CÚINNE NA nEALAÍON
Filíocht Ghrá na Gaeilge
Caitríona Ní Chleirchín Caitríona Ní Chleirchín

Léirmheas le Caitríona Ní Chléircín: Filíocht Ghrá na Gaeilge Eag. Ciarán Mac Murchaidh.

Íomhá
Filíocht Ghrá na Gaeilge
Íomhá
Ceantar Úna Bháin, Co. Ros Comáin
Íomhá
Ceantar Chathail Bhuí
Íomhá
Caitlín Maude

Cnuasach de dhánta Gaeilge ar théama an ghrá mar aon le haistriúcháin i mBéarla atá sa

leabhar fíorealaíonta seo, curtha in eagar ag Ciarán Mac Murchaidh, maisithe ag Anna Nielsen agus foilsithe ag Cois Life. Cuimsíonn an díolaim seo traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón bhliain 800 go dtí an lá inniu. Is áis iontach é don scoláire litríochta nó don té ar spéis léi filíocht na Gaeilge. Tugann sé léargas ar phaisean agus ar chumhacht an ghrá. Pléann na dánta agus na hamhráin achan ghné den ghrá; aoibhneas an ghrá óig; greann agus suairceas, cumha, caoineadh agus croíbhriseadh; an dúil agus an grá gan fháil, grá rúnda agus grá searbh iompaithe ina fhuath.

An Chollaíocht

Grá collaí is mó atá i gceist sna véarsaí seo. ‘Is traidisún ársa é traidisiún an ghrá chollaí agus níor chóir go gcuirfeadh sé sin iontas ar bith orainn’ a deir Mac Murchaidh linn sa réamhrá. Feicimid mianta na colainne agus an dóigh ina bhfuil an grá corportha scríofa ar théacs na teanga féin. Chímid fosta cén áit imeallach a bhí ag na banfhilí sa traidisiún. Is léir go bhfuil a nguthanna ann ón tús áfach, bíodh sin Créide ag caoineadh Dínertach, Liadain ag caitheamh i ndiaidh Cuirthir nó Gráinne ag ceiliúradh a grá do Dhiarmaid.

Feictear éagsúlacht iontach maidir le cumas na bhfear grá a thabhairt agus a chur in iúl, má chuirimid an dán paiseanta ‘M’anam do sgar riomsa araoir’ le Muireadhach Albanach Ó Dálaigh(1220) a chaoineann a bhean mharbh go géar agus ‘Mairg adeir olc ris na mnáibh’ le Gearóid Iarla a bhfuil roinnt den bhanfhuath le brath air, dar le Mícheál Mac Craith. Deir Nuala Ní Dhomhnaill, ina Selected Essays(2005) gur traidisún thar a bheith frithbhaineann é tradisiún na filíochta Gaeilge. Tugaimid suntas do fhile gan ainm a cháineann paisean fisiciúil na mná in ‘Luaithe cú ná a cuideachta’. Dar leis go bhfuil a croí tirim agus crua le drúis; ‘aigne baoth na banamhail’.

Idir na blainta 1400 agus 1700, is iad na filí is mó a bhí ag scríobh ná Piaras Feiritéar, Maghnas Ó Domhnaill, Domhnaill Mac Cárthaigh, Seathrúin Céitinn, Pádraigín Haicéad agus Cearbhall Ó Dálaigh. Bhí Isibeul Ni Mhic Cailin agus Úna Ní Bhroin ag scríobh thart ar an tréimhse seo chomh maith. Bhain traidisiún an amour courtois leis an chuid is mó de na dánta a scríobhadh sa ré sin. Stíl ghalánta, ardnósach, shocair a bhain le foirmeáltacht na cúirte sa mheánaois a bhí ann, dar le Mac Murchaidh. Deir sé fosta gur ‘minic a bhíonn léiriú íorónta nó éadrom , searbhasachscigmhagúil iontu ar nádúr an ghrá agus ar mhianach an chaidrimh idir fir agus mná.’

Léargas ar an fhíorghrá a fhaighimid i ‘Cridhe lán do smuainthighthibh’ le Maghnas Ó Domhnaill agus é ag caoineadh bás a bhean chéile go croíbhriste. Dar leis, i ndán eile dá chuid gur galar é an grá, a chéasann an file. Deir Mac Murchaidh linn go raibh na dánta grá a bhain leis an tréimhse seo ‘scartha ó shaol an ghnáthphobail.’ A mhalairt ar fad atá i gceist le traidisiún na n-amhrán grá sa Ghaeilge. Dlúthchuid de shaol an phobail iad na hamhráin toisc gur filíocht de chuid an phobail féin atá i gceist leo. Déanann Mac Murchaidh tagairt do thuairim a nocht Breandán Breathnach sa saothar Irish Folksong and Music:

All moods and feelings are reflected in these songs, from the simple delight of the uncomplicated courtship to the numbed resignation following separation. Songs expressing grief at the loss of a lover or the bitter realization of betrayal (eg. Úna Bhán, Dónall Óg) attain an intensity of feeling and passionate sincerity that are irresistibly moving.

An tAmhrán

Áirítear ‘Úna Bhán’ ar mhóramhráin na Gaeilge is tá an briseadh croí le brath i ngach líne.

Cá bhfios cá háit a bhfuil an teorainn idir dán agus amhrán, ach is cinnte go mbriseann ‘Úna Bhán’ é, agus b’fhearr liom leagan níos faide de a fheiceáil anseo.

Sa tríú cuid den chnuasach seo a rianaíonn an tréimhse 1700-1900, tá dánta ó na filí as Oirialla, Cathal Buí Mac Giolla Gunna agus Peadar Ó Doirnín, agus ‘Máirín de Barra’, ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, ‘Dónall Óg’,agus ‘Sail Óg Rua’. Chanson de Jeune fille nó amhrán na mná óige é Dónall Óg? Dar le Mairín Nic Eoin, gur ‘léiriú fósúil ar mhianta pearsanta ban a fhaightear in amhráin ghrá na mná i dtraidisiún liteartha na Gaeilge. Is é an tréigean is comthéacs do na hamhráin, agus is tri cumhacht na mothúchán a léirítear bail na mná tréighte, agus impleachtaí a teagmhála leis an bhfear a thréig í. Is é an t-aiféala an mothúchán is láidre ina bhformhór’.

Saol na linne seo

Sa chuid deireanach den leabhar a phléann le 1900 ar aghaidh, tá dánta ó na nuafhilí, Máirtín Ó Díreáin, Máire Mhac an tSaoi, Caitlín Maude, Michael Hartnett, Gabriel Rosenstock, Michael Davitt, Liam Ó Muirthile, Nuala Ní Dhomhnaill, Rita Kelly,Cathal Ó Searcaigh, Louis de Paor, Colm Breatnach agus Gearóid Mac Lochlainn. Baineann scaoilteacht foirme agus ábhair le traidisiún na nuafhilíochta dár ndóigh agus feictear an oscailteacht i dtaobh cúrsaí grá iontu. Tarraingíonn Máire Mhac an tSaoi ar thraidisúin an-ársa i litriocht na Gaeilge áfach sna dánta fíorphaiseanta ‘An Seanghalar’ agus ‘A Fhir dár fhulaingeas’.

Ceiliúradh cumhachtach ar ghrá an leannáin atá i gceist leis na dánta ag Caitlín Maude, Nuala Ní Dhomhnaill, Cathal Ó Searcaigh agus Colm Breatnach. Is é an srian ar an ghrá a dhéanann níos paiseanta fós é in ‘Impí’ agus ‘Aimhréidh’ le Caitlín Maude. Nascann Ní Dhomhnaill, Ó Searcaigh agus Breathnach an grá le gnéithe den tírdhreach. Dán álainn is ea ‘Leaba Shíoda’ a bhfuil an ghné chollaí ag borradh aníos tríd agus a bhfuil débhríochas ag baint leis, nuair a chuireann Ní Dhomhnaill a leannán i gcomparáid le brídeog. Iompaíonn sí na stéireiótípeanna bun os cionn sa dan ‘Oileán’, scríofa ar áilleacht cholainn an fhir, murab ionann agus na mílte dán scríofa ar áilleacht na mná. Labhraíonn Cathal Ó Searcaigh ar an ghrá homaighnéasach in ‘Ceann Dubh Dilis’, bunaithe ar amhrán den ainm céanna. Samhlaíonn Breathnach an grá mar áit chinnte agus nascann sé le nádúr athraitheach an ghrá. ‘Baile is ea An Grá/ go ngabhann tú thairis ar do thuras..’

Bainfidh léitheoirí an-taithneamh as an chnuasach seo, toisc an réimse leathan dánta ann agus iad ag teacht le nóta mínithe, aistriúcháin agus réamhrá den scoth agus toisc muid ar fad a bheith beagáinín i ngrá leis an ghrá,mar a déarfá! Tá sárobair déanta ag Ciarán Mac Murchaidh anseo agus é ag cinntiú go mbeidh filíocht ghrá na Gaeilge ar fáil do réimse níos leithne léitheoirí a bhfuil grá acu don teanga.

Filíocht Ghrá na Gaeilge Eag. Ciarán Mac Murchaidh. Foilsithe: Cois Life 2008ISBN: 978-1-901176-86-5 (bog)ISBN: 978-1-901176-87-2 (crua)Leathanaigh: 283Léaráidí le Anna NielsenPraghas: €20 (bog)Praghas: €30 (crua)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.