CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Fleadh Cheoil na hÉireann - seasamh na dtréan!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Táthar ag súil le breis is 200,000 duine ag Fleadh Cheoil na hÉireann, a bheas ar siúl i Lios Tuathail Contae Chiarraí arís i mbliana, idir 23-25 Lúnasa. Tá comhairle ag Antaine Ó Faracháin don té a bheadh ag beartú dul chuig an bhFleadh.

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ag tarlú i Lios Tuathail arís i mbliana, rud a chuirfidh gliondar ar chroí go leor ceoltóirí. Is iomaí ceoltóir a dúirt liom nach bhfuil a sárú d’áit le fáil lena haghaidh. Caithfidh go bhfuil rud ar leith ag baint leis an áit seo ceart go leor mar bhí an Fhleadh anseo trí huaire déag cheana féin!

Siamsaíocht gan stad a bhíonn i gceist i bhFleadh Cheoil na hÉireann le céilithe, ceolchoirmeacha, seisiúin agus siamsaíocht sráide ar fud na háite. Glacfaidh os cionn 4,000 ceoltóir páirt sna comórtaisí, ceaptar go mbeidh os cionn 10,000 ceoltóir ag freastal ar an bhFleadh agus os cionn 200,000 duine ag triall ar an mbaile!

Ní haon iontas mar sin go mbíonn daoine ag gearán go mbíonn an iomarca de shlua i láthair agus go gcruthaíonn sé sin deacrachtaí do na ceoltóirí seisiúin mhaithe a bhaint amach i gcompord. Tá sé fíor go dtagann go leor chuig an bhFleadh nach n-aithneodh port ó chornphíopa, ach is deas an rud é le rá go bhfuil slua macánta dílis a fhilleann ar ais bliain i ndiaidh bliana de bharr na dúile láidre atá acu sa cheol agus an meas atá acu ar na ceoltóirí. Cuid thar a bheith tábachtach iad na héisteoirí dílse seo sa seisiún. Déarfaidh ceoltóirí leat go meallann daoine mar seo sa chomhluadar ceol maith astu.

Tá athruithe móra tar éis teacht ar an bhFleadh le blianta fada anuas, ar nós gach rud eile i saol na tíre seo. Is beag duine anois a lasann tine taobh amuigh den champa ar maidin agus a chuireann síos slam mór ispíní agus slisíní bagúin don bhricfeasta. (Faighim an boladh sin i ngaosán mo chuimhne go fóill.)

Ach caithfear a rá go mbíonn an spraoi ann i gcónaí. Is beag duine i ndáiríre a fhilleann abhaile míshásta. Thar rud ar bith eile is dóigh go dtugann an Fhleadh seans do cheoltóirí bualadh le cairde nach bhfeiceann siad aon am eile. Seanchairde agus cairde nua, an rud beo, an rud a chruthaíonn grúpa beag daoine eatarthu, an ghluaiseacht rúndiamhrach sin a tharlaíonn i seisiún nuair atá a bheatha féin aige, sin atá ag an bhFleadh. Agus sin é an fáth go bhfilleann daoine ar ais bliain i ndiaidh bliana.

Cúpla leid

Seachas na seisiúin cheoil sna tithe tábhairne agus na comórtaisí bíonn Gig Rig, Club na Fleidhe, Céilithe, Club Amhránaíochta, Seisiúin Scéalaíochta, etc. ar siúl agus, ar ndóigh, seisiúin sráide ar fud an bhaile.

Seasamh na dtréan” a bhíonn i gceist ag an bhFleadh. Seo cúpla leid duit mar sin chun cabhrú leat teacht tríd:

Beir leat an mála codlata, fiú má bhíonn leaba curtha in áirithe agat. Ní féidir a bheith 100% cinnte go mbeidh an leaba chéanna fós folamh faoin am go bhfilleann tú abhaile! Is féidir a bheith cinnte go mbeidh duine éigin ag srannadh in aice leat, áfach, mar sin beir leat na plugóidí cluaise! Beidh sé ag báisteach. Ach beir leat na spéaclóirí gréine ar aon chuma. Tá sé go deas iad a fhéiceáil ar dhaoine. Caith péire den bhríste sin gur féidir na cosa a bhaint de agus bríste gearr a dhéanamh de. Bíonn siad seo iontach compordach i dtithe tábhairne a bhíonn pacáilte agus róthe agus is maith le daoine a bheith ag breathnú ar chosa! Labhair go cneasta le daoine, fiú leis an duine sin sa choirnéal atá ag bualadh róthrom ar an mbodhrán a bhfuil an dearadh Ceilteach ar an gcraiceann! Agus más tú an duine sin, cuimhnigh go bhfuil do sheoladh againn! Léigh muid é ar an taobh istigh den bhodhrán nuair a bhí tú ag an mbeár. Déan socrú le do ghrá geal go bhfeicfidh tú arís í tar éis na Fleidhe. Muna bhfuil a leithéid agat, ná caith an deireadh seachtaine á lorg. Tá rudaí áirid sa saol seo atá níos tábhachtaí ná an grá! Agus rud amháin eile: Fan cúpla lá breise tar éis na Fleidhe. Is ansin a thosaíonn sí i ndáiríre!

Tuilleadh eolais:

Oifig na Fleidhe,Lios Tuathail, Contae Chiarraí, Éire. Teileafón: (068) 23036 / 23037 Faics: (068) 23090 Ríomhphost: fleadhlistowel@eircom.net; enquiries@comhaltas.com

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.