Cille de chuid Mháirtín Uí Chadhain, cheap na ridirí taidhleoireachta gur “lánchumhachtóirí” iad, ach cheap daoine eile go “ndeachaigh siad thar a n-údaráis” nuair a shíníodar an conradh céanna. Thit Cruise O Brien isteach sa dol ceannann céanna in Katanga agus nuair a thit, bhí an-chuid daoine mórthimpeall air chun a chliseadh a cheiliúradh. Ba é Príomh-Aire na hInde, Pandit Nehru, an t-aon státaire sinsearach amháin a bhí sásta é a chosaint go poiblí.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.